
De réir mar a théann tú i dtaithí ar do phost agus tú ag éirí níos inniúla ar chur i gcrích do chuid cúraimí, beidh tú ag iarraidh bogadh ar aghaidh chuig rud éigin a chuirfidh dúshlán breise romhat agus a ligfidh duit coinneáil ort de bheith ag foghlaim. Mar sin féin, ní i gcónaí arb ionann tú a bheith ag sárú do phoist agus tú a bheith ag éirí rómhór don eagraíocht. Gach seans go bhfuil tú sásta leis an eagraíocht ach go mbraitheann tú go bhfuil sé in am duit céim chun cinn a ghlacadh ó thaobh freagrachta agus/nó luacha saothair airgeadais de.
Tá go leor buntáistí ag baint le tabhairt faoi dheis chun dul chun cinn a dhéanamh leis an bhfostóir atá agat faoi láthair dóibh féin agus duitse araon; ar thaobh amháin, tá an chuideachta ar an eolas cheana féin faoi do chumais, do scileanna agus d’eitic oibre.
Is mór an tairbhe duit é más ball foirne de chuid na cuideachta cheana féin thú. Tá tú breá eolach ar chultúr na cuideachta, rud a fhágann go mbeidh sé níos éasca dul i dtaithí ar ról nua laistigh di. Thairis sin, b’fhéidir go mbeadh rochtain agat cheana féin ar fhaisnéis ón taobh istigh faoin bpost agus faoi na hionchais a ghabhann leis, rud a chuideoidh leat a bheith níos ullmhaithe agus tú ag iarraidh a bheith páirteach sa phróiseas earcaíochta. Seo thíos roinnt rudaí nach mór cuimhneamh orthu mar iarrthóir inmheánach.
Cuir do bhainisteoir ar an eolas
Agus iarratas á dhéanamh ar phost inmheánach, is fearr go gcloiseann do bhainisteoir uait é seachas ón lucht acmhainní daonna, nó ó bhall foirne eile sa chuideachta. Neartófar ar an dóigh sin an mhuinín agus an dea-chaidreamh atá agat thar na blianta, agus d’fhéadfadh sé a bheith ina dheis iontach freisin chun tuilleadh soiléireachta a fháil i dtaobh do láidreachtaí, do laigí agus na spriocanna fadtéarmacha atá agat trí iad a phlé le ball foirne cáilithe atá os do chionn. Ina theannta sin, má choinnigh tú suas le héilimh do phoist reatha, rachaidh dea-fhocal do bhainisteora chun do leasa.
Tabhair faoin agallamh mar a thabharfá faoi aon agallamh eile
Is éard atá in agallamh inmheánach ná measúnú ar do chumas an ról a chur i gcrích. Fiú má tá aithne agat ar d’agallóirí, ná bí ró-neamhchúiseach leo; bíodh d’idirghníomhaíocht gnaíúil ach gairmiúil san am céanna. Bí in am, bí gléasta go hoiriúnach don agallamh (fiú más rud é go bhfuil atmaisféar na cuideachta níos scaoilte), agus bí réidh le labhairt faoi do scileanna agus do chuid éachtaí gan glacadh leis go bhfuil cur amach ag d’agallóirí ar do chúlra.
Déan taighde ar an ról nua
Mar iarrthóir inmheánach, b’fhéidir go mbeadh rochtain ní b’fhearr agat ar fhaisnéis fhíorthábhachtach. Más féidir, fiafraigh den duine atá ag bogadh ar aghaidh ón ról comhairle a chur ar fháil duit maidir lenar cheart duit a bheith ag súil leis. Cuir eolas ar ghnéithe den chuideachta agus ar a próisis a d’fhéadfá-sa a bheith tar éis éirí bogásach fúthu. Cuir eolas ar na treochtaí is déanaí ó thaobh an tionscail de. Glac an t‑am le hinniúlacht a fháil i dteicneolaíochtaí nua i do réimse féin.
Déan tú féin a fhéinmheasúnú
Sula mbogann tú ar aghaidh go dtí post níos airde, ní mór duit a bheith an-soiléir faoi na láidreachtaí agus na héachtaí atá agat faoi láthair, chomh maith leis na réimsí nach foláir duit díriú orthu agus feabhas a chur orthu. Bí réidh chun plé a dhéanamh ní hamháin ar bhuaicphointí do chuid feidhmíochta go dtí seo, ach freisin ar na gníomhartha a ndéanfaidh tú chun dlús a chur le do chluiche.
Bí réidh chun a léiriú cén fáth gur tusa an té is oiriúnaí don phost
Cad is féidir leatsa a thabhairt don ról nach féidir le hiarrthóir seachtrach a sholáthar? Is í sin an phríomhcheist a mbeidh d’agallóirí ag iarraidh freagra a thabhairt uirthi le linn do chruinnithe. Cabhraigh leo trí do chuid eolais, do scileanna agus na ceachtanna ar ar fhoghlaim tú i do thréimhse leis an gcuideachta go dtí seo a thaispeáint, agus spéis á léiriú agat sa ról agus an luach a thabharfaidh tú don chuideachta i do cháil nua a chur in iúl go soiléir.
Buartha faoin gcéad mheastóireacht feidhmíochta eile a bheidh agat? Léigh ár n‑alt dar teideal An t‑athbhreithniú ar fheidhmíocht oibre a mhíniú.
Naisc ghaolmhara:
Rudaí le smaoineamh orthu agus athrú gairme á dhéanamh agat
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoirí EURES
Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES
Bunachar sonraí post EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire Imeachtaí EURES
Imeachtaí ar líne a bheidh ar siúl go luath
EURES ar Facebook
EURES ar X
EURES ar LinkedIn
EURES ar Instagram
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 17 Deireadh Fómhair 2025
- Avtorji
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- Leideanna agus Moltaí
- Treochtaí earcaíochta
- Cuid(eanna) gaolmhara
- Cúnamh agus tacaíocht
- Leideanna agus Moltaí
- Earnáil
- Accomodation and food service activities
- Activities of extraterritorial organisations and bodies
- Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
- Administrative and support service activities
- Agriculture, forestry and fishing
- Arts, entertainment and recreation
- Construction
- Education
- Electricity, gas, steam and air conditioning supply
- Financial and insurance activities
- Human health and social work activities
- Information and communication
- Manufacturing
- Mining and quarrying
- Other service activities
- Professional, scientific and technical activities
- Public administration and defence; compulsory social security
- Real estate activities
- Transportation and storage
- Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
- Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles