Agus Ballstáit an Aontais ag ullmhú don aistriú glas agus digiteach araon, tá sé tábhachtach a áirithiú go mbeidh an t‑eolas is gá ag oibrithe atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo chun bheith rannpháirteach san athrú sin. Beidh toradh a shaothair le feiceáil má spreagtar oibrithe chun scileanna ábhartha a fháil, de réir thuarascáil Eurofound dar teideal ‘Measures to tackle labour shortages: lessons for future policy’ [Bearta chun dul i ngleic le ganntanais lucht saothair: ceachtanna maidir le beartas don am atá le teacht], lena dtugtar le fios gur dócha gur mó na poist ghlasa nuachruthaithe ná caillteanais post in earnálacha atá dian ar charbón agus in earnálacha fuinnimh. Idir an dá linn, má dhéantar oiriúnú don aistriú digiteach, cinnteofar gur féidir le níos mó oibrithe teicneolaíochtaí nua a úsáid.
Seo trí bhealach a bhfuil rialtais agus eagraíochtaí i mBallstáit éagsúla de chuid an Aontais ag freagairt don athrú sin.
An lucht saothair atá ann cheana a choinneáil i bpoist ghlasa nua
- An Ostair: Klimaaktiv Ó 2004 i leith, tá oideachas agus oiliúint i ngairmeacha aistrithe ghlais á gcomhordú agus á bhfóirdheonú ag clár náisiúnta na hOstaire um chosaint na haeráide. Oibríonn Klimaaktiv le fostóirí agus le páirtithe leasmhara eile chun ganntanas scileanna agus lucht saothair a shainaithint, agus chun oiliúint a chur ar a bhfoireann d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na ganntanais sin. In 2021, dúirt ní ba mhó ná 80 % d’fhostóirí i suirbhé a rinne Institiúid na hOstaire um Ghairmtaighde (Institut für Bildungsforschung) go raibh siad buailte go dona ag ganntanais lucht saothair in earnálacha na tógála, an táirgthe agus na héifeachtúlachta fuinnimh, agus an iompair. Díríonn an clár, lena mbaineann buiséad bliantúil os cionn EUR 6.8 milliún, ar ghairmfhoghlaim agus foghlaim ar feadh an tsaoil a úsáid chun bacainní ar úsáid teicneolaíochtaí atá fuinneamhéifeachtúil a bhaint – agus meastar go mbeidh 250 000 post glas san Ostair mar thoradh air sin amach anseo.
- Éire: Plean um Aistriú Cóir Tá Bord na Móna, an buainteoir móna atá faoi úinéireacht an Stáit, ag bogadh ó ghiniúint fuinnimh go fuinneamh in-athnuaite agus athshlánú tailte portaigh mar chuid de Phlean Gníomhaíochta Aeráide na hÉireann. In 2019, cuireadh de chúram ar thart ar 350 duine dá lucht saothair de 1 000 duine portach móna a athchóiriú; faoi 2026, agus meastar go gcruthófar 1 435 phost ghlasa sa limistéar Lár Tíre, ar mó atá buailte. Faoi 2030, tuartar sa Phlean um Aistriú Cóir go mbeidh gá le beagnach 80 000 earcach nua i bpoist ghlasa, lena n‑áirítear innealtóireacht fuinnimh in-athnuaite, iarfheistiú tithíochta, teicneoirí feithiclí leictreacha, gan trácht, ar bhonn níos leithne, ar na poist a chruthófar sa timpeallacht thógtha. Le maoiniú EUR 84.5 milliún ón Aontas – agus chuir an rialtas áitiúil an maoiniú céanna ar fáil freisin – tacaítear leis an uaillmhian aistriú glas atá cóir ón taobh sóisialta agus eacnamaíoch de a bhaint amach.
Oiliúint a chur ar ghrúpaí tearcfhostaithe san earnáil dhigiteach
- An Ghearmáin: Jobstarter plus I measc spriocghrúpaí an chláir seo de chuid na hInstitiúide Cónaidhme um Ghairmoideachas agus Gairmoiliúint, bhí daoine a d’éirigh as an scoil nó an ollscoil, agus imircigh. Faoin gclár, maoiníodh agus tacaíodh le tionscadail réigiúnacha lenar cuireadh oiliúint ar bhaill foirne le haghaidh gairmeacha in FBManna a dtéann an t‑aistriú digiteach i bhfeidhm orthu, le buiséad bliantúil EUR 13 mhilliún.
