Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)

EURES i réigiúin trasteorann

Réigiúin teorann inmheánaí an Aontais atá i 40% de chríoch an Aontais agus tá beagnach 2 mhilliún comaitéir trasteorann ina gcónaí sna réigiúin sin de réir na tuarascála is déanaí maidir le soghluaisteacht an lucht saothair laistigh den Aontas.

Mar sin féin, d’fhéadfadh roinnt bacainní a bheith roimh oibrithe trasteorann ar bhonn laethúil, amhail cleachtais náisiúnta éagsúla, córais slándála sóisialta, rialacha cánachais agus córais dlí. Ar an gcaoi chéanna, tá go leor bacainní roimh fhostóirí i réigiúin trasteorann agus iad ag earcú baill foirne thar theorainneacha.

Cuidíonn comhpháirtíochtaí trasteorann EURES le hoibrithe agus le fostóirí na bacainní sin a shárú faoi scáth Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+).

Féach san fhíseán gearr seo conas a oibríonn comhpháirtíochtaí trasteorann EURES agus conas is féidir leo tacú leat:

Oibríonn comhaltaí agus comhpháirtithe EURES le chéile thar theorainneacha chun cur le cumas na n-oibrithe a bheith ag obair i dtíortha eile agus le cumas na bhfostóirí an méid sin a chumasú. Féadfaidh eagraíochtaí nach bhfuil mar chuid de líonra EURES páirt a ghlacadh freisin más féidir leo cuidiú maidir leis sin. I measc na gcomhpháirtithe de ghnáth tá seirbhísí fostaíochta poiblí, grúpaí d’fhostóirí, agus eagraíochtaí amhail ollscoileanna, comhlachais ghnó, ceardchumainn agus comhlachais tráchtála nó lucht riaracháin réigiúnach.

Cuireann comhpháirtíocht trasteorann EURES eolas agus comhairle ar fáil do chuardaitheoirí poist agus d’fhostóirí maidir le bheith ag obair agus ag earcú/fostú thar theorainneacha, agus cuireann siad deiseanna socrúcháin agus seirbhísí réamhearcaíochta agus iar-earcaíochta ar fáil. Tá díormaí saineolaithe ar fáil chun tacú le hoibrithe ag gach céim dá ngairmréim agus chun freagra a thabhairt ar cheisteanna a d’fhéadfadh a bheith acu faoin taobh praiticiúil a bhaineann le hoibriú thar an teorainn.

Déanann comhpháirtíochtaí trasteorann EURES monatóireacht freisin ar shreabha na n-oibrithe thar a dteorainneacha féin agus ar fhorbairt an mhargaidh fostaíochta, agus sainaithníonn siad bacainní a d’fhéadfadh cur isteach ar shaorghluaiseacht na n-oibrithe laistigh den mhargadh fostaíochta trasteorann réigiúnach.

In 2024, 2025 agus 2026, gheobhaidh 6 cinn de chomhpháirtíochtaí trasteorann EURES, ina bhfuil 8 dtír páirteach, cistiú CSE+.

EURES-T Grande Région

(an Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin agus Lucsamburg)

EURES-T Oberrhein/Rhin supérieur

(an Eilvéis, an Fhrainc agus an Ghearmáin)

EURADRIA

(an Iodáil agus an tSlóivéin)

EURES-T Andalucía-Algarve

(an Phortaingéil agus an Spáinn)

EURES-T Extremadura-Alentejo

(an Phortaingéil agus an Spáinn)

EURES-T Norte de Portugal-Galicia

(an Phortaingéil agus an Spáinn)

Ina theannta sin, tá comhpháirtíochtaí gníomhach gan tacaíocht airgeadais ón Aontas, sin nó le samhlacha cistiúcháin éagsúla de chuid an Aontais:

EURES-T Beskydy

(an Pholainn, an tSeicia agus an tSlóvaic)

Chun tuilleadh comhairle a fháil faoi dheiseanna fostaíochta i do réigiún féin, cuardaigh Comhairleoirí EURES de réir comhpháirtíocht trasteorann.