
Mar fhostóir, b’fhéidir go mbeifeá ag súil leis gur cúram éasca é oibrithe óga a mhealladh. A mhalairt ar fad atá fíor, áfach. Ós rud é gur gné sheasmhach dá saol í an nascacht dhigiteach, tá daoine óga an lae inniu i bhfad níos féinfheasaí, agus bíonn tionchar aici sin ar an méid is mian leo a bhaint as an obair.
Seo iad a leanas cuid de na príomh-shaintréithe a bhíonn ag oibrithe óga:
- cuireann siad ardluach ar obair a dhéanann difear do chroíluachanna cuideachta, don tsochaí nó dá gcreidimh phearsanta;
- ní maith leo cineálacha dolúbtha cur chuige;
- cosnaíonn siad am pearsanta;
- bíonn siad thar a bheith eolach ar an teicneolaíocht;
- is mó an seans go bhfágfaidh siad post mura bhfuil a riachtanais á gcomhlíonadh.
Mar sin de, chun daoine óga a mhealladh chuig do chuideachta, ní mór tuiscint a fháil ar a meon agus cineálacha cur chuige a thabhairt isteach lena ‘labhraítear’ leis an ngrúpa déimeagrafach áirithe sin. Mar sin, conas is féidir leat é sin a bhaint amach?
Déan athmhachnamh ar chleachtais earcaíochta
Caitheann daoine óga go leor ama ar líne, mar sin, is trí ardáin dhigiteacha is fearr is féidir teagmháil a dhéanamh leo. Tugann na meáin shóisialta an deis duit cultúr do chuideachta a chur i láthair agus folúntais poist a phostáil freisin. De réir taighde, tháinig 73 % de chuardaitheoirí poist idir 18 agus 34 bliana d’aois ar a bpost deireanach ar na meáin shóisialta. Tá an earcaíocht dhigiteach tapa agus simplí freisin, rud a chuireann deireadh leis na céimeanna fada casta a bhíodh ann roimhe seo a d’fhéadfadh iarratasóirí óga a dhíspreagadh.
Cothaigh cultúr dearfach cuideachta
Is mó an seans go dtabharfaidh daoine óga tús áite do chultúr an ionaid oibre agus iad ag déanamh taighde ar fhostóirí féideartha. Chun iad a mhealladh, ba cheart misean soiléir a bheith agat, ba cheart duit oibriú ar chleachtais thrédhearcacha agus timpeallacht oibre thaitneamhach a chur i láthair. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh an éagsúlacht, an chothroime agus an inchuimsitheacht go hard ar liosta do luachanna: is mórbhratach dhearg é má tá droch-cháil ar chuideachta ina thaobh sin.
Cuir neart deiseanna fáis ar fáil
An gceapann tú nach ndéanann daoine óga ach teacht chuig an obair, an obair a chur díobh agus ansin leanúint ar aghaidh lena ‘bhfíorshaol’? Smaoinigh arís. Tá an grúpa sin an-dírithe ar a bhfás gairmiúil féin: Deir 59 % de na mílaoisigh go bhfuil deiseanna forbartha thar a bheith tábhachtach agus iad ag smaoineamh ar dheis oibre, agus creideann 87 % go bhfuil an oiliúint ar an láthair oibre fíor-riachtanach. Fostóirí a thugann tús áite don fhorbairt ghairmiúil agus a thacaíonn lena bhfostaithe a gcuid scileanna a leathnú, is mó seans go gcoinneoidh na fostóirí sin a mbaill foirne níos óige.
Tacaigh leis an gcothromaíocht oibre is saoil
Tá baill na glúine óige ina gceannródaithe i dtaobh sláinte agus folláine san ionad oibre, agus is mó an seans go meallfar iad chuig timpeallachtaí oibre a thacaíonn leis sin. D’fhéadfadh rudaí difriúla do dhaoine difriúla a bheith i gceist leis an gcothromaíocht oibre is saoil: b’fhéidir gur mhór ag cuid acu sceideal oibre solúbtha, an fhéidearthacht obair a dhéanamh go cianda, b’fhéidir gur mhór ag cuid eile acu sochair amhail seimineáir feasachta meabhairshláinte, rochtain ar shaoráidí aclaíochta, nó rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí forbartha foirne. Má chloiseann tú an méid atá le rá ag d’oibrithe agus má dhéanann tú beart de réir briathair, beidh gnaoi na n‑earcach níos óige ort agus tuillfidh tú a ndílseacht.
Mar fhostóir ar mian leis aosaigh óga atá ag dul isteach sa lucht saothair a fhostú, déan athmhachnamh ar an gcaoi a dtéann tú i dteagmháil leo agus déan athmheasúnú ar do mhisean. Tá cumarsáid shoiléir, brandáil bharántúil agus deiseanna fáis infheicthe ríthábhachtach chun spéis na glúine seo a tharraingt agus tá siad ríthábhachtach chun an tallann a bhrúfaidh d’eagraíocht chun cinn a dhaingniú.
Ar mhaith leat tallann den scoth a mhealladh? Cruthaigh do chuntas fostóra ar EURES, brabhsáil níos mó ná aon mhilliún CV agus bí réidh chun bualadh leis na hiarrthóirí is oiriúnaí ó gach cearn den Eoraip. Is féidir leat d’fholúntas a fhógairt freisin.
Naisc ghaolmhara:
Parlaimint na hEorpa: Fostaíocht don Aos Óg
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoirí EURES
Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES
Bunachar sonraí post EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire Imeachtaí EURES
Imeachtaí ar líne a bheidh ar siúl go luath
EURES ar Facebook
EURES ar X
EURES ar LinkedIn
EURES ar Instagram
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 5 Nollaig 2025
- Avtorji
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- Leideanna agus Moltaí
- Treochtaí earcaíochta
- Óige
- Cuid(eanna) gaolmhara
- Cúnamh agus tacaíocht
- Leideanna agus Moltaí
- Earnáil
- Accomodation and food service activities
- Activities of extraterritorial organisations and bodies
- Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
- Administrative and support service activities
- Agriculture, forestry and fishing
- Arts, entertainment and recreation
- Construction
- Education
- Electricity, gas, steam and air conditioning supply
- Financial and insurance activities
- Human health and social work activities
- Information and communication
- Manufacturing
- Mining and quarrying
- Other service activities
- Professional, scientific and technical activities
- Public administration and defence; compulsory social security
- Real estate activities
- Transportation and storage
- Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
- Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles