Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
  • Alt nuachta
  • 6 Samhain 2024
  • An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
  • Am léitheoireachta: 6 nóiméad

Dul i ngleic le ganntanais lucht saothair: trí bhealach chun earcaigh nua AE a mhealladh

Is féidir le ganntanais lucht saothair buille trom a bhualadh ar an bhfeidhmíocht ghnó, de réir tuarascáil le Eurofound a foilsíodh le déanaí. San alt seo, féachaimid ar an gcaoi a bhfuil cuideachtaí san Aontas tar éis a straitéisí earcaíochta a mhionchoigeartú dá réir sin. 

Tackling labour shortages: three ways to attract new EU recruits

Nuair nach mbíonn dóthain oibrithe ann chun na poist atá ar fáil a líonadh, téitear i bhfeidhm ar tháirgiúlacht, sásamh custaiméirí agus rochtain thráthúil ar sheirbhísí, de réir tuarascáil dar teideal ‘Company practices to tackle labour shortages [Cleachtais cuideachtaí chun dul i ngleic le ganntanais lucht saothair]’ a d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht AE Eurofound i mí Mheán Fómhair 2024.

Tá ganntanais scileanna ag dul i bhfeidhm ar fhostóirí i roinnt mhaith tíortha den Aontas de réir mar a théann cohóirt mhóra d’oibrithe scothaosta ar scor agus de réir mar a bhíonn gá ann le saineolas nua digiteach agus glas. Is fachtóirí eile iad poist ar dhrochchaighdeán agus cuid de na straitéisí earcaíochta a úsáidtear chun iad a líonadh, de réir na tuarascála.

Sa chéad cheann den dá scéal ina mbreathnaímid ar thorthaí na tuarascála, tarraingímid aird ar thrí bhealach a bhfuil gnólachtaí tar éis iad féin a dhéanamh níos tarraingtí d’oibrithe AE a dteastaíonn uathu a fhostú.

Pá, solamar agus roghanna oibre solúbtha

  • Nuair a bhí sé deacair ag óstán sa Chróit sa tréimhse tar éis phaindéim COVID-19 oibrithe a earcú a raibh eolas acu ar na nithe ba dhíol spéise go háitiúil agus a bhíodh in ann freastal go héifeachtach ar chustaiméirí i dteangacha iasachta, lenar áiríodh an Chróitis, an Ghearmáinis agus an Iodáilis, d’ardaigh sé pá, ragobair agus bónais, chuidigh sé le costais tithíochta dá bhfostaithe agus chuir sé roghanna oibre solúbtha ar fáil dóibh. Choinnigh sé baill foirne a bhí ann cheana agus mheall sé mic léinn agus oibrithe a raibh freagrachtaí cúraim orthu – agus ar an gcaoi sin, níor ghá líon na seomraí a bhí ar fáil a laghdú. Tá sé beartaithe aige athmheasúnú a dhéanamh ar chórais oiliúna agus luaíochta chun freastal ar na riachtanais maidir le scileanna digiteacha agus glasa a bheidh ann amach anseo.
  • Mhéadaigh an comhlacht ilnáisiúnta de chuid na Fraince a mhonaraíonn ábhair thógála, Saint-Gobain, pá d’earcaigh nua ag a fhochuideachta plástarchláir sa Rómáin, de réir mar a tháinig ardú ar éileamh de réir a chéile. Bíonn oibrithe atá ann le fada i dteideal bónais atreoraithe, agus cuireann an chuideachta solamar breise ar fáil freisin lena n‑áirítear busanna saor in aisce, cúram sláinte príobháideach, árachas saoil, ballraíocht ionaid aclaíochta agus imeachtaí sóisialta rialta. Tháinig baill foirne nua isteach ó ní b’fhaide i gcéin sa tír sin chomh maith, ach anois agus an lucht saothair ag dul in aois agus ráta láimhdeachas ard ann, tá an gnólacht ag iarraidh daoine a earcú ó thríú tíortha.

