Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó
EURES (EURopean Employment Services)
  • Alt nuachta
  • 18 Meán Fómhair 2024
  • An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
  • Am léitheoireachta: 4 nóiméad

Rudaí le smaoineamh orthu agus athrú gairme á dhéanamh agat

Ag smaoineamh ar malairt chúrsa a ghabháil i do shaol gairmiúil? Déan d’aistriú gairme chomh réidh agus is féidir trí roinnt gaistí coitianta a sheachaint.

Asian male professional packing office belongings in a box

Níl sé chomh fada sin ó mheastaí gur ghnách iad cosáin líneacha ghairme. Théadh daoine lena réimse roghnaithe agus dhreapadh siad an dréimire gairme go seasta go dtí go mbíodh sé in am dul ar scor. Tá an tsamhail oibre sin as dáta anois; tá i bhfad níos mó daoine ag iarraidh dúshlán a thabhairt dá dteorainneacha féin-fhorchurtha agus tabhairt faoi fhiontar i dtreo cosáin éagsúla, bíodh siad díreach ag tosú amach ar a dturas gairmiúil nó anonn go maith ann. Mhaífeadh cuid acu fiú go mbíonn sé sin níos tairbhiúla san fhadtréimhse. 

Seo roinnt rudaí le coinneáil i gcuimhne má tá tú ag smaoineamh ar athrú gairme a dhéanamh.

Straitéis chomh soiléir agus is féidir a bheith agat

Sula dtosaíonn tú ar athrú ar bith a dhéanamh, ní mór duit ceann scríbe a bheith i gcuimhne agat. Uaireanta, is é a bhíonn ina spreagadh chun gairmeacha a athrú ná mian dul le gairm éigin; uaireanta eile, áfach, ní bhíonn i gceist leis ach go mothaíonn duine go dteastaíonn athrú uathu. 

I gcásanna den sórt sin, tóg an t‑am chun do mhachnamh a dhéanamh. Dírigh ní hamháin ar do chuid scileanna, ach ar do luachanna, do thosaíochtaí agus do mhianta saoil freisin. Bíodh fís shoiléir agat maidir leis an gcaoi ar mhaith leat go dtitfeadh rudaí amach: an í an tsolúbthacht, an tsaoirse nó struchtúr atá uait? An éiríonn níos fearr leat i d’aonar nó mar chuid d’fhoireann mhór? Cuideoidh na ceisteanna seo leat díriú ar ghairmeacha féideartha. 

An talamh a bhrath roimh ré, más féidir

Agus tú ag díriú ar ghairm mar sprioc, féach an féidir leat blas a fháil ar do réimse roghnaithe sula dtiomnaíonn tú tú féin di go hiomlán. An bhféadfá roinnt obair neamhspleách a dhéanamh ar dtús? Obair dheonach? Scáthfhoghlaim ó dhuine éigin ag a bhfuil níos mó taithí san earnáil lena mbaineann?

Plean docht airgeadais a bheith i bhfeidhm agat 

Ceann de na tosca is coitianta a chuireann bac ar aistrithe gairme is ea an éiginnteacht airgeadais. D’fhéadfadh laghdú ar ioncam, nó costais bhreise, mar shampla trealamh nua a cheannach nó costais oiliúna a chumhdach, a bheith i gceist le tús a chur le gairm nua in amanna. Pleanáil roimh ré le haghaidh aon impleachtaí airgeadais. Mar threoir ghinearálta, go hidéalach, beidh costais mhaireachtála ar fiú trí mhí go sé mhí iad curtha i dtaisce agat sula dtéann tú ar choimirce na cinniúna ó thaobh do ghairme de.

Do scileanna inaistrithe a ghiaráil

Fiú má tá an t‑athrú atá á thionscnamh agat radacach i gcomparáid leis an tslí bheatha a bhí agat roimhe sin, is cinnte go mbeidh scileanna ann ar féidir leat a thabhairt ar aghaidh leat. Is iad smaointeoireacht chriticiúil, inoiriúnaitheacht, réiteach fadhbanna, eagrúchán, cruthaitheacht agus idirbheartaíocht na scileanna go léir is infheidhme i mbeagnach gach earnáil. Déan cinnte go gcuireann tú béim orthu i do CV agus le linn agallamh, agus taispeáin an chaoi a bhfuil siad ábhartha do do spriocréimse. 

Do líonra a úsáid nó a leathnú

Ná déan beag is fiú de chumhacht an líonra atá agat cheana chun tú a chur chun cinn, fiú ar bhealaí nach léir láithreach iad i gcónaí. Scaip an scéal go bhfuil tú ag lorg deise i réimse nua. Iarr ar do theagmhálaithe tú a chur in aithne do dhaoine eile atá sa réimse a bhfuil tú ag díriú air. Déan teagmháil le daoine tábhachtacha ar shuíomhanna gréasáin um líonrú gairmiúil agus déan teagmháil leo go díreach. Beidh deiseanna le feiceáil luath nó mall dóibh siúd a bhíonn á lorg go gníomhach.

Thar aon ní eile, bíodh muinín agat sa mhéid atá do phutóga a rá leat agus fág eagla i do dhiaidh

Ní aontóidh gach duine leis an athrú is mian leat a dhéanamh, agus déanfaidh go leor acu iarracht tú a dhíspreagadh as siocair a bhfaitís roimh thodhchaí éiginnte. Éist leo, ach bí aireach gur leatsa an cinneadh deiridh i gcónaí. Nuair a bheidh soiléireacht faighte agat maidir leis na rudaí a bhfuil tú fíorphaiseanta fúthu, coinnigh ort ag bogadh ar aghaidh agus maolóidh d’amhras.

 

Réidh le haistriú gairme a dhéanamh? D’fhéadfadh an chéad deis eile a bheith áit ar bith san Eoraip! Tabhair cuairt ar thairseach EURES chun an nuacht, postálacha agus eolas úsáideach suas chun dáta a fháil maidir le soghluaisteacht an lucht saothair.

 

Naisc ghaolmhara:

Réidh le haghaidh athrú? Conas gairmeacha beatha a athrú gan aon taithí

Léigh tuilleadh: 

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar X

EURES ar LinkedIn

EURES ar Instagram

Ábhair
  • Leideanna agus Moltaí
Cuid(eanna) gaolmhara
  • Leideanna agus Moltaí
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.