
Tá sé chomh tábhachtach céanna eolas a bheith agat ar conas tallann a choinneáil agus atá sé eolas a bheith agat ar conas an tallann a mhealladh. I margadh fostaíochta iomaíoch an lae inniu, bíonn cuideachtaí ag smaoineamh ar conas a chur ina luí ar a bhfostaithe fanacht sa chuideachta. Cé go bhfuil pá tarraingteach agus buntáistí amhail sneaiceanna saor in aisce tábhachtach, is minic a bhíonn cúiseanna eile i gceist.
De réir staitisticí coinneála fostaithe is déanaí, is iad cultúr, cothromaíocht oibre is saoil, agus an fhorbairt ghairme is cúis le 69 % de na himeachtaí ó phoist. Féachaimis anois ar chuid de na príomhbhreithnithe a mbíonn tionchar acu ar cibé an bhfanann oibrithe lena gcuideachtaí nó nach bhfanann.
Na bunghnéithe a bhaineann le coinneáil foirne
B’fhéidir nach é cúiteamh cóir agus sochair an t-aon rud a mheasann fostaí agus cinneadh á dhéanamh acu fanacht sa chuideachta nó imeacht uaithi, ach abraimis é mar atá sé, tá sé deacair baill foirne a choinneáil a bhfuil a fhios acu go bhfuil siad á n-íoc faoi bhun rátaí an mhargaidh nó nach bhfuil sochair leordhóthanacha á bhfáil acu.
Gné mhór a imríonn tionchar ar cé acu a roghnaíonn duine fanacht i bpost nó imeacht uaidh ná cothromaíocht oibre is saoil. Is mian le daoine a bheith in ann a gcuid oibre a dhéanamh agus go leor ama a bheith acu freisin chun taitneamh a bhaint as gníomhaíochtaí eile a fhágann gur fiú an saol a chaitheamh. Trí theachtaireachtaí a sheoladh chuig fostaithe go déanach san oíche agus tascanna a shannadh dóibh i gcónaí tar éis uaireanta oibre agus ag an deireadh seachtaine, is léir go mbeadh cloíteacht mar thoradh air sin – agus go gcaillfí foireann sa deireadh. Ba cheart d’fhostóirí ar mian leo cothromaíocht oibre is saoil a fheabhsú i measc a gcuid oibrithe socruithe oibre solúbtha a thairiscint agus meas a léiriú ar am saor na bhfostaithe. Ní hamháin go laghdaíonn sé sin an riosca cloíteachta, méadaíonn sé dílseacht freisin.
Fanann fostaithe san áit a n-aithníonn na ceannairí a rannchuidithe. Is mór an chabhair iad bónais, gradaim 'Fostaí na Míosa' agus luachanna saothair forbartha gairmiúla chun go mbraithfeadh oibrithe go bhfuil meas orthu. Nó uaireanta is féidir le ‘Maith thú! D'éirigh leat!’ fostaithe a spreagadh níos mó ná aitheantas foirmiúil.
Is cúis mhór eile le fanacht i gcuideachta í forbairt ghairme. Gan ionchais fáis, luath nó mall fiosróidh fostaithe poist in áiteanna eile. Is straitéisí iad go léir cláir oiliúna agus mheantóireachta, uasoiliúint chun cabhrú le hoibrithe iad féin a chur in oiriúint d’éilimh athraitheacha an tionscail, aistriú chuig róil nua lena leathnaítear scileanna fostaithe agus pleananna gairme soiléire, lena léirítear d’fhostaithe go dtacaítear lena bhfás gairmiúil.
I gcás go leor oibrithe, tá na luachanna a sheasann cuideachta leo i bhfad níos tábhachtaí ná an tuarastal. Nuair a thagann a luachanna pearsanta i gcomhréir le spriocanna a bhfostóra, is féidir leis an mbród agus an mothú muintearais a mhothaíonn siad a bheith níos tábhachtaí ná tairiscintí cúitimh níos airde ó chuideachtaí eile. Ní bheathaíonn na briathra na bráithre. Chun dílseacht fostaithe a thuilleamh, ní mór na luachanna comhroinnte sin a bheith le feiceáil i rith na cuideachta ó lá go lá.
B’fhéidir go mbeadh timpeallacht oibre shláintiúil atá bunaithe ar mhuinín, meas, comhoibriú agus cuimsiú i measc comhghleacaithe, ina cúis láidir le fanacht sa chuideachta. Is féidir le fostóirí cultúr dearfach san ionad oibre a fhorbairt trí ghníomhaíochtaí neartaithe foirne a eagrú, agus deis a thabhairt d’fhostaithe a gcuid smaointe a roinnt agus a chinntiú go mothaíonn gach fostaí – is cuma cén inscne, eitneachas nó cúlra socheacnamaíoch atá acu – go bhfuil siad sa bhaile sa chuideachta.
I ndeireadh na dála, is é atá i gceist ná dea-cheannaireacht – cumarsáid a dhéanamh go hoscailte, aitheantas a thabhairt do rannchuidiú na bhfostaithe agus a léiriú gur cuma leo. Cé nach mbeadh ag iarraidh fanacht i gcuideachta ina bhfuil meas orthu, ina léirítear ómós dóibh agus ina gcaitear go cothrom leo?
Le haghaidh tuilleadh leideanna maidir le conas a chur in iúl d'fhostaithe go bhfuil meas orthu agus go dtugtar ómós dóibh ag an obair, léigh an t-alt ar áiteanna oibre cuimsitheacha.
Naisc ghaolmhara:
Áiteanna oibre níos cuimsithí a chothú
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoirí EURES
Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES
Bunachar Sonraí Post EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire Imeachtaí EURES
Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath
EURES ar Facebook
EURES ar X
EURES ar LinkedIn
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 6 Bealtaine 2026
- Údair
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- Gnó / Fiontraíocht
- Leideanna agus Moltaí
- Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
- Nuacht/tuarascálacha/staitisticí
- Cuid(eanna) gaolmhara
- Leideanna agus Moltaí
- Eolas faoin margadh saothair
- Maireachtáil & Obair
- Earnáil
- Accomodation and food service activities
- Activities of extraterritorial organisations and bodies
- Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
- Administrative and support service activities
- Agriculture, forestry and fishing
- Arts, entertainment and recreation
- Construction
- Education
- Electricity, gas, steam and air conditioning supply
- Financial and insurance activities
- Human health and social work activities
- Information and communication
- Manufacturing
- Mining and quarrying
- Other service activities
- Professional, scientific and technical activities
- Public administration and defence; compulsory social security
- Real estate activities
- Transportation and storage
- Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
- Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles