
Tá buanna den scoth de dhíth ar an Eoraip, agus teastaíonn ó fhostóirí daoine d'ardchaighdeán a fhostú – an duine is fearr don phost – go tapa agus ar bhealach cost-éifeachtach. Mar sin, i bhfianaise na práinne seo, ní haon ionadh é go bhfuil níos mó agus níos mó cuideachtaí ag baint úsáide as an intleacht shaorga ina bpróisis earcaíochta. Ó scagthástáil CVanna go hagallaimh, is féidir leis an intleacht shaorga gach céim a chuíchóiriú, amanna earcaíochta a laghdú agus an próiseas iomlán a dhéanamh níos costéifeachtaí.
Ach tá míbhuntáiste ag baint le hearcaíocht faoi thiomáint na hintleachta saorga, mar a léiríodh i bpostáil Instagram le déanaí. Déantar cur síos ann ar an gcaoi ar mhothaigh cuardaitheoir poist as Vín go raibh sé ‘dídhaonnaithe’ nar gheall ar agallamh intleachta saorga.
Déanann an tAontas Eorpach beart mar gheall ar an intleacht shaorga
Níl an t-ábhar imní sin teoranta don Ostair amháin, agus is é sin an fáth a n-aicmítear i nGníomh an Aontais um an Intleacht Shaorga úsáid na hintleachta saorga i gcinntí fostaíochta mar úsáid ‘ardriosca’. I bhfianaise go nglacann gnólachtaí ina n-acmhainní daonna níos mó agus níos mó le hintleacht shaorga ar fud an domhain (39 % faoi dheireadh 2025), tugtar leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga aghaidh ar rioscaí trí rialacha a thabhairt isteach a chuidíonn lena húsáid a dhéanamh níos trédhearcaí agus níos cuntasachtaí.
Faoin nGníomh um an Intleacht Shaorga:
- Ní féidir le haon uirlis intleachta saorga cinntí críochnaitheacha earcaíochta a dhéanamh gan duine cáilithe bheith rannpháirteach.
- Tá sé toirmiscthe úsáid a bhaint as an Intleacht Shaorga chun mothúcháin, leibhéil struis nó tréithe pearsantachta a bhaint as daoine agus chun scóir uimhriúla a shannadh do dhaoine.
- Ón 2 Lúnasa 2026, ní mór do chuideachtaí a úsáideann uirlisí intleachta saorga chun earcaíocht a dhéanamh, meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht nó chun cinntí fostaíochta eile a dhéanamh, seiceáil rialta a dhéanamh ar rioscaí sábháilteachta agus claontacht, taifid theicniúla mhionsonraithe a choinneáil, maoirseacht dhaonna agus trédhearcacht a áirithiú, agus faireachán leanúnach a dhéanamh ar a gcórais.
- Tá feidhm ag oibleagáidí ní hamháin maidir le soláthraithe na gcóras intleachta saorga sin, ach freisin maidir leis na gnólachtaí a úsáideann iad.
- Tá feidhm ag na rialacha sin fiú maidir le cuideachtaí neamh-AE, má úsáidtear a gcóras intleachta saorga san Aontas nó má théann sé i bhfeidhm ar dhaoine san Aaontas.
Maidir leis an iarrthóir as Vín, seo an méid a chuaigh chun donais le linn phróiseas agallaimh na hintleachta saorga:
- Chuir sé isteach ar an agallaitheoir arís agus arís eile, léim sé go dtí an chéad cheist eile agus lean sé ar aghaidh fiú nuair a iarradh air dul ar ais.
- Má stop an cuardaitheoir poist fiú ar feadh tamall gearr agus freagra á thabhairt, ghlac sé leis in amanna go raibh freagra iomlán i gceist.
- Bhí earráidí ann sa tras-scríbhinn agallaimh.
- In ionad ceisteanna an iarratasóra a fhreagairt, ní raibh san intleacht shaorga ach aithris ar leathanach ‘Maidir Linne’ na cuideachta.
Níor chuir ach thart ar 1 as gach 4 chuideachta tús le hullmhú do dhianriachtanais an Ghnímh um an Intleacht Shaorga de chuid an AE maidir le córais intleachta saorga ardriosca. De réir mar atá an intleacht shaorga ag éirí níos coitianta san earcaíocht, tá sé tábhachtach a mheabhrú, dá bhrí sin, go bhfuil sé de cheart agat an méid seo a leanas:
- a bheith ar an eolas roimh ré maidir lena húsáid agus maidir leis an ról atá aici i gcinneadh earcaíochta na cuideachta;
- a iarraidh go ndéanfadh duine athbhreithniú ar an gcinneadh maidir le hearcaíocht;
- nach ndéanfar anailís le linn agallaimh ar do ghotha gnúise, ar do thuin chainte nó ar do chomharthaíocht choirp; agus
- a bheith ar an eolas maidir le cad iad na sonraí atá á mbailiú agus, i mórán cásanna, iad a scriosadh a luaithe a bheidh an próiseas earcaíochta thart.
I margadh saothair atá ag éirí níos dírithe ar an intleacht shaorga, leanann EURES de thacaíocht dhaonna a chur ar fáil trína líonra de chomhairleoirí oilte, ar féidir leo faisnéis agus treoir a chur ar fáil maidir le hábhair phraiticiúla, dhlíthiúla agus riaracháin a bhaineann le maireachtáil agus oibriú ar fud na hEorpa.
Idir an dá linn, beidh agallaimh ar líne ann fós, agus mar sin bí réidh don chéim dheiridh sin trí roinnt leideanna maidir le dul i ngleic le cianagallaimh a léamh.
Naisc ghaolmhara:
Post Instagram ‘Daily Austrian News’ [Nuacht laethúil na hOstaire]
An Gníomh um an Intleacht Shaorga de chuid an AE
Stádas na hIntleachta Saorga san Acmhainní Daonna 2026
Déan comhrá le Comhairleoirí EURES
‘Rialacha’ nua an chianagallaimh
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoirí EURES
Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES
Bunachar sonraí post EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire Imeachtaí EURES
Imeachtaí ar líne atá ar na bacáin
EURES ar Facebook
EURES ar X
EURES ar LinkedIn
- Dáta foilsithe
- 27 Lúnasa 2026
- Údair
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- Gnó / Fiontraíocht
- Leideanna agus Moltaí
- Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
- Nuacht/tuarascálacha/staitisticí
- Treochtaí earcaíochta
- Cuid(eanna) gaolmhara
- Seirbhísí EURES
- Cúnamh agus tacaíocht
- Leideanna agus Moltaí
- Eolas faoin margadh saothair
- Maireachtáil & Obair
- Earnáil
- Accomodation and food service activities
- Activities of extraterritorial organisations and bodies
- Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
- Administrative and support service activities
- Agriculture, forestry and fishing
- Arts, entertainment and recreation
- Construction
- Education
- Electricity, gas, steam and air conditioning supply
- Financial and insurance activities
- Human health and social work activities
- Information and communication
- Manufacturing
- Mining and quarrying
- Other service activities
- Professional, scientific and technical activities
- Public administration and defence; compulsory social security
- Real estate activities
- Transportation and storage
- Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
- Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles