Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó
EURES (EURopean Employment Services)
  • Alt nuachta
  • 11 Iúil 2025
  • An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
  • Am léitheoireachta: 4 nóiméad

Ag bogadh thar lear? Ullmhaigh do cháipéisí

Ní furasta é gach rud a ionramháil ag an am amháin agus tú ag bogadh go tír eile, agus cuirtear féachaint dá bharr ar do scileanna eagraíochta, agus ar d’fhoighne freisin. Sábháil am agus fág uait an strus trí na cáipéisí riachtanacha go léir a ullmhú i bhfad roimh ré. 

Moving abroad? Get your papers ready

Is athrú tábhachtach saoil é bogadh thar lear a bhíonn corraitheach ach dúshlánach ag an am céanna. Is cosúil nach mbíonn deireadh leis an liosta de na rudaí ar chóir duit tabhairt fúthu sular féidir leat a bheith ar do chompord sa tír nua, agus ní gan dua i gcónaí é fiú dóibh siúd ar mian leo a bheith ag pleanáil roimh ré. Bealach amháin chun an dua a bhaineann le bogadh a íoslaghdú is ea an chaipéisíocht go léir a bheith ullmhaithe agat roimh am, ionas nach mbeidh ort iarracht bhuile a dhéanamh ag an nóiméad deireanach chun teacht ar cháipéis thábhachtach, nó níos measa, chun nach mbeadh cáipéis éigin ar iarraidh agat nuair a bheifeá i bhfad ar shiúl ó do thír dhúchais. 

Anseo thíos tá liosta de na cáipéisí is riachtanaí a bheidh de dhíth ort. Coinnigh leat na bunchóipeanna, ach déan cinnte cóipeanna páipéir agus digiteacha díobh a chruthú. Cuimhnigh, i gcás cuid de na cáipéisí, go mb’fhéidir go mbeadh ort aistriúcháin a bhfuil nótaireacht déanta orthu a chur ar fáil ag brath ar an gcaoi a mbeartófar iad a úsáid.

Pas/cárta aitheantais náisiúnta. Is é ‘fíorscoth’ na gcáipéisí taistil – an pas – an chéad cháipéis ba cheart a chur isteach i do mhála taistil. Más saoránach de cheann de 27 mBallstát an Aontais Eorpaigh, nó den Íoslainn, de Lichtinstéin, den Iorua nó den Eilvéis thú, is féidir leat do chárta aitheantais náisiúnta a úsáid freisin mar cháipéis taistil laistigh de na tíortha sin. Seiceáil dátaí éaga do chuid cáipéisí chun a chinntiú go bhfuil siad bailí. 

Teastais bhreithe do gach duine atá ag bogadh. Má tá tú pósta, beidh do theastas pósta ag teastáil uait fosta. Mura bhfuil na doiciméid sin agat faoi láthair, is féidir iad a iarraidh ó oifig chláraithe do thíre féin, mar sin déan é a sheiceáil sula mbogann tú.

Taifid leighis. Is ríthábhachtach iad sin chun a chinntiú go mbeidh tú in ann teacht ar chúram sláinte i dtír eile, is é sin tríd an t‑eolas is gá faoi do stair leighis agus faoi do riachtanais leighis a chur faoi bhráid do sholáthraí nua. Ba cheart go mbeadh taifid vacsaínithe mar chuid den taifead sin freisin, go háirithe i gcás leanaí óga nach bhfuil a sceideal imdhíonta críochnaithe acu go fóill.

Teastais acadúla agus ghairmiúla. Is iad na hinstitiúidí acadúla ábhartha a n‑eisíonn. Is dócha go mbeidh ort iad a chur faoi bhráid d’fhostóra nua. 

Taifid oideachais agus scoile. Baineann siad seo go príomha le leanaí atá ag taisteal leat, ach beidh tras-scríbhinní scoile nó ollscoile de dhíth ortsa freisin má tá sé beartaithe agat leanúint ar aghaidh le d’oideachas thar lear agus tú ag obair. 

Ceadúnas tiomána. Má thiománann tú, beidh ort carr a fháil ar cíos nó a cheannach ag do cheann scríbe nua, agus ní mór duit a bheith in ann é sin a thaispeáint do na húdaráis má tharraingítear i leataobh thú. Déan deimhin de go seiceálann tú an méid atá i bhfeidhm i do thír cinn scríbe. Go ginearálta, más i gceann de na tíortha thuasluaite a eisíodh do cheadúnas, beidh sé bailí ar fud an Aontais. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach meastar ceadúnas tiomána a bheith ina chineál bailí aitheantais phearsanta san Aontas Eorpach, áfach.

Cruthúnas ar sheoladh. Iarrfar ort é sin a chur ar fáil go mion minic, mar shampla agus cuntas bainc á oscailt agat, iasacht á hiarraidh agat, nó clárú le haghaidh seirbhísí rialtais áitiúil. Déanfaidh bille fóntais nó conradh cíosa/ceannaigh cúis.

Má tá peataí agat, ná déan dearmad ar a gcáipéisí freisin! Áirítear orthu sin pas peata Eorpach atá bailí agus deimhniú sláinte ainmhithe AE. Sula dtaistealaíonn tú le do pheata, seiceáil go críochnúil na riachtanais uile maidir le taisteal, chomh maith leo siúd maidir le dul isteach i dtír nua.

Ag cuardach poist san Aontas? Tá faisnéis úsáideach le fáil inár n‑alt Conas Laethanta Fostaíochta Eorpacha a úsáid chun fostaíocht a aimsiú thar lear maidir leis an dóigh leis an leas is fearr a bhaint as na himeachtaí sin uile-Aontais ag a nasctar cuardaitheoirí poist le fostóirí.

 

Naisc ghaolmhara:

EURES agus fostaíocht trasteorann: comhpháirtíocht a théann chun tairbhe do chách

An Coimisiún Eorpach Ag gluaiseacht agus ag obair san Eoraip

Léigh tuilleadh: 

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar sonraí post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire imeachtaí EURES

Imeachtaí ar líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar X

EURES ar LinkedIn

EURES ar Instagram

Ábhair
  • Leideanna agus Moltaí
Cuid(eanna) gaolmhara
  • Cúnamh agus tacaíocht
  • Leideanna agus Moltaí
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.