Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
  • Alt nuachta
  • 26 Meán Fómhair 2024
  • An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
  • Am léitheoireachta: 4 nóiméad

Má shocraíonn tú sprioc ghairme amháin duit féin i mbliana, infheistigh i do scileanna boga

Go dtí seo, mheastaí go raibh sé an-tábhachtach a bheith eolach ar réimse nó ar ról ar leith chun go n‑éireodh leat ó thaobh do ghairme de. Ach cad a tharlaíonn mura leor é sin a thuilleadh?

If you set one career goal this season, make it this: invest in your soft skills

Agus poist á meaitseáil le hiarrthóirí oiriúnacha, is gnáthchleachtas é díriú ar an gcaoi a dtagann cúlra acadúil agus oiliúna duine le héilimh an róil. Le déanaí, glacann earcaitheoirí agus cuardaitheoirí poist araon leis go mbraitheann rath gairmiúil ar shraith eile inniúlachtaí; cuir i gcás scileanna boga, cé go mbaineann tábhacht ar leith le heolas teicniúil.

Cad iad scileanna boga?

I gcodarsnacht le scileanna crua, a fhaightear trí oiliúint struchtúrtha agus a bhaineann go sainiúil le cur síos ar phost (i.e. dearadh grafach, cóipscríbhneoireacht, anailís sonraí, bainistíocht tionscadail), baineann scileanna boga le tréithe carachtair agus scileanna idirphearsanta. I measc na samplaí tá smaointeoireacht chriticiúil, réiteach fadhbanna, obair foirne, éirim mhothúchánach, idirbheartaíocht, ionbhá, bainistiú ama agus solúbthacht.

Ní ba luaithe i mbliana, d’fhoilsigh LinkedIn a liosta de scileanna is mó éilimh do 2024. Ní nach ionadh, bhí cumarsáid ar bharr an liosta, agus seirbhís do chustaiméirí agus ceannaireacht ina dhiaidh sin. Níl aon cheann de na scileanna sin sonrach do ról ar leith; tá siad uile ríthábhachtach i ngach tionscal. Ar an gcúis sin, is cinnte go rachaidh sé chun tairbhe do do shlí bheatha má thógann tú an t‑am chun barr feabhais a chur orthu.

Cén fáth a bhfuil scileanna boga tábhachtach?

Tuaradh i dtuarascáil taighde le Deloitte go mbeidh róil scileanna boga i 63 % de na poist ar fad faoi 2030, rud a léiríonn éileamh atá ag dul i méid i gcónaí orthu . Cad chuige sin?

Tá an margadh saothair tar éis éirí an-iomaíoch. Tá go leor aistrithe ar siúl, mar shampla an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach, agus ní mór tabhairt faoi dhúshláin nua amhail an obair hibrideach nó an chianobair. Chun bheith rathúil in amanna guagacha den sórt sin, teastaíonn an chothromaíocht cheart idir scileanna crua agus boga. Agus ós rud é gur furasta an chéad cheann díobh sin a bhaint amach trí staidéar foirmiúil, is é an dara ceann a fhágfaidh go seasfaidh tú amach ó lear mór daoine oilte a bhfuil an cúlra oideachasúil céanna acu.

Conas is féidir leat do scileanna boga a fhorbairt?

Tá ‘oiliúint’ scileanna boga bunaithe ar réamhghníomhacht agus ar thionscnamh – ar scil bhog inti féin iad a shaothrú. Seo roinnt bealaí ar féidir leat do phróifíl fhoriomlán de scileanna boga a fheabhsú:

  • Cleacht do chumas cumarsáid shoiléir a dhéanamh. Is í an chumarsáid éifeachtach (ó bhéal agus scríofa araon) bunchloch scileanna boga go léir.
  • Bí i d’éisteoir gníomhach. Déan iarracht dearcadh an duine eile a thuiscint, fiú mura n‑aontaíonn tú leo. (Pointe bónais duit má staonann tú ó fhreagra a chur le chéile i d’intinn agus iad ag labhairt.)
  • Scríobh do scéal ‘as an nua’. Murar dhuine mór cuideachta thú riamh, déan iarracht glacadh níos minice le cuirí go himeachtaí sóisialta. Má chreideann tú nach bhfuil bua na bhfocal agat, iarr ar bheith in ann cur le tuarascáil i scríbhinn. Tabhair do do dhúshlán na tuairimí atá agat fút féin a cheistiú.
  • Réitigh coimhlintí ar bhealach gairmiúil. Dírigh ar theacht ar chomhthuiscint in ionad an milleán a chur agus ná ceap gur chugat féin é.
  • Bíodh meon an-dearfach agat. Tá sé sin tábhachtach go háirithe más cuid d’fhoireann thú. Dírigh ar an réiteach seachas ar an iomad machnaimh a dhéanamh faoin bhfadhb.
  • Bí tiomanta don fhoghlaim ar feadh an tsaoil. Tá iliomad acmhainní ar fáil ar líne, mar shampla ardáin oiliúna cosúil le Udemy agus Coursera, nó fiú físeáin céim ar chéim ar YouTube ar gach ábhar is féidir a shamhlú. Is próiseas leanúnach é an feabhsúchán; coinnigh ort!

Is féidir leat an t‑alt EURES seo a léamh freisin chun tuilleadh eolais a fháil faoi na scileanna boga ar leith a chuirfidh le do ghairm bheatha.

 

Naisc ghaolmhara:

Ar thóir oibre? Cuidíonn Europass leat bailchríoch a chur ar do CV agus do chuid scileanna a fheabhsú

Scileanna IS don todhchaí: Treoir maidir le huasoiliúint san aois dhigiteach

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar X

EURES ar LinkedIn

EURES ar Instagram

Ábhair
  • Leideanna agus Moltaí
Cuid(eanna) gaolmhara
  • Leideanna agus Moltaí
Earnáil
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.