
Samhlaigh gur in agallamh poist fíorúil ata tú, agus go bhfuil an guth ionbhách, chineálta ar an taobh eile den nasc ag freagairt do chuid ceisteanna go pras, ag tabhairt na leideanna cearta duit chun an comhrá a choinneáil ar siúl, agus gur cosúil go “dtuigeann sé thú” i ndáiríre… an rithfeadh sé leat riamh go bhféadfá a bheith ag caint le… bota comhrá?
Níl ansin ach léargas ar ré nua na hearcaíochta – rud nach bhfuil rófhada ar shiúl, is cosúil.
Tá IS ar tí a bheith ina chuid de ghnáthphróisis earcaíochta cuideachtaí. Tá 70 % de ghníomhairí acmhainní daonna ar fud na hEorpa ag úsáid uirlis IS de chineál éigin agus iarrthóirí á gcuardach nó á measúnú acu – rud a thugann le fios go bhfuil tairbhe éigin le baint as i gcomparáid le modhanna traidisiúnta.
Tá IS comhráiteach, mar shampla – ar fothacar de theicneolaíochtaí IS é ar féidir a bhuí leis idirghníomhaíocht ó bhéal an duine a ionsamhlú – ar cheann de na huirlisí is nuálaí i réimse na n‑eagraíochtaí atá ag iarraidh na hiarrthóirí is fearr do phost ar leith a aimsiú, meastóireacht a dhéanamh orthu agus, ar deireadh, iad a earcú. Agus níl na gnóthachain sin aontaobhach ach an oiread: d’fhéadfaí feabhas a chur ar thaithí na n‑iarrthóirí ar bhealaí éagsúla freisin.
Le linn an phróisis earcaíochta, is féidir le IS an méid seo a leanas a dhéanamh:
- treochtaí margaidh agus méadrachtaí eile a anailísiú, rud a chuideoidh le cuideachtaí measúnú a dhéanamh ar infhaighteacht tallainne;
- tuairiscí cruinne ar phoist a chruthú go tapa;
- an spriocphobal a roghnú agus na poist a chur i láthair do na hiarrthóirí is oiriúnaí amháin, agus scileanna a mheaitseáil láithreach le critéir phoist;
- iarratasóirí a scagadh de réir scileanna agus taithí;
- ceisteanna iarratasóirí a fhreagairt;
- ceisteanna saincheaptha agallaimh a dhréachtú;
- cuidiú le hagallaimh a sceidealú agus/nó a chur i gcrích;
- an t‑eolas ar fad a theastaíonn ó iarrthóirí rathúla chun ionduchtú gan uaim a chur ar fáil.
Cad iad na buntáistí a bhaineann le IS a ghiaráil san earcaíocht?
- Éifeachtúlacht agus luas. Agus an próiseas scagtha tosaigh á uathoibriú acu, is féidir le hearcaitheoirí uaireanta de bheith ag dul tríd CVanna chun gearrliosta a chruthú a shábháil. Is féidir le halgartaim IS tabhairt faoin tasc sin agus na hiarrthóirí is oiriúnaí a aithint aige beagnach láithreach.
- Solúbthacht cumarsáide. Níl IS teoranta do ghnáthuaireanta agus tá sí ar fáil chun ceisteanna ó iarrthóirí a fhreagairt le linn speictream ama i bhfad níos leithne – rud a chruthaíonn réitigh áisiúla do chuideachtaí agus d’iarrthóirí araon.
- Measúnú feabhsaithe ar iarrthóirí. Déanann IS scagadh cliste trí bhreathnú níos faide ná cúlra agus saineolas: is féidir leis leideanna neamhbhriathartha a shainaithint a chuireann go leor in iúl faoi phearsantacht iarrthóra agus faoin gcaoi a n‑oirfeadh siad do chultúr na cuideachta.
- Próiseas níos rannpháirtí iarrthóra. Is féidir le huirlisí IS ceisteanna a fhreagairt, agallaimh a sceidealú agus aiseolas a chur ar fáil i bhfíor-am – rud a chuidíonn le hiarrthóirí teacht tríd an bpróiseas dian scagtha.
Tá go leor saincheisteanna fós le réiteach ó thaobh ról IS san earcaíocht. Tá muinín na ndaoine fós ina bac mór: tá go leor acu contrártha do choincheap na hidirghníomhaíochta “neamhdhaonna”. Seachas sin, tá ceist eiticiúil ann maidir le príobháideachas sonraí agus trédhearcacht algartamach, chomh maith leis an gceist maidir lenar féidir le IS oibriú ar bhealach cothrom neamhchlaonta i ndáiríre. Ós rud é go bhfuil an bealach a n‑oibrímid ag athrú go tapa, is cinnte go gcaithfimid a bheith ar bord na traenach IS más mian linn coinneáil suas. Ar ámharaí an tsaoil, ní bheidh ár n‑intleacht dhaonna ag géilleadh a ticéid céad ghráid in aicearracht, ná baol uirthi.
Ag lorg deis oibre nua? Léigh ár n‑alt Cúig bhealach a gcabhróidh an intleacht shaorga leat post a aimsiú.
Naisc ghaolmhara:
Scileanna IS don todhchaí: Treoir maidir le huasoiliúint san aois dhigiteach
Bain tairbhe as Intleacht Shaorga
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoirí EURES
Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES
Bunachar Sonraí Post EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire Imeachtaí EURES
Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath
EURES ar Facebook
EURES ar X
EURES ar LinkedIn
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 12 Meán Fómhair 2024
- Údair
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- Treochtaí earcaíochta
- Cuid(eanna) gaolmhara
- Cúnamh agus tacaíocht
- Earnáil
- Accomodation and food service activities
- Activities of extraterritorial organisations and bodies
- Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
- Administrative and support service activities
- Agriculture, forestry and fishing
- Arts, entertainment and recreation
- Construction
- Education
- Electricity, gas, steam and air conditioning supply
- Financial and insurance activities
- Human health and social work activities
- Information and communication
- Manufacturing
- Mining and quarrying
- Other service activities
- Professional, scientific and technical activities
- Public administration and defence; compulsory social security
- Real estate activities
- Transportation and storage
- Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
- Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles