
In 2022, tuairiscíodh go raibh cónaí ar thart ar 1.8 milliún oibrí san Aontas agus i dtíortha de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) i mBallstát amháin agus iad ag obair i mBallstát eile. Feidhmíonn na hoibrithe trasteorann sin a gceart chun gluaiseacht faoi shaoirse thar theorainneacha an Aontais le haghaidh oibre, rud a chuireann go leor deiseanna ar fáil le haghaidh sásamh gairmiúil.
Is féidir le hobair trasteorann fás eacnamaíoch agus comhtháthú a spreagadh i réigiúin teorann an Aontais, réigiúin a chumhdaíonn 40 % dá chríoch. Le hinsreabhadh ceart na n‑oibrithe, is féidir go leor de na réigiúin sin atá ina gceantair fhorimeallacha a iompú ina gcriosanna fáis shuntasaigh agus ina moil um dheiseanna.
Mar sin féin, is minic a bhíonn bacainní ann a bhaineann leis an bhfostaíocht trasteorann i dtaobh na ndifríochtaí idir tíortha maidir lena gcórais slándála sóisialta (e.g. árachas sláinte, sochair theaghlaigh, dífhostaíocht, scor), a gcreataí fostaíochta, agus a rialacha cánachais, gan ach cuid acu a lua. Ní hamháin go mbaineann na saincheisteanna sin le hoibrithe, ach le fostóirí freisin.
Bí páirteach i gcomhpháirtíochtaí trasteorann EURES, a bunaíodh chun tacú le do thuras soghluaisteachta saothair. Faoi láthair, tá sé cinn de chomhpháirtíochtaí den sórt sin ann ar fud na hEorpa, rud a chabhraíonn le fostaithe ionchasacha agus le fostóirí araon a mbealach a dhéanamh tríd na praiticiúlachtaí a bhaineann le hobair a dhéanamh, post a aimsiú agus/nó le hearcú thar theorainneacha.
Cén chaoi a n‑oibríonn comhpháirtíochtaí trasteorann EURES?
Agus é maoinithe faoi Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), arb é príomhionstraim an Aontais chun infheistíocht a dhéanamh i ndaoine agus chun tacú le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta é, tá comhpháirtíochtaí trasteorann EURES freagrach as an méid seo a leanas:
- faisnéis agus comhairle a sholáthar maidir le saincheisteanna fostaíochta trasteorann (e.g. cónaí cánach/comhduithe cánach, ceanglais speisialta de réir tíre);
- gníomhú mar phointí teagmhála idir cuardaitheoirí poist agus fostóirí trí sheirbhísí socrúcháin a thairiscint agus/nó trí chúnamh a thabhairt maidir le hearcaíocht trasteorann;
- príomheintitis (comhpháirtithe) éagsúla a thabhairt le chéile ar féidir leo próisis soghluaisteachta trasteorann an lucht saothair a éascú, amhail comhlachais saothair, ceardchumainn, seirbhísí fostaíochta poiblí, institiúidí oideachais, údaráis áitiúla, scéimeanna tacaíochta fostaíochta, agus comhlachtaí slándála sóisialta.
Táim ag smaoineamh ar dheis oibre trasteorann a lorg. Cad iad na hacmhainní atá ar fáil?
Is é líonra EURES an fhoinse is fearr maidir le gach saincheist a bhaineann le soghluaisteacht an lucht saothair. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi dheiseanna fostaíochta trasteorann agus faoi chomhairle, tabhair cuairt ar leathanach tiomnaithe EURES maidir le réigiúin trasteorann. Is féidir leat Comhairleoirí EURES a chuardach freisin trí chliceáil ar an táb ‘De réir comhpháirtíocht trasteorann’.
Bí cinnte féachaint ar an bhfíseán seo ó EURES, ina roinneann beirt oibrithe ón tSlóivéin a dtaithí ag obair san Iodáil, agus faigh amach conas a chabhraigh comhpháirtíocht trasteorann EURES leo trí chomhairle agus tacaíocht a sholáthar.
Faigh tuilleadh eolais ar chomhpháirtíochtaí trasteorann EURES anseo.
Chun tuilleadh eolais phraiticiúil a fháil maidir le comaitéireacht trasteorann, cliceáil anseo.
Naisc ghaolmhara:
Cad é an scéala is déanaí maidir le teilea-obair thrasteorann agus slándáil shóisialta?
Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh: Obair trasteorann san Aontas agus i dtíortha CSTE
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoirí EURES
Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES
Bunachar Sonraí Post EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire Imeachtaí EURES
Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath
EURES ar Facebook
EURES ar X
EURES ar LinkedIn
EURES ar Instagram
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 24 Iúil 2024
- Údair
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- Bosca uirlisí AE le haghaidh soghluaisteachta
- Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
- Cuid(eanna) gaolmhara
- Cúnamh agus tacaíocht
- Eolas faoin margadh saothair
- Maireachtáil & Obair
- Earnáil
- Accomodation and food service activities
- Activities of extraterritorial organisations and bodies
- Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
- Administrative and support service activities
- Agriculture, forestry and fishing
- Arts, entertainment and recreation
- Construction
- Education
- Electricity, gas, steam and air conditioning supply
- Financial and insurance activities
- Human health and social work activities
- Information and communication
- Manufacturing
- Mining and quarrying
- Other service activities
- Professional, scientific and technical activities
- Public administration and defence; compulsory social security
- Real estate activities
- Transportation and storage
- Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
- Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles