Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó
EURES (EURopean Employment Services)
  • Alt nuachta
  • 16 Eanáir 2025
  • An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
  • Am léitheoireachta: 4 nóiméad

Athruithe eagraíochtúla san ionad oibre? Seo an dóigh lenar féidir a chinntiú go rachaidh athruithe chun sochair do gach duine

Is den riachtanas é an t‑athrú chun fás a bhaint amach, beag beann ar an suíomh. Is minic a bhíonn faitíos ar dhaoine roimh athruithe eagraíochtúla san ionad oibre, áfach. Tá sé de dhualgas ar fhostóirí agus ar fhostaithe araon na haistrithe sin a dhéanamh chomh réidh agus is féidir.

Organisational changes at work? Here’s how to ensure everyone wins

Is gnáthchuid de shaolré eagraíochta iad athruithe ar bheartais, ar chuir chuige agus ar straitéisí cuideachta, ar thairiscintí seirbhíse nó táirgí, ar ordlathas agus ar an bhfoireann – gan trácht ar an atheagrú foirne – ag pointe amháin nó ag pointe eile, bíodh is gol ndéantar na hathruithe sin ar bhonn deonach nó bunaithe ar fhórsaí seachtracha. De réir an taighde seo, déantar thart ar chúig athrú ó thaobh fiontair de ar eagraíocht gach trí bliana, ar an meán. Tá athruithe san ionad oibre dosheachanta mar sin, agus b’fhearr linn dul i dtaithí ar cé chomh réadúil is atá siad.

Cé go bhféadfadh sé a bheith corraitheach a bheith ag súil le rud nua, is minic a thugtar aghaidh ar athruithe san ionad oibre leis an gceist ‘Conas a rachaidh sé seo i bhfeidhm ormsa?’, ar ceist í a bhfuil údar leis, ar ndóigh – rud lena léirítear imní na bhfostaithe faoin todhchaí. Is cuma cén post atá agat san eagraíocht, tá roinnt bealaí ann chun an leas is fearr a bhaint as idirthréimhsí, agus chun a chinntiú go mbeidh an t‑athrú dearfach do gach duine lena mbaineann sé.

An fostóir thú?

Braitheann daoine compordach leis an méid a bhfuil siad cleachta leis, agus ní dhéanfaidh siad deifir chun tacú le rud nach dtuigeann siad. Mar fhostóir, is tusa atá freagrach as a chur ina luí ar d’fhoireann maidir leis haon athruithe agus ar an tábhacht atá leo. Conas a dhéanfaidh tú é sin?

  • Cuir an scéal in iúl go soiléir agus mínigh na cúiseanna atá taobh thiar díobh, chomh maith leis an gcaoi a rachaidh siad i bhfeidhm ar chách. Ní mór duit fostaithe a an t‑eolas go léir faoi na hathruithe atá ag tarlú a scaipeadh ar fhostaithe, agus ba chóir go dtiocfadh an t‑eolas sin go díreach uait seachas ó ráflaí. Cothóidh sé sin muinín ón tús, agus cuirfear an ruaig ar éiginnteachtaí dá bharr sin.
  • Bí i dteagmháil le d’fhostaithe go rialta ó cheann ceann an phróisis, rud lena léirítear nach amháin go bhfuil luach ar a n‑ionchur, ach go bhfuil sé riachtanach chomh maith. Is uirlisí iontacha iad suirbhéanna, grúpaí fócais agus bailiú aiseolais chun baill foirne a ghríosadh chun bheith páirteach sa phóiseas, agus chruthófaí mar sin cainéal dhá bhealach a d’fhéadfadh léargas fiúntach a bheith mar thoradh air.
  • Cuir tacaíocht ar fáil de réir mar is gá agus nuair is gá. D’fhéadfadh go n‑áireofaí leis sin oiliúint bhreise a chur ar fáil, aghaidh a thabhairt ar údair imní na bhfostaithe, agus neart ama a thabhairt dóibh chun iad féin a oiriúnú don athrú.

An fostaí thú?

Mar fhostaí, is minic a iarrtar ort glacadh le hathruithe agus tú féin á chur in oiriúint dóibh nach mbíonn aon smacht agat orthu. Cén chaoi is fearr is féidir leat do bhealach a dhéanamh trí na tréimhsí sin, agus feidhm a bhaint astu chun tairbhe do ghairmréime, fiú?

  • Sheachnódh duine as gach triúr athrú go comhfhiosach dá bhféadfaidís; an bhfuil tusa ar dhuine acu? Is scil iontach é meon solúbtha agus lúfar a bheith agat ar aon chuma, ach bíonn sé sin níos tábhachtaí fós le linn idirthréimhsí. Trí ghlacadh go grástúil le hathruithe, beidh tú in ann a bheith páirteach iontu, beidh an deis agat bogadh go héasca ar fud comhthéacsanna éagsúla oibre, agus léireofar go mbeidh tú in ann cásanna luaineacha a láimhseáil.
  • Cuir ceisteanna (agus cuir fáilte roimh fhreagraí macánta). Cé gur cheart do bhainistíocht éifeachtach fostaithe a choinneáil ar an eolas i gcónaí faoi na hathruithe atá ag tarlú, in go leor cásanna, beidh ort a bheith réamhghníomhach agus an fhaisnéis a theastaíonn uait a lorg. Mar sin, ná bí ag fanacht thart; bí dá bhfiafraí.
  • Bí dearfach i gcónaí. Is minic a bhíonn an t‑athrú scanrúil, ach tabhair seans dó agus d’fhéadfadh sé a bheith ina dheis duit an dearcadh atá agat maidir le do phost a athnuachan, do spriocanna agus/nó scileanna a nuashonrú, agus neartú ar na maidí ar gach taobh.

Sa deireadh thiar, is é an t‑athrú an t‑aon bhealach chun bogadh ar aghaidh, agus is fúinne atá sé glacadh leis na buntáistí atá le tairiscint aige. Le cumarsáid chuí, tacaíocht agus intinn oscailte, is féidir le haistrithe eagraíochtúla a bheith ina gcéimeanna seasta i dtreo éabhlóide agus fáis.

Is coincheap ilghnéitheach í an cheannaireacht éifeachtach, ach ní gá di a bheith róchasta. Cuideoidh na hocht leid seo leat a bheith i d’fhostóir níos fearr.

 

Naisc ghaolmhara:

Bainistiú athruithe. Cad atá á dhéanamh ag an Aontas Eorpach chun cabhrú leatsa?

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar X

EURES ar LinkedIn

EURES ar Instagram

Ábhair
  • Leideanna agus Moltaí
Cuid(eanna) gaolmhara
  • Leideanna agus Moltaí
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.