Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
  • Alt nuachta
  • 24 Deireadh Fómhair 2024
  • An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
  • Am léitheoireachta: 4 nóiméad

Tá poist á n athrú ó bhonn a bhuí leis an aistriú glas, an bhfuil tú ullamh?

Agus an ghéarchéim aeráide ag druidim lena buaicphointe, tá méadú ag teacht ar an éileamh ar scileanna glasa. Seo mar is féidir leat coinneáil ar an eolas faoi na hathruithe a théann i bhfeidhm ar an lucht saothair.

The green transition is transforming jobs, are you ready?

Le linn Chomhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP 28) a reáchtáladh ag deireadh 2023, cuireadh clabhsúr oifigiúil leis an díospóireacht atá ar siúl le fada an lá maidir le breoslaí iontaise: táthar tiomanta do dhlús a chur leis an aistriú glan-nialasach, agus do thorthaí nithiúla a bhaint amach faoi 2030. Beidh aistriú suntasach i dtreo poist níos glaise i gceist leis sin.

De réir thuarascáil Cedefop dar teideal Skills in transition – The way to 2035 [Scileanna i mbun aistrithe – As seo go dtí 2035], chun spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach, is dócha go dtiocfaidh méadú ar éileamh in earnálacha amhail tógáil, iompar, bainistiú dramhaíola, leictreachas, ailtireacht agus innealtóireacht. Ós rud é gurb iad na hearnálacha sin na túsphointí le haghaidh aistriú glas a mbeidh rath air, tá claochluithe suntasacha á ndéanamh orthu agus éilítear dá mbarr sin uas-sciliú glas an lucht saothair.

Cad go díreach iad na scileanna glasa?

Tuigtear leis an téarma ‘scileanna glasa’ na scileanna agus an t‑eolas is gá chun an t‑aistriú glan-nialasach a chothú, i gcomhréir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe de chuid na Náisiún Aontaithe. Is minic a mheastar gur scileanna teicniúla iad scileanna glasa, e.g. scileanna eolaíochta, teicneolaíochta nó innealtóireachta; mar sin féin, tá scileanna boga ag teastáil don aistriú glas freisin, amhail cinnteoireacht, cruthaitheacht, réasúnaíocht chriticiúil, bainistiú tionscadal agus saineolas gnó.

Trí na hinniúlachtaí sin a chothú, cuirfear ar chumas daoine a bhfuil poist thábhachtacha acu an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • tionchair fhadtéarmacha gníomhaíochtaí áirithe ar an gcomhshaol a thomhas agus roghanna níos fearr a dhéanamh; teacht ar réitigh nuálacha a chuirfidh leis an inbhuanaitheacht;
  • meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht tionscnamh éagsúil glasaithe agus iad a chur in oiriúint pé uair nó pé áit is gá;
  • a áirithiú go gcuirfear pleananna gníomhaíochta ar son na haeráide i gcrích agus na tairbhí comhshaoil is fearr is féidir á gcur san áireamh;
  • scéalta a chruthú a tharraingíonn daoine isteach agus a spreagann gníomhaíocht chlaochlaitheach chomhchoiteann.

Gairmeacha glasa

Agus sinn ag druidim níos gaire don fhís de shochaithe ísealcharbóin, tá speisialtóireachtaí nua ag eascairt as earnálacha atá ann cheana féin, agus tá poist eile ar tugadh neamhaird orthu go dtí seo den chuid ba mhó ag éirí níos tarraingtí gan choinne. Seo roinnt bealaí gairme glasa le bheith ag machnamh fúthu:

  • Saineolaí inbhuanaitheachta. Is é na cúraimí a bheidh orthu ná oibriú chun lorg comhshaoil cuideachtaí a laghdú; samhlacha gnó a athbhreithniú chun a chinntiú go gcomhlíonann siad treoirlínte inbhuanaitheachta; oideachas a chur ar an lucht saothair maidir le cleachtais ghlasa; agus a chinntiú go mbeidh luachanna agus gníomhaíochtaí cuideachtaí ailínithe le spriocanna aeráide.
  • Speisialtóir ciorclaíochta. Beidh an geilleagar a bheidh ann amach anseo ag brath go mór mór ar athchúrsáil, laghdú, athúsáid agus deisiú. Beidh spesialtóirí ciorclaíochta freagrach as na próisis sin go léir a thabhairt isteach, a mhaoirsiú agus/nó a chuíchóiriú.
  • Feirmeoir uirbeach. Usáidfidh siadsan an teicneolaíocht talmhaíochta is déanaí, lena n‑áirítear an intleacht shaorga, chun barra a shaothrú i gcathracha, rud lena mbainfear t‑ualach de cheantair thuaithe. Leis na samhlacha nua sin bainfear úsáid níos lú as talamh agus uisce, mar aon le níos lú lotnaidicídí – rud a fhágfaidh go mbeidh cathracha níos sláintiúla agus níos taitneamhaí ó thaobh na haeistéitice de.
  • Agranamaí. Ós rud é gur dócha nach gcuirfear deireadh de réir a chéile leis an bhfeirmeoireacht thraidisiúnta, cuireann agranamaithe comhairle ar fheirmeoirí maidir le cleachtais níos inbhuanaithe.
  • Comhairleoir éiceolaíochta. Déanfaidh siad taighde agus cuirfidh siad comhairle ar fáil faoi shaincheisteanna comhshaoil. Cuirfidh siad a saineolas ar fáil freisin maidir le dearadh tírdhreach, foraoiseacht agus bainistiú eastáit, i measc rudaí eile.
  • Éiceathógálaí. Déanfaidh siad foirgnimh chliste nua a dhearadh agus beocht a chur iontu ar bhealach a mbainfear úsáid éifeachtach iontu as teas agus solas, agus déanfaidh siad foirgnimh níos sine a iarfheistiú freisin chun na caighdeáin nua a chomhlíonadh.

Léigh tuilleadh faoi ghairmeacha a mbíonn tionchar dearfach glasaithe orthu inár n‑alt dar teideal Poist ghlasa a bhfuil an-tóir orthu in 2023.

 

Naisc ghaolmhara:

Treochtaí poist atá ag athrú: an tionchar a bheidh ag an aistriú chuig geilleagar glas digiteach ar fhostaíocht san Eoraip

Assessing and anticipating skills for the green transition – OECD report [Scileanna don aistriú glas a mheasúnú agus a thuar – Tuarascáil ECFE]

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar X

EURES ar LinkedIn

EURES ar Instagram

Ábhair
  • Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
  • Treochtaí earcaíochta
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.