- An Iodáil: Growing in Digital Faoin gclár seo, íocadh daoine a bhí tar éis éirí as an oideachas EUR 500 sa mhí chun páirt a ghlacadh i gcúrsa oiliúna ar líne saor in aisce caoga uair an chloig i scileanna digiteacha, agus chun tabhairt faoi intéirneacht sé mhí ina dhiaidh sin. Íocadh suas le EUR 8 060 le comhlachtaí chun rannpháirtithe a fhostú ar feadh sé mhí ar a laghad.
Scileanna digiteacha a fheabhsú sa lucht saothair níos leithne
- An Fhionlainn: Age of Artificial Intelligence (an intleacht shaorga) Mar chuid den chlár seo, baindeadh úsáid as réimse gníomhaíochtaí – lenar áiríodh Ollchúrsa Oscailte ar Líne (MOOC) maidir leis an Intleacht Shaorga (an MOOC ‘Gnéithe den Intleacht Shaorga’ ó MinnaLearn agus Ollscoil Heilsincí) – chun scileanna intleachta saorga a chur ar an bpobal i gcoitinne don obair agus sa saol laethúil, agus é mar aidhm aige an tír a bheith ar thús cadhnaíochta sa réimse sin. Ó chuir an tAire Gnóthaí Eacnamaíocha an clár ar bun, tá ar a laghad 2 % de mhuintir na Fionlainne tar éis páirt a ghlacadh san oiliúint, mar aon le níos mó ná 750 000 duine ar fud an domhain. Mar sin féin, is daoine a bhfuil oideachas ardleibhéil acu cheana féin an dream atá tar éis tabhairt faoin oiliúint, den chuid is mó.
- Lucsamburg: Digital Skills Bridge Cuirtear oiliúint ar fhostaithe i gcuideachtaí atá buailte ag an gclaochlú digiteach faoin gclár seo. Rinneadh anailís mar chuid de ar thionchar na dteicneolaíochtaí nua ar an gcuideachta agus sainaithníodh daoine aonair agus na róil phoist is mó ar a bhfuil uas-sciliú de dhíth. Rinneadh cómhaoiniú ar ghníomhaíochtaí oiliúna do rannpháirtithe agus tacaíodh le cuideachtaí chun tuarastail a chumhdach fad a bhí a bhfostaithe i mbun oiliúna.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, léigh an tuarascáil iomlán ‘Measures to tackle labour shortages: lessons for future policy’ [Bearta chun dul i ngleic le ganntanais lucht saothair: ceachtanna maidir le beartas don am atá le teacht]’.
Naisc ghaolmhara:
Tá poist á n‑athrú ó bhonn a bhuí leis an aistriú glas, an bhfuil tú ullamh?
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoirí EURES
Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES
Bunachar Sonraí EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire Imeachtaí EURES
Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath
EURES ar Facebook
EURES ar X
EURES ar LinkedIn
EURES ar Instagram
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 12 Nollaig 2024
- Údair
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
- Nuacht/tuarascálacha/staitisticí
- Treochtaí earcaíochta
- Óige
- Cuid(eanna) gaolmhara
- Cúnamh agus tacaíocht
- Leideanna agus Moltaí
- Eolas faoin margadh saothair
- Maireachtáil & Obair
- Earnáil
- Accomodation and food service activities
- Activities of extraterritorial organisations and bodies
- Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
- Administrative and support service activities
- Agriculture, forestry and fishing
- Arts, entertainment and recreation
- Construction
- Education
- Electricity, gas, steam and air conditioning supply
- Financial and insurance activities
- Human health and social work activities
- Information and communication
- Manufacturing
- Mining and quarrying
- Other service activities
- Professional, scientific and technical activities
- Public administration and defence; compulsory social security
- Real estate activities
- Transportation and storage
- Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
- Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles