Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta5 Bealtaine 2022An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 5 nóiméad

Conas cothromaíocht mhaith oibre is saoil a chur chun cinn d’fhostaithe sa tréimhse iar-COVID-19

Nuair is cuid den bhaile í an oifig, is féidir leis an idirdhealú idir obair agus am pearsanta a bheith doiléir. Anseo, tugaimid comhairle fhiúntach d’fhostóirí maidir le cothromaíocht shláintiúil oibre is saoil a chothú dá bhfostaithe sa tréimhse iar-COVID-19.

How to promote a good work-life balance for employees post-COVID-19

Mar thoradh ar an aistriú éigeantach chuig obair hibrideach agus cianobair a mba chúis le COVID-19, is í obair ón mbaile an gnáthmhodh oibre nua do go leor daoine anois. Go minic, is mó na tairbhí ná na gnéithe diúltacha a ghabhann léi, cuir i gcás costais chomaitéireachta gan a bheith ann a thuilleadh, níos mó neamhspleáchais, agus fócas ar tháirgiúlacht seachas ar uaireanta oibre. É sin go léir gan bheith sáinnithe i dtrácht ná ag íoc as iompar poiblí, rudaí a d’fhéadfadh cur go mór mór le ham saor na bhfostaithe, gan cur isteach ar a dtáirgiúlacht.

Ina ainneoin sin, tá sé tábhachtach cuimhneamh go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag an obair ón mbaile freisin. Trí na leideanna seo a leanúint, is féidir leat cabhrú le d’fhostaithe tairbhe a bhaint as na buntáistí a bhaineann le bheith ag obair ó chian, gan a gcothromaíocht oibre is saoil a chur i mbaol.

  1. Ceannaireacht a thabhairt le dea-shampla

Braitheann go leor fostaithe go mbíonn iallach orthu uaireanta níos faide a chur isteach nuair a bhíonn siad ag obair ón mbaile. Is minic a tharlaíonn sé sin toisc nach bhfuil am socraithe acu chun ‘imeacht’, mar a dhéanfaidís agus dá mbeidís san oifig. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach dóibh siúd atá i bpoist cheannaireachta dea-shampla a thabhairt agus bailchríoch a chur ar an obair ag an am iomchuí. Tabharfaidh sé seo spreagadh d’fhostaithe eile an rud céanna a dhéanamh agus a gcuid cúraimí a thabhairt i gcrích agus an lá curtha díobh. Is féidir leat na hamanna sonracha nuair ba cheart agus nuair nár cheart do d’fhostaithe a bheith i mbun ríomhphoist a sheoladh a bhunú agus a chur in iúl, agus tabhair le fios dóibh má oibríonn siad lasmuigh de na huaireanta sin, beidh orthu úsáid a bhaint as seachadadh moillithe chun bheith ag teacht le huaireanta oibre a gcomhghleacaithe. Ach teorainneacha cuí a bhunú agus urraim a thabhairt dá gcuid ama phearsanta féin, mar aon le ham pearsanta a gcomhghleacaithe, ar an mbealach sin, cuideofar leo tnáitheadh a sheachaint san fhadtéarma.

  1. An trealamh iomchuí a chur ar fáil

Má úsáideann fostaí a ríomhaire príobháideach chun obair a dhéanamh, d’fhéadfaí go mbeadh sé deacair orthu gníomhaíochtaí pearsanta agus oibre a choinneáil ar leithligh (e.g. leanúint d’fhógraí a bhaineann leis an obair a fháil taobh amuigh d’uaireanta oibre). Is féidir leis sin tionchar a imirt ar a gcumas ‘tiúnáil amach’ agus a scíth a ligean. Chun ceisteanna mar sin a sheachaint, déan cinnte de go soláthraíonn tú ríomhairí glúine agus píosaí tábhachtacha eile trealaimh ghairmiúil (e.g. gléas cinn, luchóg, méarchlár) do gach fostaí.

In 2021, de réir suirbhé de chuid an Chumainn Ríoga um Shláinte Phoiblí (RSPH), dúirt 48% de na fostaithe a ndearnadh suirbhé orthu a d’oibrigh ón tolg nó óna seomraí leapa go raibh fadhbanna matánchnámharlaigh orthu. Chomh maith leis an trealamh teicniúil is gá a chur ar fáil, déan machnamh an bhféadfadh sé go mbeifeá in ann trealamh eile a chur ar fáil chun na fadhbanna sin a sheachaint – seastán ríomhaire glúine chun an scáileán a choinneáil ag leibhéal na súl, cathaoir nó deasc, mar shampla. Cabhróidh sé seo le fostaithe iompar maith coirp a choinneáil agus iad ag obair sa bhaile, rud a laghdóidh an baol gortaithe dóibh.

  1. Deighilt oibre/baile a chruthú

Tá go leor daoine atá ag obair ón mbaile gan spás d’oifig bhaile tiomanta acu, agus iad ag obair as a seomraí leapa nó a seomraí cónaithe. D’fhéadfadh fíorthionchar síceolaíoch a bheith ag an easpa spáis oibre ar leithligh sin. De na fostaithe a ndearnadh suirbhé orthu don tuarascáil RSPH, fuair 56% díobh siúd a bhí ag obair ón mbaile go raibh sé deacair orthu stop a chur le bheith ag obair.

Chun cabhrú le deighilt oibre/baile níos fearr a chruthú, spreag fostaithe a dtrealamh oibre a chur i dtaisce (nuair is féidir) a luaithe a bheidh an obair críochnaithe acu. Cruthóidh sé sin an spás fisiciúil agus síceolaíoch is gá dóibh chun a scíth a ligean agus chun bheith in ann ullmhú don chéad lá eile. Lena chois sin, is féidir leat oiliúint thiomnaithe a eagrú freisin maidir le timpeallacht shláintiúil oibre sa bhaile a bhunú chun cabhrú leo iad féin a chur in oiriúint don obair sa ré iar-COVID-19 ar bhealach éifeachtach.

  1. Uaireanta oibre solúbtha a thairiscint

Is féidir lá oibre solúbtha (le croí-uaireanta riachtanacha agus an tsaoirse chun rogha a dhéanamh cathain is ceart tosú agus críochnú) cabhrú le fostaithe gealltanais a chothromú lasmuigh den obair, amhail cúram leanaí nó coinní leighis. Is féidir leis an gcur chuige sin borradh a chur faoi tháirgiúlacht i gcuideachtaí ilnáisiúnta, toisc gur féidir le fostaithe atá ag obair in amchriosanna éagsúla a n-uaireanta a fhorluí gan bheith i mbun ragoibre an t-am go léir ná ag obair thar oíche, rud a chuirfeadh i mbaol tnáite iad.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi thacaíocht a chur ar fáil d’fhostaithe sa tréimhse iar-COVID-19, féach ár n-alt maidir le ‘Conas folláine a chothú i measc fostaithe tar éis COVID-19’.
 

Naisc ghaolmhara:

An tionchar intinne agus fisiciúil atá le bheith ag obair ón mbaile le linn COVID-19

Conas folláine a chothú i measc fostaithe tar éis COVID-19

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

 

Ábhair
  • Gnó / Fiontraíocht
  • Leideanna agus Moltaí
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.