Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
  • Alt nuachta
  • 17 Deireadh Fómhair 2024
  • An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
  • Am léitheoireachta: 4 nóiméad

Áiteanna oibre níos cuimsithí a chothú

Is ceart bunúsach de chuid gach fostaí é a mhothú gur mór ag a bhfostóir iad, go bhfuil meas acu orthu, agus go bhfuil siad sábháilte ag an obair. Is é an aidhm atá le hionaid chuimsitheacha oibre a chruthú ná aghaidh a thabhairt air sin ar mhaithe le heagraíochtaí agus le hoibrithe araon.

Fostering more inclusive workplaces

Is téarma níos leithne é ‘cuimsiú’ lena gcuimsítear éagsúlacht, cothromas, glacadh, meas agus muintearas. Is éard is ionad cuimsitheach oibre ann timpeallacht ina gcuirtear fáilte roimh dhaoine beag beann ar aois, cine, eitneacht, reiligiún, inscne, gnéaschlaonadh agus cumas éagsúil, agus ina dtacaítear leo agus ina spreagtar iad chun fás agus chun rath a bhaint amach. Tá an tAontas tar éis béim a leagan freisin ar an tábhacht a bhaineann leis an gcuimsitheacht a chothú san ionad oibre le tionscnaimh amhail Mí Eorpach na hÉagsúlachta.

Tá sé léirithe san iomaí staidéar go mbaineann eagraíochtaí a ghlacann le cuimsitheacht torthaí i bhfad níos fearr amach agus go mbíonn cáil níos fearr orthu i measc fostaithe ionchasacha. Léiríodh gur 87 % ní b’fhearr na cinntí a bhain leis an obair a ghlac foirne de dhaoine ó chúlraí éagsúla – figiúr a bhainfeadh stangadh asat, ar ndóigh – agus measann 76 % de chuardaitheoirí poist go bhfuil cultúr éagsúlachta tábhachtach agus iad ag déanamh a machnaimh mar gheall ar phost a ghlacadh laistigh de chuideachta.

I measc na mbuntáistí eile a bhaineann le cuimsitheacht san ionad oibre tá:

  • Feabhas ar fheidhmíocht agus ar rannpháirtíocht na bhfostaithe.
  • Feabhas ar na naisc idir fostaithe agus an eagraíocht, agus i measc na foirne chomh maith.
  • Sásamh poist feabhsaithe.
  • Coinneáil feabhsaithe fostaithe.
  • Méadú ar tharraingteacht na cuideachta do chuardaitheoirí poist.
  • Feabhas ar láithreacht agus ar cháil na cuideachta sa mhargadh.
  • Tuiscint níos fearr ar mhargaí domhanda, rud as a dtagann straitéisí cuideachta níos éifeachtaí.

Is réiteach é a bhfuil buntáiste ag gach taobh ann cuimsitheacht a chothú sa spás oibre: tuairiscíonn fostaithe taithí níos fearr laistigh dá n‑eagraíochtaí, agus comhlíonann na heagraíochtaí a bhfreagrachtaí morálta agus eiticiúla dá bhfostaithe agus don tsochaí ag an am céanna, agus cruthaíonn siad dea-ainm dóibh féin agus leas á baint acu as gnóthachain airgeadais. Féachaimis anois ar an gcaoi ar féidir cultúr den sórt sin a chothú ar bhealaí praiticiúla.

Dea-chleachtais le haghaidh spásanna oibre níos cuimsithí

  • Cothaigh timpeallachtaí oibre inrochtana, idir fhisiciúil (e.g. rampaí cathaoireacha rothaí, leithris inrochtana, comharthaí Braille) agus digiteach (e.g. teicneolaíocht atá comhoiriúnach le feistí cúnta).
  • Cuir socruithe solúbtha oibre i bhfeidhm lena gcuirtear san áireamh riachtanais agus gealltanais na bhfostaithe (e.g. saincheisteanna sláinte pearsanta, dualgais chúramóra). D’fhéadfadh sé go mbeadh i gceist leis sin, mar shampla, amanna tosaithe solúbtha, cianobair agus/nó uaireanta comhbhrúite.
  • Cuir feasacht ar theanga chun cinn. Is cuid thábhachtach de chultúr cuideachta é foghlaim labhairt agus scríobh go cuimsitheach chun fáilte a chur roimh chách. Mar shampla, ba cheart duit teanga atá claonta ó thaobh inscne de a sheachaint i bhfabhar friotal inscne-neodrach.
  • Aithin go mbíonn stíleanna foghlama difriúla ag daoine éagsúla. Bíonn formáidí idirghníomhacha níos fearr do chuid acu, agus is fearr le daoine eile gabháil ar a luas féin. Ba cheart míchumais foghlama a chur san áireamh freisin, agus ba cheart freastal ar na daoine sin dá réir.
  • Déan athbhreithniú ar chleachtais earcaíochta na heagraíochta agus déan na coigeartuithe is gá a chur i bhfeidhm. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go roghnódh cuideachta a bealaí earcaithe a leathnú agus/nó a cleachtais roghnúcháin agus agallaimh a leasú ó bhonn.
  • Ar deireadh, tabhair dea-shampla. Ba cheart gach fostaí a chur ar an eolas maidir le beartas cuimsitheachta na cuideachta agus luachanna na cuideachta a chuimsiú ina n‑idirghníomhaíochtaí uile.

Léigh tuilleadh faoi na buntáistí a bhaineann le héagsúlacht san ionad oibre inár n‑alt Ligean le cumhacht an lucht saothair ilteangaigh.

 

Naisc ghaolmhara:

An Coimisiún Eorpach – Éagsúlacht agus cuimsiú: na buntáistí a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar d’ionad oibre

Teacht chun cinn foirne ilchultúrtha: conas a chinntiú go n‑éireoidh leo

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar X

EURES ar LinkedIn

EURES ar Instagram

Ábhair
  • Leideanna agus Moltaí
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.