Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó
EURES (EURopean Employment Services)
  • Alt nuachta
  • 28 Samhain 2025
  • An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
  • Am léitheoireachta: 5 nóiméad

Níl san aois ach uimhir: tacú le hoibrithe scothaosta

Sna caogaidí agus tú ag smaoineamh ar cé acu atá na laethanta oibre is fearr a bhí agat caite cheana féin? Tá iarrachtaí á ndéanamh ag tíortha an Aontais daoine scothaosta a choinneáil sa lucht saothair, rud a léiríonn nár cheart go mbeadh aois ina bac ar aon duine gairm bheatha fhada shásúil a bheith acu.

Age is just a number: supporting older workers

Is fíor an rud é: tá muintir na hEorpa ag maireachtáil níos faide ná riamh. Cúpla bliain ó shin, ba é 81.5 bliain an n‑ionchas saoil san Aontas, agus is ag ardú atá an treocht. Ciallaíonn sé sin go mbímid níos sláintiúla, tríd is tríd, agus go mbíonn tuilleadh deiseanna againn maireachtáil go maith agus taitneamh a bhaint as an saol. Bíonn an obair fós ina gné thábhachtach dár saol de réir mar a théimid in aois, ach cad is féidir linn a bheith ag súil leis agus sinn inár n‑oibrithe ‘d’aois áirithe’?

Is cinnte go dtagann ciall le haois, ach bíonn saincheisteanna fostaíochta ag baint freisin le bheith ag dul in aois ar saincheisteanna iad nach raibh againn nuair a bhíomar ní b’óige.

Seo roinnt samplaí:

  • teacht chun cinn tobann teicneolaíochtaí nua nach bhfuil oiliúint againn orthu;
  • freagrachtaí teaghlaigh agus easpa tacaíochta, rud a fhágann gur minic nach mbíonn aon rogha ag tuismitheoirí ach éirí as an obair;
  • steiréitíopáil oibrithe scothaosta mar oibrithe nach bhfuil chomh táirgiúil céanna agus ar dócha a bhíonn as láthair mar gheall ar fhadbhanna sláinte;
  • easpa faisnéise maidir le conas an tsláinte a chosaint san ionad oibre de réir ár riachtanas nua.

Amach leis an sean? Ní mar sin atá sé i gcás roinnt tíortha AE

Tá tíortha ar fud an Aontais ag tabhairt dea-shampla ach iarrachtaí comhsheasmhacha a dhéanamh oibrithe níos sine a choinneáil ag obair. Féachaimis ar roinnt dea-chleachtas agus ar an gcaoi a gcuidíonn siad le todhchaí na fostaíochta ionchuimsithí a mhúnlú:

  • An tSualainn: Tá 77.3 % de dhaoine idir 55-64 bliana d’aois fostaithe, agus is é sin an céatadán is airde riamh i gcomparáid le meán an Aontais. Conas a spreagann an tír a saoránaigh chun fanacht ag obair ar feadh tréimhse níos faide? Ar an gcéad dul síos, tá córas pinsean solúbtha tugtha isteach aici, rud a fhágann gur féidir an pinsean a mhéadú ach dul ar scor a chur siar. Tá oibrithe scothaosta faoi chosaint de réir dlí fosta, agus ní féidir leatrom a dhéanamh orthu mar gheall ar a n‑aois.
  • An Chipir: Tugann an tír aghaidh ar bhacainn shuntasach i dtaobh oibrithe scothaosta a choinneáil ag obair ach tacú lena n‑oiliúint dhigiteach. Reáchtálann Ionad Táirgiúlachta na Cipire an clár ‘Scileanna digiteacha do 55+’, a chuirtear ar fáil saor in aisce dóibh siúd atá 55 bliana d’aois nó níos sine.
  • An Ghréig: Cuireann an tSeirbhís Phoiblí Fostaíochta – eagraíocht rialtais a mheaitseálann fostóirí le fostaithe – cláir ar fáil atá dírithe ar chuidiú a thabhairt d’oibrithe scothaosta ath-imeascadh sa lucht saothair. Ina theannta sin, leagtar béim ar uas-sciliú agus ar athsciliú. Bíonn na tionscnaimh foghlama ar feadh an tsaoil sin oscailte do chách, ach is spriocghrúpa tábhachtach iad oibrithe scothaosta.
  • An Ghearmáin: Spreagann dreasachtaí d’oibrithe scothaosta chun bheith fostaithe de réir mar a théann siad in aois ach díriú ar fheabhas a chur ar a gcothromaíocht oibre is saoil, agus ar thimpeallachtaí oibre atá oiriúnach ó thaobh aoise de a dhearadh. Faigheann fostóirí deontais ón rialtas freisin chun fostaíocht a chur ar fáil do dhaoine atá deacair a fhostú. Tá daoine os cionn 50 bliain d’aois i dteideal fanacht faoin scéim deontas sin ar feadh 36 mhí.
  • An Ungáir: Le scéim speisialta ‘postroinnte’, déantar oibrí níos sine atá ag druidim leis an aois scoir a chur i bpéire le duine níos óige chun post a roinnt. Téann an tionscnamh sin chun tairbhe don dá thaobh: cabhraíonn sé leis an oibrí scothaosta leanúint a bheith gníomhach, agus ligeann sé don duine óg foghlaim faoin bpost ag an am céanna.
  • Lucsamburg: Moltar d’oibrithe scothaosta fanacht san obair ach aghaidh a thabhairt ar a nganntanas scileanna, agus an tráth céanna dul i ngleic leis an tsaincheist níos leithne maidir le spleáchas na tíre sin ar oibrithe eachtracha. Ina theannta sin, tá a phlean téarnaimh agus athléimneachta dírithe ar oiliúint a chur ar chuardaitheoirí poist os cionn 45 bliana d’aois i dtaobh scileanna digiteacha agus scileanna boga (e.g. cumarsáid) chun a n‑infhostaitheacht a fheabhsú.

Leis na gníomhaíochtaí thuas léirítear nach gá gurb ionann a bheith ag dul in aois agus do ghairm bheatha a bheith thart. Le tionscnaimh ar fud na hEorpa, táthar ag obair go gníomhach chun a chinntiú nach ach uimhir í an aois do na hoibrithe sin a fhaigheann tacaíocht ó na córais chearta tacaíochta.

An bhfuil spéis agat tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi a bhfuil an tAontas ag cabhrú le hoibrithe leanúint de bheith ábhartha inár dtimpeallachtaí oibre atá ag athrú go tapa? Féach Na scileanna a theastaíonn uainn le haghaidh na bpost a theastaíonn uainn.

 

Naisc ghaolmhara:

Eurofound: Not finished at 50: Keeping older workers in work [Ag obair amach sna caogaidí: Oibrithe scothaosta a choinneáil ag obair]

Oibrithe scothaosta; na nithe a dhéanann an Eoraip dom

The Irish Times: Ageing gracefully: How the EU can accommodate an older workforce [Ag dul in aois go grástúil: An chaoi ar féidir leis an Aontas freastal ar lucht saothair níos sine]

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar sonraí post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar X

EURES ar LinkedIn

EURES ar Instagram

Ábhair
  • Leideanna agus Moltaí
  • Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
  • Treochtaí earcaíochta
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.