Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó
EURES (EURopean Employment Services)
  • Alt nuachta
  • 7 Deireadh Fómhair 2025
  • An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
  • Am léitheoireachta: 5 nóiméad

Conas dul faoi agallamh agus tú fostaithe

Ní gá duit a bheith dífhostaithe chun do roghanna gairme a fhiosrú. Mar sin féin, tá roinnt rudaí nach mór smaoineamh orthu i dtaobh agallamh a dhéanamh agus tú i bpost cheana féin. 

How to interview while employed

B’fhéidir go bhfuil tú sona sásta i do phost nó b’fhéidir go bhfuil bealach amach á lorg agat as an bpost ina bhfuil tú faoi láthair. Cibé cás ina bhfuil tú, tá tú i dteideal a fháil amach cé na deiseanna eile atá agat – agus uaireanta moltar duit é sin a dhéanamh. B’fhéidir gur le teann fiosrachta atá tú ag breathnú thart. Tá tú leis an gcuideachta chéanna nó sa ról céanna ar feadh i bhfad, agus níl tú ag coinneáil suas le treochtaí an mhargaidh faoi láthair. Nó b’fhéidir go bhfuil fonn mór athraithe ort, toisc go mothaíonn tú nach bhfuil dul chun cinn a dhéanamh agat, go bhfuil tú cloíte ag an bpost, nó nach bhfuil spreagadh agat sa ról atá agat faoi láthair.

In aon chás, níor cheart go mothófá ciontach as dul faoi agallamh le cuideachta eile agus tú fostaithe cheana féin. Mar sin féin, ní mór duit cloí le roinnt ‘rialacha’ a chabhróidh leat na roghanna cearta a dhéanamh, an post atá agat faoi láthair a chosaint, agus dea-mheon a bheith ag fostóirí ionchasacha i do leith freisin. 

Bí cúramach maidir le rogha a dhéanamh

Má tá tú fostaithe cheana féin, tá buntáiste mór agat: tá rogha agat. Nuair nach mbíonn imní ort faoi theacht isteach a bheith agat, is féidir leat a bheith níos pointeáilte faoi na deiseanna a ndéanfaidh tú tuilleadh scrúdaithe orthu. Tóg d’am agus tú ag díriú ar na cuideachtaí agus ar na róil a bhraitheann tú a d’oirfeadh duitse agus bíodh a fhios agat nach gá duit freastal ar gach agallamh a dtugtar cuireadh duit chuige má chinneann tú nach bhfuil an deis ag teacht leis an bhfís mhór nó na spriocanna atá agat. 

Bí ionraic maidir leis an stádas fostaíochta atá agat faoi láthair

Ní gá duit a cheilt ar fhostóirí go bhfuil tú fostaithe cheana; is deimhin go bhfuil sé de cheart agat breathnú ar dheis eile, ach tabhairt faoi sin ar an gcaoi cheart. Mar sin féin, ní mór duit a bheith ullamh don cheist is cinnte a chuirfear ort: Cén fáth a bhfuil tú ag iarraidh an ról atá agat faoi láthair a fhágáil? Agus tú ag freagairt na ceiste sin, ní mór duit cothromaíocht a bhaint amach idir macántacht agus stuaim, rud a thugann chuig an gcéad phointe eile muid.

Ná déan beag is fiú choíche den fhostóir nó den phost atá agat faoi láthair

B’fhéidir go bhfuil tú míshásta sa ról atá agat faoi láthair ar chúiseanna éagsúla: ní thacaíonn an eagraíocht le do chuid riachtanas; tá fadhbanna tromchúiseacha cumarsáide idir tú féin agus do bhainisteoir agus/nó comhghleacaithe leat; braitheann tú nach bhfuil do dhúshlán á chur, go bhfuil an post leamh nó nach bhfuil tú in ann aige. Is cuma cén cás ina bhfuil tú, ná nocht do chroí don agallóir agus tú ag súil go mbeidh trua aige nó aici duit. Nuair a fhiafraítear díot cén fáth a bhfuil tú gníomhach ó thaobh post eile a lorg, is féidir leat an tairbhe a bhain tú as an ról atá agat faoi láthair a lua, agus a chur in iúl gur mian leat an deis a thapú chun cur leis an acmhainn atá ionat. Ar an mbealach sin, tá tú ag cur in iúl d’fhostóir ionchasach gur leis an gcúirtéis chéanna sin a chaithfidh tú leo má shocraíonn tú deis oibre eile a lorg amach anseo. 

Ná scaip an scéal go bhfuil post á chuardach agat

Ná luaigh do chuid iarrachtaí post nua a fháil san áit a bhfuil tú ag obair faoi láthair, fiú le comhghleacaithe a mheasann tú gur cairde leat iad. Má scaiptear an scéal faoina bhfuil ar bun agat ar bhealach ar bith, fiú más rud é nach d’aon ghnó é, d’fhéadfadh sé sin fadhbanna a chruthú idir tú féin agus do bhainisteoir nó do bhas. Agus do CV á sheoladh amach agat, déan é trí chainéil phríobháideacha.

Bí i láthair 

Tá sé tábhachtach gan ligean don chuardach poist cur isteach ar an obair atá ar bun agat faoi láthair. Sceidealaigh agallaimh lasmuigh d’uaireanta oibre agus tabhair faoin gcuardach post agus faoi na hiarratais ar phost sa tráthnóna nó ag an deireadh seachtaine. Agus tú fós fostaithe go hoifigiúil le fostóir áirithe, ná lig cáilíocht do chuid oibre le sruth agus coinnigh ort ag comhlíonadh do chuid dualgas ar an gcaighdeán céanna. 

Imeacht ar bhealach measúil

Ar deireadh, má chinneann tú tabhairt faoi ról nua, tabhair dóthain fógra don fhostóir atá agat faoi láthair, agus déan cinnte de gur le dea-thoil a scarfaidh sibh ó chéile.

An bhfuil deis nua á lorg agat chun dul chun cinn a dhéanamh i do ghairm? Lig do EURES tú a nascadh leis na milliúin post agus leis na mílte fostóirí ar fud na hEorpa.

 

Naisc ghaolmhara:

EURES – Rudaí le smaoineamh orthu agus athrú gairme á dhéanamh agat

Léigh tuilleadh: 

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtáil agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar X

EURES ar LinkedIn

EURES ar Instagram

Ábhair
  • Leideanna agus Moltaí
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.