Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta16 Lúnasa 2023An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 5 nóiméad

Conas tuin ghairmiúil a chur in iúl i gcianteachtaireachtaí agus le linn físghlaonna

Bítear ag súil leis an ngairmiúlacht san ionad oibre. Mar sin féin, is féidir leis a bheith deacair tuin chuí a chur in iúl i ríomhphoist nó le linn físchomhdhálacha. Bíodh cumarsáid ní ba ghairmiúla agat san ionad oibre trí na sé rialacha seo a leanas a leanúint.

How to maintain a professional tone in remote messages and video calls

1. Bí tíosach agus comharthaí uaillbhreasa á n-úsáid agat

Úsáidtear comharthaí uaillbhreasa chun mothú láidir i leith rud éigin a thaispeáint nó chun práinn a chur in iúl. Cé gur féidir leo a bheith úsáideach chun béim a chur ar theachtaireachtaí dearfacha, cuireann a lán daoine go leor comharthaí uaillbhreasa i ríomhphoist chun iarracht a dhéanamh díograis a chur in iúl nó chun cuma an doichill a sheachaint.

Ar an drochuair, is féidir a mhalairt d’éifeacht ná mar a beartaíodh a bheith mar thoradh air sin. Is féidir cuma shoineanta, neamhghairmiúil nó fhulangach-ionsaitheach - arb é an ceann is measa acu - a bheith le comharthaí uaillbhreasa a úsáid, go háirithe nuair a bhíonn freagra á thabhairt ar iarratas nó ar aiseolas diúltach. Mar sin, fág na comharthaí uaillbhreasa ar lár agus bí ag díriú ina ionad sin ar d’abairtí a scríobh ar bhealach cairdiúil agus gairmiúil seachas a bheith ag dul i muinín na poncaíochta chun an méid sin a chur in iúl.

2. Seachain emojinna agus straoiseoga

Mar an gcéanna le comharthaí uaillbhreasa, tá na hemojinna ar an gcéad cheann eile de rudaí atá le baint as do ríomhphoist. Ní bhíonn emojinna comhsheasmhach idir gléasanna uile agus d’fhéadfadh a bheith mar thoradh air míchumarsáid nó tuin neamhbheartaithe a chur in iúl. D’fhéadfadh gléas fhaighteoir do chomhfhreagrais emoji eile ar fad a thaispeáint don duine sin agus seans nach gcuirfear in iúl mar sin an bhrí chruinn lena raibh tú ag súil. Mar sin, ba chóir duit díriú ina ionad sin ar do chuid abairtí a dhéanamh soiléir agus gonta.

3. Seiceáil do chuid ceangaltán

Má tá ‘aimsigh faoi iamh’ scríofa agat i do ríomhphost, b’fhéidir gur mhaith leat a sheiceáil an bhfuil an doiciméad curtha faoi iamh agat i ndáiríre. Ar an dea-uair, tugann roinnt príomhsheirbhísí ríomhphoist ar nós Outlook agus Gmail leid duit ceangaltán a chur leis má bhíonn tú ag iarraidh ríomhphost a sheoladh gan é. Mar sin féin, ná bí ag brath ar an ríomhaire é sin a sheiceáil. Beidh sé ina chuidiú leat a chinntiú go bhfuil an doiciméad ceangailte leis an ríomhphost agus é in ord agus in eagar leibhéal ard gairmiúlachta a bheith agat i do chuid cumarsáide oibre.

4. Bí gléasta go slachtmhar

In ainneoin go bhfuil an obair hibrideach nó an chianobair i réim na laethanta seo, ba cheart go mbeadh aon fhísghlaonna le comhghleacaithe nó le cliaint gairmiúil go fóill. Ní chiallaíonn sé sin go gcaithfidh tú culaith a chaitheamh agus tú sa bhaile, ach ba chóir duit t-léinte ar a mbíonn teachtaireachtaí nó íomhánna míchuí nó follasacha a sheachaint, cuir i gcás. Mar sin féin, is dócha gur féidir leat gan na bróga foirmeálta a chur ort.

5. Is ríthábhachtach í an cháilíocht fuaime

Bíonn dea-chaighdeán fuaime ríthábhachtach chun an ghairmiúlacht a chur in iúl le linn físchomhdhálacha. Beidh comhghleacaithe in ann cur suas le droch-chaighdeán físe nó fiú má chasann tú do cheamara as go hiomlán. Is do-mhaite an drochfhuaim, áfach, mar go gcuirfidh sí sin cosc ort páirt éifeachtach a ghlacadh sa chomhrá.

Bíonn an t-ullmhúchán fíorthábhachtach mar sin. Déan do chuid oibre ó áit éigin a mbíonn nasc cobhsaí idirlín ar fáil, nó bain úsáid as fón chun nascadh leis an nglao. De rogha air sin, má bhíonn tú ag obair i dtimpeallacht torannach, faigh fearas cinn ón obair le húsáid chun an t-aisfhotha micreafóin agus an macalla a laghdú. Is é an bealach is fearr chun do ghairmiúlacht a thaispeáint in aon chruinniú a bheith ag labhairt le guth shoiléir, inchloiste.

6. Geamhaigh an cúlra ar do scáileán

Is minic a nascann daoine le físghlao agus seilf leabhar a tharraingíonn aire, seomra míshlachtmhar nó oifig ghnóthach mar chúlra acu. Is féidir leat íomhá níos gairmiúla a chur i láthair go héasca trí do ghlao a fhreagairt agus cúlra an scáileáin geamhaithe agat. Tríd an méid sin a dhéanamh, cuirfear fócas an ghlao ort féin agus ar do theachtaireacht, seachas an glaoiteoir a fhágáil ag déanamh iontais ar na leabhair atá ar an tseilf agat nó ar cé atá ag bogadh timpeall taobh thiar duit.

Tríd is tríd, is fútsa atá sé do chomhairle féin a dhéanamh. Is féidir roinnt de na rialacha seo a lúbadh beagáinín nuair a bhíonn tú ag smaoineamh ar an duine lena bhfuil tú ag caint. Cé go mbíonn sé níos fearr i gcónaí iarracht a dhéanamh a bheith gairmiúil, is daoine daonna sinn go léir, mar sin ná bíodh imní ort mura dtéann gach rud mar ba chóir!

An bhfuil suim agat i leideanna eile chun cabhrú leat rath a bheith ort i do ghairm bheatha? Féach ár n-alt ar na scileanna boga a chabhróidh leat dul chun cinn i do ghairm bheatha.

 

Naisc ghaolmhara:

Cuirfidh na scileanna boga seo le dul chun cinn i do ghairm bheatha

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Gnó / Fiontraíocht
  • Leideanna agus Moltaí
  • Óige
Cuid(eanna) gaolmhara
  • Cúnamh agus tacaíocht
  • Leideanna agus Moltaí
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.