Straitéisí spriocdhírithe earcaíochta

  • I gcomhthéacs margadh tallainne iomaíoch, bheartaigh an chuideachta idirnáisiúnta taighde margaidh Ipsos a straitéisí earcaíochta dá hoifig i bPrág a dhíriú ar chéimithe nua. Agus é aitheanta acu go mbeadh go leor earcach ag iarraidh clann a bheith acu, chuir Ipsos naíolann do leanaí óga ar fáil ar a láthair oibre, mar aon le socrú teilea-oibrithe dhá lá sa tseachtain. Cuireann an chuideachta oiliúint, ballraíocht ionaid aclaíochta agus carranna ar fáil freisin. Tá ag éirí go maith leis an earcaíocht acu anois faoi láthair agus is íseal go leor anois na rátaí láimhdeachais.
  • Bhí sé deacair ag cuideachta tógála Spáinneach foireann theicniúil a earcú, go háirithe iad siúd a raibh saineolas acu ar tholláin a thógáil, tráth a raibh géarghanntanas scileanna agus borradh iarphaindéime faoi lán seoil. D’earcaigh an gnólacht cúigear speisialtóirí tolláin ó Pheiriú tar éis dul i gcomhairle le ceardchumainn sa tír sin, agus d’íoc an gnólacht as a gcuid taistil, tithíochta agus oiliúna áitiúla tar éis dó conarthaí teoranta ama a bhronnadh orthu. Tá feabhas curtha ag an ngnólacht freisin ar bheartais maidir le solúbthacht ama oibre agus saoire do thuismitheoirí chun mná, agus tuismitheoirí i gcoitinne, a mhealladh. Mar sin féin, tá ganntanas earnáil-shonracha fós ann.

Obair sholúbtha agus uaireanta laghdaithe oibre

  • Tá sé deacair ag soláthraí chatbot AI Talk-A-Bot, a bhfuil a cheanncheathrú san Ungáir, forbróirí agus gairmithe díolacháin a earcú de réir mar a mhéadaíonn castacht a sheirbhísí. D’éirigh leis an ngnólacht gairmithe TF a earcú in ainneoin ganntanas scileanna áitiúla toisc go bhfuil a ainm in airde agus go bhfuil sceideal oibre solúbtha agus cianda á gcur ar fáil aige – ar feadh suas le trí lá sa tseachtain – ó bhí an phaindéim ann. Is mná iad an cúigiú cuid (22 %) dá fhoireann, agus tá sé ag obair chun an ruaig a chur ar an smaoineamh gur don aos óg amháin í an earnáil sin. Úsáideann sé earcaitheoirí gairmiúla agus clár atreoraithe chun baill foirne a aimsiú agus a choinneáil.
  • Mar gheall ar dheacrachtaí earcaíochta bhí cuideachta margaíochta ar líne de bhunadh na hOstaire eMagnetix ag cailleadh custaiméirí ionchasacha nuair a shocraigh sí bogadh i dtreo seachtain oibre 30 uair an chloig ar phá iomlán. Chuige sin, rinne sé measúnú ar cé chomh fada agus a thóg sé cúraimí a chur i gcrích, agus chuir sé tréimhsí ar bun le haghaidh obair chomhchruinnithe gan bhriseadh, agus próisis eile á n‑uathoibriú acu san am céanna. Bíonn an fhoireann san oifig ar feadh croílá amháin sa tseachtain agus oibríonn siad trí chroí-uair an chloig sa lá, rud a chiallaíonn gur féidir leo a gcuid uaireanta eile a roghnú go solúbtha. Mar thoradh ar an gclúdach a rinneadh sna meáin air sin, bhí ní ba mhó iarratasóirí poist agus infheisteoirí nua ann, rud a chuir ar chumas na cuideachta méadú.

Faigh tuilleadh eolais ach an tuarascáil Company practices to tackle labour shortages a íoslódáil.

 

Naisc ghaolmhara:

Cleachtais cuideachtaí chun dul i ngleic le ganntanais lucht saothair

Níl aon am níos fearr ann chun gairm a bhaint amach in earnáil na tógála

EURES report on labour shortages and surpluses, 2023 [Tuarascáil EURES maidir le ganntanas agus barrachas lucht saothair, 2023]

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar X

EURES ar LinkedIn

EURES ar Instagram

Ábhair
  • Gnó / Fiontraíocht
  • Leideanna agus Moltaí
  • Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
  • Nuacht/tuarascálacha/staitisticí
  • Treochtaí earcaíochta
  • Óige
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Administrative and support service activities
  • Construction
  • Information and communication
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.