Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó
EURES (EURopean Employment Services)

Ag cuardach tí san Aontas Eorpach? Seo an áit le tosú

Ag athshocrú don obair agus ag lorg cóiríochta? Féach ár seicliosta chun an staid tithíochta is fearr duit a chinntiú.

  • Alt nuachta
  • 30 Eanáir 2025
  • An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
  • Am léitheoireachta: 4 nóiméad
House-hunting in the EU? Here’s where to start

Mar gheall ar rialacháin a bhaineann le soghluaisteacht an lucht saothair san Aontas, is próiseas simplí é bogadh ó cheann de na 27 mBallstát an Aontais. Má tá sé beartaithe agat athshocrú don obair, is é ceann de na chéad rudaí is gá duit a dhéanamh ná do chóiríocht a fháil. 

Ionas go mbeidh sé níos éasca tuiscint a fháil ar an timpeallacht eastáit réadaigh i dtír eachtrach, seo thíos cúpla rud nach mór a bhreithniú.

Ceantar

D’fhéadfadh sé a bheith dúshlánach an áit a mbeidh cónaí ort a roghnú, go háirithe mura bhfuil cur amach agat ar an tír ar a bhfuil do thriall. I measc na dtosca atá le breithniú tá cé chomh fada ó d’áit oibre atá tú sásta maireachtáil, gaireacht do scoileanna agus modhanna iompair phoiblí, má tá leanaí agat, clú/sábháilteacht na comharsanachta agus rochtain ar áiseanna atá tábhachtach dar leat (e.g. giomnáisiam, páirc, ionad siopadóireachta).

Praghsáil

Is iomaí uair a bheidh costas ina thoisc chinntitheach chomh fada is a bhaineann le do rogha ceantair. I bhformhór na dtíortha, tá praghsanna cíosa sna cathracha móra i bhfad níos airde. An Fhionlainn, mar shampla. Agus comparáid á déanamh idir costais mhaireachtála sa phríomhchathair, Heilsincí, agus na costais mhaireachtála in Turku, cathair níos cúigí, tá difríocht beagnach 33 % ann (EUR 1 036.58 le haghaidh árasán seomra leapa amháin i lár Heilsincí i gcomparáid le EUR 696.27 don chineál céanna árasáin in Turku).

Thairis sin, bíonn lár na gcathracha i bhfad níos costasaí ná na ceantair fho-uirbeacha. Sa Spáinn, is é an praghas cíosa ar árasán seomra leapa amháin ar an imeall ná EUR 400-900. I gceantar láir, d’fhéadfadh méadú 25 % a bheith le tabhairt faoi deara ar na praghsanna sin.

An cineál tithíochta

Ag brath ar do shlí bheatha, d’fhéadfá a bheith incháilithe do chóiríocht trí d’fhostóir. Cuireann an Institiúid Ollscoile Eorpach, mar shampla, tithíocht ar fáil d’acadóirí agus do bhaill foirne riaracháin ar bhonn 12-18 mhí. Tá dlús á chur freisin le cóiríocht ‘cheangailte’ nó ligean corparáideach, agus tá roghanna á dtairiscint ag gníomhaireachtaí amhail ukio, forenom agus NORDICTA a d’fhéadfadh a bheith buntáisteach ó thaobh praghsála de. Déan cinnte go seiceálann tú le d’fhostóir an bhfuil an chuideachta páirteach i gcomhaontú den sórt sin.

Maoin a ligean ar cíos nó a cheannach?

Is cinneadh pearsanta é seo a bhraitheann ar go leor tosca. Má tá a fhios agat nach bhfuil teorainn ama leis do thréimhse bhogtha agus má cheadaíonn do staid airgeadais é, b’fhéidir go roghnófá maoin a cheannach in ionad í a ligean ar cíos. Tá úinéireacht tí níos costasaí sa lá atá inniu ann, toisc go bhfuil rátaí úis agus boilsciú fós ard. Mar sin féin, is infheistíocht shuntasach fhadtéarmach í teach a cheannach, infheistíocht a bhféadfadh ciall a bheith léi i do chás féin. Má chinneann tú maoin a cheannach, smaoinigh ar na rudaí seo a leanas: 

  • Faigh comhairle ó shaineolaí. Cuideoidh aturnae eastáit réadaigh leat, mar shampla, chun an margadh eachtrach a scrúdú go sábháilte.
  • Déan taighde ar do roghanna morgáiste. Tá cabhair ó chomhairleoir airgeadais a bhfuil taithí aige ríthábhachtach. 
  • Scrúdaigh do chuid roghanna tacaíochta. B’fhéidir go mbeadh deontais ar fáil chun úsáid a bhaint as foinsí fuinnimh in-athnuaite nó b’fhéidir go mbeadh tacaíocht airgeadais le haghaidh athchóirithe ar fáil i roinnt tíortha. 

An cló beag

Má shocraíonn tú maoin a fháil ar cíos, sula síníonn tú aon chomhaontú tionóntachta, faigh comhairle ó dhuine a bhfuil aithne aige ar an margadh áitiúil agus cuideoidh sé leat míléamh conartha a sheachaint. Tá dlíthe tionóntachta difriúla i bhfeidhm i dtíortha éagsúla. Sa Ghréig, mar shampla, bíonn éarlais de chíos 2 mhí ag teastáil de ghnáth, ach sa Fhrainc tá an éarlais cothrom le cíos míosa. San Ostair, is féidir le comhaontuithe tionóntachta a bheith éiginnte nó ar théarma seasta (is é 3 bliana an téarma íosta don téarma seasta). Sa Bheilg, tá teorainn ama le gach léas, agus is féidir leo a bheith fadtéarmach (9 mbliana nó níos faide) nó gearrthéarmach (3 bliana nó níos lú). 

Chun cabhair agus comhairle chónaithe a fháil, cliceáil anseo

Réidh chun bogadh thar lear agus ag mothú trína chéile? Ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh le Comhairleoir EURES a threoróidh tú trí gach céim den phróiseas.

 

Naisc ghaolmhara:

An Eoraip Agatsa - Cónaí

An tÚdarás Eorpach Saothair (ELA) 

Léigh tuilleadh: 

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí Ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar X

EURES ar LinkedIn

EURES ar Instagram

Ábhair
  • Leideanna agus Moltaí
  • Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.