Is annamh a shamhlaítear coincheap na brandála pearsanta leis an bpost is ansa leat ar domhan a fháil agus a choinneáil. Tar éis an tsaoil, cén baint atá ag an téarma margaíochta sin le dul chun cinn gairme? Chuirfeadh an freagra iontas ort.
Is próiseas atá sa bhrandáil phearsanta, i ndáiríre, ina n‑aithníonn agus ina sainíonn tú na rudaí a seasann tú dóibh mar dhuine aonair. Is féidir breathnú air freisin mar thoradh ar do thaithí, d’eolas, do scileanna agus do luachanna, agus dá bhrí sin, is gné thábhachtach de do rath pearsanta agus gairmiúil é. Féiniúlacht uathúil, nó ‘branda’, a chruthú – sin rud a dhealóidh ó dhaoine eile thú agus a chabhróidh leat na deiseanna fostaíochta cearta a mhealladh.
Sin mar is féidir leat do bhranda pearsanta a thógáil agus a fheabhsú chun láithreacht ghairmiúil láidir a chruthú.
Sainmhínigh do chóras luachanna pearsanta
Is é a bheith soiléir faoin méid a seasann tú dó an chéad chéim i dtreo branda uathúil a chruthú. Go bunúsach, is ionann do luachanna agus na croíphrionsabail agus na creidimh atá mar bhonn le do ghníomhartha agus d’iompar. Chun cabhrú leat iad a shainiú, tosaigh le roinnt de na príomhchoincheapa is mó a luíonn leat i do chuid idirghníomhaíochtaí le daoine eile a scríobh síos, cuir i gcás iontaofacht, barántúlacht, inoiriúnaitheacht agus oscailteacht. Cuideoidh siad sin leat do bhranda a mhúnlú agus beidh tionchar mór acu ar an gcaoi a cuireann tú tú féin in iúl don saol mór.
Cruthaigh do ‘ráiteas misin’ gairmiúil
Cosúil le do luachanna pearsanta, is cur síos gairid é do ráiteas misin ar d’aidhmeanna, do spriocanna agus do mhianta. Is cuid shuntasach d’fhéiniúlacht ghairmiúil é, trínar féidir cosán soiléir a leagan amach maidir leis an gceann scríbe is mian leat a bhaint amach agus an dóigh a mbainfidh tú amach é.
Faigh tuiscint ar an tairbhe a dhéanfaidh tú
Cad é an bua is mó atá agat? Iontas na n‑iontas, is minic a rangaítear an cheist sin mar cheann de na ceisteanna agallaimh is deacra, ach tá sé tábhachtach go mbeadh tuiscint shoiléir agat ar na buanna is mó atá agat gan iad a chur faoi cheilt ar fhaitíos go mbeadh cuma an tsotalaigh ort as maíomh astu. Má tá a fhios agat cá luíonn do chuid láidreachtaí, beidh tú in ann iad a chur in iúl go soiléir agus iad a úsáid chun do bhuntáiste gairmiúil a chur chun tairbhe.
‘Díol’ do bhranda ar an mbealach ceart
Tá sé léirithe go bhfuil drochbhaint idir na meáin shóisialta agus laghdú ar ár dtáirgiúlacht agus ar ár gcumas chun dírithe, agus féinmheas íseal. Mar aon le go leor rudaí, áfach, is ann do bhealach ceart agus mícheart ann chun iad a úsáid, chomh fada is go bhfuil tú ar an eolas faoi cad ba mhaith leat a bhaint amach. Is féidir ardáin cosúil le LinkedIn, X agus YouTube, nó suíomh gréasáin pearsanta fiú, a ghiaráil chun do thairbhe má úsáideann tú iad mar dheis chun do chuid oibre, do láidreachtaí agus do bhuanna a thaispeáint.
Ar deireadh, bí ionraic
Is cuma cén cineál branda phearsanta a bhfuil tú ag iarraidh a chruthú – ní bheidh sé fóinteach mura dtaispeánann sé cé thú féin. Is é an t‑aon bhealach chun muinín agus creidiúnacht a thógáil, fíordháimh a bheith agat le daoine agus na deiseanna a mhealladh a spreagfaidh do ghairm bheatha a chur chun cinn ná a bheith dílis duit féin.
Is próiseas casta é d’infhostaitheacht a fheabhsú a bhraitheann fachtóirí éagsúla air. Le haghaidh tuilleadh leideanna maidir le conas é sin a bhaint amach, léigh ár n‑alt anseo.
Naisc ghaolmhara:
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoirí EURES
Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES
Bunachar Sonraí Post EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire Imeachtaí EURES
Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath
EURES ar Facebook
EURES ar X
EURES ar LinkedIn
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 30 Iúil 2024
- Údair
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- Leideanna agus Moltaí
- Cuid(eanna) gaolmhara
- Leideanna agus Moltaí
- Earnáil
- Accomodation and food service activities
- Activities of extraterritorial organisations and bodies
- Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
- Administrative and support service activities
- Agriculture, forestry and fishing
- Arts, entertainment and recreation
- Construction
- Education
- Electricity, gas, steam and air conditioning supply
- Financial and insurance activities
- Human health and social work activities
- Information and communication
- Manufacturing
- Mining and quarrying
- Other service activities
- Professional, scientific and technical activities
- Public administration and defence; compulsory social security
- Real estate activities
- Transportation and storage
- Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
- Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles