
Tá cúis ann le céimithe a bheith ag teastáil ó fhostóirí. Is léiriú é céim ar dhúthracht agus ar mharthanacht maidir le sprioc fhadtéarmach a bhaint amach, ar tréitheanna iad bhíonn ag teastáil ó gach fostóir dá bhfostaithe. Ach is ag dul in abar atá sé cáilíochtaí foirmiúla a éileamh le haghaidh poist nach mbíonn gá leo iontu i gcónaí – thart ar 23 % de chéimithe san Aontas, tá siad rócháilithe dá bpoist, agus eisiatar go córasach iarrthóirí cumasacha nach céimithe iad fosta.
An fhírinne lom? Ach díriú ar chéimithe amháin a fhostú, bíonn tú san iomaíocht i gcomhair iarrthóir rócháilithe ar dócha go bhfágfaidh siad ról níos comhoiriúnaí, agus neamhaird á tabhairt agat ag an am céanna d’oibrí oilte ar féidir brath orthu a fágadh as an áireamh ag céim an iarratais.
An bhearna scileanna digiteacha
Níl aon áit ina bhfuil an neamhréir sin níos tábhachtaí ná mar atá sí san earnáil dhigiteach. Tá ganntanas de thart ar 5 mhilliún speisialtóir TFC san Eoraip, bearna atá ag leathnú de réir mar a thagann athrú ar an ngeilleagar. Mar sin féin, liostaítear céim ollscoile mar cheanglas éigeantach fós in go leor fógraí poist le haghaidh róil amhail tacaíocht TF, códú nó anailísiú sonraí. Ar an dóigh sin, tugtar neamhaird do linn ollmhór tallainne, cuir i gcás forbróirí féinmhúinte, céimithe grodchúrsa, agus gairmithe a bhfuil uas-sciliú déanta acu tríd an bhfoghlaim sheachfhoirmiúil. Trí scagadh a dhéanamh ar dhintiúir seachas cumas códaithe nó scileanna réitigh fadhbanna, laghdaítear de thaisme an linn tallainne atá ar fáil duit san earnáil ina bhfuil gá léi. Má tá an t‑iarrthóir inchurtha leis an bpost, an cuma cén chaoi ar fhoghlaim siad a gcuid scileanna?
An buntáiste gairme
Tá traidisiún bródúil san Eoraip i dtaobh an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, agus oibrithe ardoilte aici in earnálacha éagsúla, cuir i gcás in earnáil na hinnealtóireachta agus in earnáil an chúraim sláinte, mar shampla. Mar sin féin, tá go leor Ballstát den Aontas fós i bhfabhar céimeanna ollscoile, rud a fhágann go dtugann fostóirí neamhaird do na saineolaithe sin a bhfuil an-taithí acu ó thaobh cleachtais de. Chun leas a bhaint as an linn tallainne thearcúsáidte sin, ní gá ach ‘taithí coibhéiseach le céim ag teastáil’ nó ‘cáilíochtaí gairme agus fáilte’ a lua i d’fhógraí. Ar an gcaoi sin tugtar le fios d’iarrthóirí go bhfuil meas agat ar inniúlacht seachas ar aicme, agus mealltar mar sin raon d’iarratasóirí níos éagsúla agus níos oilte. Chomh maith leis sin, is minic a thugann iarrthóirí gairmiúla taithí phraiticiúil leo nach féidir a chur i gcomparáid le heolas a foghlaimíodh mar chuid de chéim theoiriciúil.
Ach daoine a fhostú ar bhonn na scileanna atá acu seachas a gcáilíochtaí, ní hamháin go líontar folúntais ach cuirtear feabhas ar choinneáil na tallainne sin freisin. Is iondúil go mbíonn iarrthóirí a fhostaítear mar gheall ar an gcumas atá acu an post a dhéanamh go hiarbhír níos rannpháirtí, agus fanann siad ar feadh tréimhsí níos faide de ghnáth fosta. Cé gur minic a mheallann fógraí atá dírithe ar cháilíochtaí iarrthóirí ar féidir leo na boscaí cuí a thiceáil, cuirtear béim níos mó ar fhíorchumais iarrthóirí, agus ar a n‑oiriúnacht dá róil, i gcás earcú bunaithe ar scileanna . Féadtar, ar an dóigh sin, sásamh poist a mhéadú, cur le meanma foirne agus ráta athraithe foirne a laghdú, ar ndóigh.
An t‑aistriú a dhéanamh
Mar sin, cá háit le tosú? Níl ort ach roinnt athruithe a dhéanamh ar an bpróiseas seanbhunaithe:
- Athbhreithnigh na sainchuntais poist atá in úsáid. Léigh tríd na folúntais atá idir lámha agat faoi láthair. I ngach cás ina luaitear ‘céim riachtanach’, fiafraigh díot féin: An bhfuil gá léi, i ndáiríre, nó an é ach nós atá ann? Cuir ina hionad sin scileanna sonracha. Mar shampla, cuir ‘Inniúlacht in Python’ in ionad ‘BSc sa Ríomheolaíocht.
- Cruthaigh tuiscint nua ar ‘taithí choibhéiseach’. Cuir luach ar thaithí phraiticiúil, ar phunanna agus ar dheimhniúcháin ghairme.
- Ná bí ag brath ar scagadh CVanna amháin.Tabhair samplaí oibre, cúraimí praiticiúla nó agallaimh struchtúrtha isteach lena ndéantar scileanna sonracha a thástáil.
- Bain leas as EURES. Is féidir le Comhairleoirí EURES cabhrú leat do straitéis earcaíochta a athdhearadh chun díriú ar scileanna, agus chun do líontáin a leathnú, mar a déarfá, d’fhonn na fostaithe oilte a theastaíonn uait chun do ghnó a chur chun tosaigh.
Léigh maidir lena bhféadfadh earcaíocht atá bunaithe ar scileanna cabhrú le ganntanas oibrithe a réiteach?.
Naisc ghaolmhara:
An bhféadfadh earcaíocht atá bunaithe ar scileanna cabhrú le ganntanas oibrithe a réiteach?
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoirí EURES
Ag maireachtáil agus ag obair i dtíortha EURES
Bunachar sonraí post EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire Imeachtaí EURES
Imeachtaí ar líne atá ar na bacáin
EURES ar Facebook
EURES ar X
EURES ar LinkedIn
- Dáta foilsithe
- 29 Deireadh Fómhair 2026
- Údair
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- Gnó / Fiontraíocht
- Leideanna agus Moltaí
- Nuacht inmheánach EURES
- Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
- Nuacht/tuarascálacha/staitisticí
- Treochtaí earcaíochta
- Óige
- Cuid(eanna) gaolmhara
- Seirbhísí EURES
- Leideanna agus Moltaí
- Eolas faoin margadh saothair
- Maireachtáil & Obair
- Earnáil
- Accomodation and food service activities
- Activities of extraterritorial organisations and bodies
- Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
- Administrative and support service activities
- Agriculture, forestry and fishing
- Arts, entertainment and recreation
- Construction
- Education
- Electricity, gas, steam and air conditioning supply
- Financial and insurance activities
- Human health and social work activities
- Information and communication
- Manufacturing
- Mining and quarrying
- Other service activities
- Professional, scientific and technical activities
- Public administration and defence; compulsory social security
- Real estate activities
- Transportation and storage
- Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
- Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles