
Stát an árachais
Faoi Rialacháin an Aontais Eorpaigh maidir le Comhordú na Slándála Sóisialta, is ar bhonn na háite a ndéantar an obair a chinntear go príomha an stát ina bhfuil oibrí faoi árachas. I gcomhthéacs na fostaíochta trasteorann, d’fhéadfadh athrú a theacht ar stát an árachais de bharr na teilea-oibre. D’fhéadfadh an t-athrú sin a theacht i gceist go háirithe más rud é go gcuimsíonn an teilea-obair níos mó ná 25 % d’uaireanta oibre fostaí, ós rud é gurb amhlaidh anois gur ar bhonn cianda, ó stát cónaithe an fhostaí, a dhéantar obair a dhéanfaí de ghnáth in áitreabh an fhostóra.
Bearta sealadacha le linn na paindéime
Chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán thuas, d’achtaigh an Coimisiún Riaracháin bearta sealadacha le linn phaindéim COVID‑19. Leis na bearta sin, soiléiríodh nár cheart go bhfágfadh teilea-obair a rinneadh i mBallstát eile seachas stát an fhostóra, de bharr COVID-19, go spreagfaí athrú ar stát an árachais. Scoir na bearta eisceachtúla sin a bhain leis an bpaindéim d’fheidhm a bheith acu ar an 30 Meitheamh 2023, áfach.
An creat nua a thabhairt isteach
Agus é á aithint aige go bhfuil tábhacht na teilea-oibre ag dul i méid, thug an Coimisiún Riaracháin creat nua isteach chun solúbthacht a chinntiú. Amhail ón 1 Iúil 2023, tá feidhm ag an Nóta Treorach maidir leis an Teilea-obair agus an Creat Chomhaontú maidir le Teilea-obair Thrasteorann (TWA).
Príomhphointí an Chreat-Chomhaontaithe maidir le Teilea-obair Thrasteorann
- Tá feidhm ag an gCreat-Chomhaontú maidir le Teilea-obair Thrasteorann i leith cásanna ina bhfuil an Creat-Chomhaontú sin sínithe ag an stát ina bhfuil an fostóir suite agus ag stát cónaithe an fhostaí araon, agus ina bhfuil obair chianda agus obair ar an láthair araon i gceist leis an obair.
- Níl feidhm aige maidir le daoine féinfhostaithe.
- Tá liosta na stát a shínigh an Creat-Chomhaontú ar an suíomh gréasáin oifigiúil.
Measúnú a dhéanamh ar theilea-obair thrasteorann faoin gCreat-Chomhaontú maidir le Teilea-obair Thrasteorann
Tá ról ríthábhachtach ag méid na cianoibre i dtaobh a chinneadh cén fheidhm atá ag an gCreat-Chomhaontú maidir le Teilea-obair Thrasteorann:
- Cuimsíonn an teilea-obair i stát cónaithe an oibrí níos lú ná 25 % den am oibre. Sa chás seo, tá an t-oibrí fós faoi árachas i stát a fhostóra nó a fostóra de réir rialacha caighdeánacha. Ba cheart fógra a thabhairt dá stát cónaithe.
- Cuimsíonn an teilea-obair i stát cónaithe an oibrí idir 25 % agus 49 % den am oibre, agus tá an Creat Chomhaontú maidir le Teilea-obair Thrasteorann sínithe ag an dá stát. Sa chás seo, arna iarraidh sin ar stát an fhostóra faoin gCreat-Chomhaontú maidir le Teilea-obair Thrasteorann, féadfaidh an t-oibrí a bheith faoi árachas i stát an fhostóra (le toiliú ón oibrí agus ón bhfostóir araon) ar feadh tréimhse uasta trí bliana, tréimhse ar féidir í a athnuachan.
- Cuimsíonn an teilea-obair i stát cónaithe an oibrí 25 % nó níos mó den am oibre, agus níl an Creat-Chomhaontú maidir le Teilea-obair Thrasteorann sínithe ag ceann den dá stát nó ag ceachtar acu, nó cuimsíonn an teilea-obair 50% nó níos mó den am oibre. Sna cásanna sin, ba cheart fógra a thabhairt do stát cónaithe an oibrí. Go ginearálta, beidh an t-oibrí faoi árachas ina stát cónaithe. Féadfar, áfach, iarrataí ar dhíolúine faoi Airteagal 16 de Rialachán 883/2004 a dhéanamh, rud a d’fhéadfadh a fhágáil go bhféadfaidís a bheith faoi árachas i stát an fhostóra. Ní mór don dá stát lena mbaineann an méid sin a fhormheas.
Cásanna casta
I gcásanna casta a bhaineann le gníomhaíochtaí i níos mó ná dhá Bhallstát, le hobair d’fhostóirí éagsúla i stáit éagsúla, nó le bheith ag obair an tráth céanna mar fhostaí agus mar dhuine féinfhostaithe, ní mór fógra a thabhairt don stát cónaithe.
Ní mór measúnuithe dlíthiúla a dhéanamh chun stát an árachais a chinneadh. I ngach cás, féadfar iarraidh a dhéanamh ar dhíolúine ó rialacha caighdeánacha faoi Airteagal 16 de Rialachán 883/2004, agus breithneoidh na stáit lena mbaineann an iarraidh sin.
Ar an iomlán, tugann an Creat Chomhaontú maidir le Teilea-obair Thrasteorann solúbthacht agus soiléireacht d’fhostaithe agus d’fhostóirí atá ag gabháil d’fhostaíocht trasteorann. Is féidir é a léamh anseo.
Naisc ghaolmhara:
Rialacháin maidir le Comhordú Slándála Sóisialta
Nóta Treorach maidir leis an Teilea-obair
An Creat-Chomhaontú maidir le Teilea-obair Thrasteorann (TWA)
Liosta de na stáit a shínigh an Creat Chomhaontú maidir le Teile-obair Thrasteorann
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoirí EURES
Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES
Bunachar Sonraí Post EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire Imeachtaí EURES
Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath
EURES ar Facebook
EURES ar Twitter
EURES ar LinkedIn
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 13 Samhain 2023
- Údair
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- Gnó / Fiontraíocht
- Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
- Nuacht/tuarascálacha/staitisticí
- Cuid(eanna) gaolmhara
- Seirbhísí EURES
- Cúnamh agus tacaíocht
- Leideanna agus Moltaí
- Eolas faoin margadh saothair
- Maireachtáil & Obair
- Earnáil
- Accomodation and food service activities
- Activities of extraterritorial organisations and bodies
- Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
- Administrative and support service activities
- Agriculture, forestry and fishing
- Arts, entertainment and recreation
- Construction
- Education
- Electricity, gas, steam and air conditioning supply
- Financial and insurance activities
- Human health and social work activities
- Information and communication
- Manufacturing
- Mining and quarrying
- Other service activities
- Professional, scientific and technical activities
- Public administration and defence; compulsory social security
- Real estate activities
- Transportation and storage
- Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
- Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles