
Cuir i gcás, tá tú ag lorg deiseanna i dtír Eorpach eile, ach téann sé crua ort post a fháil i do réimse, nó níl an post atá aimsithe agat ag teacht le do cháilíochtaí. Ná bíodh aon amhras ort; níl tú i d’aonar.
Ar scála níos leithne, bíonn neamhéifeachtúlachtaí sa mhargadh fostaíochta agus costais leasa níos airde do rialtais mar thoradh ar neamhréir idir poist agus daoine, agus sin an fáth a bhfuil an fhadhb sin á scrúdú ag an Aontas. Sa tuarascáil nua tá léargas ar thrí chineál neamhréir a bhíonn le sárú ag thart ar 4.3 milliún saoránach AE taistil óg idir 15 agus 34 bliana d’aois. Léirítear inti gur minic a bhíonn níos mó deacrachtaí ag daoine ó thíortha eile ná mar a bhíonn ag oibrithe ina dtír féin poist a aimsiú a thagann lena gcuid oideachais agus scileanna.
Léiríonn na figiúirí seo a leanas an pictiúr ina iomláine:
An bhfuil an leibhéal oideachais agat ró-ard?
Maidir leis an gceist cibé an dtagann leibhéal oideachais na saoránach AE taistil óg leis na riachtanais a bhaineann lena bpoist:
- Tá 27 % díobh rócháilithe dá bpost reatha – céatadán atá beagnach mar an gcéanna leis na daoine a thagann ó thíortha lasmuigh den Aontas (28 %).
- Tá níos mó ban rócháilithe (31 %) dá bpost reatha ná mar atá i gcás na bhfear (24 %). Ach maidir leis an líon daoine nach bhfuil na cáilíochtaí riachtanacha acu, is a mhalairt ar fad atá fíor – is mó an seans go mbeidh saoránaigh AE taistil ar fir iad tearc-cháilithe (12 %) ná mar atá i gcás na mban (9 %).
- Sa Spáinn, san Ísiltír agus san Ostair, oibríonn thart ar dhuine as gach triúr saoránach AE taistil i bpost nach mbaineann leas iomlán as a gcúlra oideachais. Sa Ghearmáin, áfach, tá an rócháilíocht i bhfad níos ísle, mar atá, 17 %.
An bhfuil post ar fáil i do réimse?
Maidir le cé acu a bhaineann poist do shaoránaigh AE taistil óga lena réimse saineolais féin:
- Tá poist ag thart ar 51 % díobh atá ag teacht go dlúth lena leibhéal oideachais, agus tuairiscíonn 14 % nach bhfuil an post ag teacht lena leibhéal oideachais in aon chor.
- San Iodáil, níl post oiriúnach ach ag 26 % díobh – sin difríocht shuntasach i gcomparáid le saoránaigh na hIodáile (43 %). Níl an bhearna idir saoránaigh AE taistil agus saoránaigh eile ach beagáinín níos lú sa Bheilg agus san Ostair, ach sa Spáinn níl sa bhearna sin ach trí phointe céatadáin: 52 % i gcomparáid le 55 % i gcás na saoránach eile.
An bhfuil tú in ann ag an bpost?
Nuair a fiafraíodh díobh an raibh siad den tuairim go bhfuil a gcuid scileanna oiriúnach don phost atá acu faoi láthair:
- Dúirt 25 % de shaoránaigh AE taistil óga go raibh siad ró-oilte, i gcomparáid le 18 % de na daoine atá ag obair ina dtír dhúchais.
- Mheas 28 % de mhná go raibh siad ró-oilte, i gcomparáid le 23 % d’fhir.
- Sa Bheilg agus san Ostair, thuairiscigh 33 % de shaoránaigh AE taistil óga go raibh siad ró-oilte. Tá sciar i bhfad níos ísle ann i gcás na Gearmáine, is é sin 20 %.
Mar a léirítear sa tuarascáil, ní i gcónaí a bhíonn sé chomh furasta lena dhath teacht ar an bpost ceart. Is féidir le seirbhísí amhail EURES cabhrú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin. Le huirlisí amhail na Laethanta Fostaíochta Eorpacha Ar Líne agus líonra de chomhairleoirí oilte, tacaíonn EURES le cuardaitheoirí poist agus le fostóirí araon an mheaitseáil cheart a aimsiú.
Idir an dá linn, is féidir leat úsáid a bhaint as Tuarascáil EURES maidir le ganntanas agus barrachas lucht saothair 2025 agus as an deais idirghníomhach chun a fháil amach cá bhfuil an t‑éileamh is mó ar do chuid scileanna ar fud na hEorpa.
Naisc ghaolmhara:
Saoránaigh AE taistil óga agus neamhréir sa mhargadh saothair
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoirí EURES
Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES
Bunachar sonraí post EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire Imeachtaí EURES
Imeachtaí ar líne atá ar na bacáin
EURES ar Facebook
EURES ar X
EURES ar LinkedIn
- Dáta foilsithe
- 9 Iúil 2026
- Údair
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- Gnó / Fiontraíocht
- Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
- Nuacht/tuarascálacha/staitisticí
- Treochtaí earcaíochta
- Óige
- Cuid(eanna) gaolmhara
- Earnáil
- Accomodation and food service activities
- Activities of extraterritorial organisations and bodies
- Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
- Administrative and support service activities
- Agriculture, forestry and fishing
- Arts, entertainment and recreation
- Construction
- Education
- Electricity, gas, steam and air conditioning supply
- Financial and insurance activities
- Human health and social work activities
- Information and communication
- Manufacturing
- Mining and quarrying
- Other service activities
- Professional, scientific and technical activities
- Public administration and defence; compulsory social security
- Real estate activities
- Transportation and storage
- Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
- Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles