Ag dul i ngleic leis an mbac teanga agus tú ag bogadh thar lear - Aontais Eorpaigh Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Suíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais EorpaighSuíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais
EURES (EURopean Employment Services)
  • Alt nuachta
  • 14 Feabhra 2025
  • An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
  • Am léitheoireachta: 4 nóiméad

Ag dul i ngleic leis an mbac teanga agus tú ag bogadh thar lear

Ag bogadh go dtí tír eile agus do scileanna teanga ar an ngannchuid nó ní ann dóibh fiú? Seo an chaoi le líofacht a bhaint amach go réidh.

Dealing with the language barrier when moving abroad

Tar éis duit poist a chuardach, iarratais a dhéanamh, agus cúpla babhta strusmhar agallamh a chur díot, tá tú ag súil le do phost nua thar lear agus tú cíocrach le himeacht. Níl ann ach rud amháin a chuirfeadh isteach ar an bhfuadar ata fút, agus is é sin do thuiscint ar an teanga áitiúil. Bímis ionraic faoi: ní bhíonn spraoi ar bith ag gabháil le bheith ag iarraidh do bhealach a dhéanamh trí thimpeallacht choimhthíoch agus is ar éigean a thuigimid aon rud seachas a mhacasamhail de ‘is ea’, ‘ní hea’, agus ‘heileo’.

Ach labhraíonn gach duine Béarla sa lá atá inniu ann!

Léiríodh i suirbhé Eorabharaiméadair 2024 go labhraíonn leath de dhaonra na hEorpa an Béarla mar dhara teanga. Mar thurasóirí, tig linn Béarla a úsáid i lear mór áiteanna ar fud an domhain.

Mar sin féin, más ag bogadh go dtí tír eile go fadtéarmach atá tú, is réamhriachtanas é an teanga áitiúil a labhairt chun go mbeidh tú in ann comhshamhlú go réidh i do thimpeallacht nua. Ar an gcaoi sin, ní bhíonn an oiread struis ag baint le gnáthchúraimí amhail siopadóireacht bhia, bia beir leat a ordú, nó seirbhís a iarraidh. Anuas air sin, éiríonn sé níos fusa comhrá a dhéanamh le daoine i gcomhthéacsanna sóisialta nó ag an obair. Fiú más ag obair do chorparáid ilnáisiúnta ina bhfuil an Béarla mar theanga oibre atá tú, is cinnte gur muintir na háite a bheidh in go leor de do chomhghleacaithe. Léiríonn tuiscint ar an teanga meas ar an gcultúr áitiúil agus bíonn an saol i bhfad níos fusa ar go leor bealaí dá barr.

Mar sin, cad is féidir leat a dhéanamh chun teacht i dtír sna chéad mhíonna sin go dtí go mbeidh tú níos líofa sa teanga?

Roimh theacht duit…

  • Leag na bunchlocha ar dtús. Má tá go leor ama agat sula mbogann tú, lorg cúrsa eagraithe a chomhfhreagraíonn don chumas atá agat sa teanga faoi láthair. Is féidir le Comhairleoir EURES, nó leis an ambasáid nó consalacht áitiúil, cabhrú leat teacht ar chúrsa atá in oiriúint do do chuid riachtanas.
  • Roghnaigh cuid den iliomad acmhainní agus aipeanna teanga atá ar fáil ar líne. Níl in Italki, Duolingo agus Babbel ach cuid de na roghanna iomadúla atá ann a sholáthraíonn deiseanna foghlama duit ionas gur féidir leat gabháil ar do luas féin.

Agus do cheann scríbe bainte amach agat…

  • Caith cúpla uair an chloig in aghaidh na seachtaine don fhoghlaim chórasach. Gheobhaidh tú cúrsaí oiriúnacha le haghaidh do leibhéil agus do riachtanais i bhformhór na dtíortha de chuid an Aontais. Sa tSualainn, mar shampla, cuireann an scéim ‘Free Tuition for Immigrants’ cúrsaí sa tSualainnis ar fáil agus mar aon le cúrsaí speisialaithe atá curtha in oiriúint do do riachtanais oibre. Cuireann SI Studiare Italiano cúrsaí éagsúla ar fáil ar fud áiteanna éagsúla san Iodáil. Chun tuilleadh treorach a fháil, téigh i dteagmháil le Comhairleoir EURES.
  • Bí ag meascadh le muintir na háite. Bí páirteach i gclub, freastail ar imeachtaí sa teanga áitiúil agus tapaigh gach deis chun do scileanna labhartha a chleachtadh. Cuir tús le comhráite, cuir ceisteanna agus labhair amach. Ná bíodh imní ort faoi bhotúin a dhéanamh; beidh meas ag muintir na háite ar d’iarracht cumarsáid a dhéanamh ina dteanga féin agus is níos mó ná sásta a bheidh siad cabhrú leat.
  • Déan iarracht do thumadh sa chultúr áitiúil. Tabhair cuairt ar an amharclann, breathnaigh ar sheó teilifíse nó scannán sa teanga áitiúil, léigh an nuacht ar líne.
  • Faigh cabhair ó aip aistriúcháin gutha ar an toirt amhail Notta, iTranslateMicrosoft Translator. Cabhróidh sé leat agus tú in abar ó thaobh na teanga de, cuir i gcás.
  • Ar deireadh, bí foighneach. Bíonn iarracht ag teastáil chun máistreacht a dhéanamh ar theanga nua agus is féidir leis a bheith ina fhoinse frustrachais in amanna. Lean ort, agus méadóidh do mhuinín agus do scileanna de réir a chéile.

Léigh faoi thaithí daoine eile a lorg obair thar lear le tacaíocht ó EURES:

An Fhrainc chun na Gearmáine: conas a d’aistrigh pianódóir agus a pianó le haghaidh deiseanna sa cheoldrámaíocht

An Rómáin chun na hOstaire: an chaoi ar aistrigh oibrí cairéil chuig tír eile chun post nua a fháil

Ón Spáinn chun na Sualainne:Conas a d’athraigh EURES saol oibrí turasóireachta

 

Naisc ghaolmhara:

EURES: Aimsigh post san Eoraip

Téigh i dteagmháil le Comhairleoir EURES

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí Ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar X

EURES ar LinkedIn

EURES ar Instagram

Ábhair
  • Leideanna agus Moltaí
  • Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.