Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó
EURES (EURopean Employment Services)
  • Alt nuachta
  • 13 Deireadh Fómhair 2025
  • An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
  • Am léitheoireachta: 5 nóiméad

An bhféadfadh na meáin shóisialta dochar a dhéanamh do ghairmréim dhuine?

Sa lá atá inniu ann, tá láithreacht ag beagnach gach duine ar na meáin shóisialta. Is a bhuíochas den tarraingt a bhaineann le bheith in ann nascadh leis an saol mór ar an toirt agus leis an saoirse chun tuairimí a nochtadh a tháirgeann sé sin atá láithreacht dhigiteach ag an gcuid is mó againn. Mar sin féin, d’fhéadfaí dochar a dhéanamh do shaol gairmiúil duine toisc a ngníomhaíochtaí ar líne.

Could social media be hurting your career?

Tá na meáin shóisialta fite fuaite i saol an lae inniu, agus is annamh anois a bhíonn an ról a n‑imríonn siad inár saol á cheistiú. Mar sin féin, de réir mar a mhéadaíonn an tionchar a bhíonn ag na meáin shóisialta, agus ardáin nua ag teacht chun cinn maille le tionscnaimh nua a bheith de shíor á dtabhairt isteach, ní féidir linn ach an tionchar a bhíonn ag ár lorg digiteach ar ár saol a cheistiú.

Réimse amháin a bhfuil na meáin shóisialta tar éis tionchar a imirt air is ea gairmeacha beatha. Is uirlisí cumhachtacha iad ardáin ghairmiúla cosúil le LinkedIn chun poist a chuardach agus chun líonrú a dhéanamh. Leo sin, cuirtear ar do chumas do CV a phostáil, teagmháil dhíreach a dhéanamh le hearcaitheoirí, agus/nó páirt a ghlacadh i ngrúpaí de ghairmithe atá ar aon intinn leat ar féidir leo comhairle a chur ar fáil agus gníomhú mar dhroichid idir tú féin agus ceannairí poist a d’fhéadfadh a bheith ann. Leis na hardáin sin, is féidir aird a tharraingt ar d’éachtaí gairmiúla agus do chuid scileanna a thaispeáint.

Os a choinne sin, de réir shuirbhé CareerBuilder, úsáideann 70 % d’fhostóirí na meáin shóisialta mar bhealach chun iarrthóirí a scagadh le linn an phróisis earcaíochta. Ní gá a rá, mar sin, gur féidir le fostóir féideartha teacht ar cibé rud a bpostálann tú, agus b’fhéidir go roghnódh an fostóir sin d’iarratas a chur ar aghaidh ag brath ar a dtugann do láithreacht ar líne le tuiscint.

Mar sin, conas is féidir leat a chinntiú nach ndéanfaidh do chonair dhigiteach dochar do d’ionchais ghairme? Seo a leanas roinnt bratach dearga nach mór a sheachaint agus tú ag plé leis na meáin shóisialta.

Grianghraif chonspóideacha a phostáil

B’fhéidir gur mhaith leat ligean leat féin le linn do chuid ama shaoir, agus tá láncheart agat do shaol príobháideach a chaitheamh ar bhealach ar bith is mian leat. Mar sin féin, d’fhéadfaí nach mbeadh fostóirí féideartha róthógtha le pictiúir díot féin ag gabháil do chóisireacht iomarcach, ró-úsáid alcóil agus iompar neamhchoiscthe, agus d’fhéadfaidís iarrthóir a bhfuil láithreacht dhigiteach ní ba dhiscréidí acu a roghnú.

Páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí a chothaíonn scoilt

A bhuí leis na meáin shóisialta, is ann anois do spásanna um nochtadh tuairimí inar féidir barúlacha a chur in iúl gan srian agus ina bhfuil gach ceann acu bailí, agus inar caitear mar thuairimí inspéise leo. Tá míbhuntáiste leis, áfach; d’fhéadfadh tuairimí láidre polaitiúla nó seasaimh deighilteacha tú a chur i gcontrárthacht le d’fhostóir, go háirithe má théann do thuairimí i gcoinne luachanna na cuideachta. Ná glac páirt i bpléití den sórt sin i spásanna poiblí ar líne. 

Iompraíocht ionsaitheach nó dhiúltach a léiriú

Ar ndóigh, is coireanna tromchúiseacha iad trolláil agus ciapadh ar líne, agus is féidir an té a dhéanann coireanna mar sin a bheith i bponc ó thaobh an dlí de dá mbarr, fiú. Mar sin féin, is ann d’iompraíochtaí níos caolchúisí a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar do dheiseanna fostaíochta, cuir i gcás tráchtanna ionsaitheacha nó maslacha a dhéanamh ar fhóraim phoiblí, nó ráitis dímheasúla a dhéanamh faoi bhun postálacha daoine eile. 

A bheith ag gearán faoin staid oibre atá agat faoi láthair

An bhfuil do bhainisteoir, do chomhghleacaí nó cliant do do chur soir? Ná cuir amach ar na meáin shóisialta é, toisc go bhféadfaí go bhfillfeadh an feall ar an bhfeallaire. Sábháil do chuid sciollta ar son iad siúd amháin a bhfuil tú mór leo, agus ná fág rianta scríofa de sa chibearspás. 

Ar an iomlán, is féidir leis na meáin shóisialta a bheith ina n‑áis iontach ó thaobh an tsaoil ghairmiúil de, ach níl a n‑úsáid neamhshrianta gan deacrachtaí. Déan athbhreithniú ar do chuntais reatha agus déan iad a sciúradh go críochnúil d’fhonn fáil réidh le haon ábhar nach mian leat go bhfeicfeadh fostóir ionchasach é. D’fhonn tú féin a chosaint tuilleadh, scair do chuntais phearsanta ó do chuntais ghairmiúla, agus cuir air an socrúchán ‘príobháideach’ iontu. Má choimeádann tú súil ghéar ar an gcaoi a gcuireann tú tú féin i láthair ar líne, beidh buntáistí ollmhóra ann i dtaobh do ghairmréime de, san am i láthair agus amach anseo araon.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas do láithreacht ghairmiúil a threisiú, léigh ár n‑alt maidir le Do bhranda pearsanta a thógáil agus a fheabhsú

 

Naisc ghaolmhara:

European Parliament – Regulating social media: What is the European Union doing to protect social media users? [Parlaimint na hEorpa – Na meáin shóisialta a rialáil: Cad atá á dhéanamh ag an Aontas Eorpach chun úsáideoirí na meán sóisialta a chosaint?]

Léigh tuilleadh: 

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar sonraí post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar X

EURES ar LinkedIn

EURES ar Instagram

Ábhair
  • Leideanna agus Moltaí
Cuid(eanna) gaolmhara
  • Leideanna agus Moltaí
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.