Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta27 Aibreán 2023An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 5 nóiméad

Cén fáth ar chóir duit laethanta measúnaithe fíorúla a úsáid mar chuid den phróiseas fostaithe

Tugann laethanta measúnaithe deis do d’iarrthóirí poist go leor scileanna a léiriú nach mbíonn deis acu a chur in iúl le linn agallaimh thraidisiúnta. Mar sin féin, bíonn deacrachtaí i gceist le himeachtaí pearsanta a sheachnaítear le laethanta measúnaithe fíorúla. Go deimhin, baineann go leor buntáistí le laethanta measúnaithe fíorúla.

Why you should use virtual assessment days in your hiring process

Níos lú struis d’iarrthóirí

Beidh agallaimh aghaidh-ar-aghaidh mar chuid de do lá measúnaithe arb ionann iad agus an chuid is strusmhaire den phróiseas earcaíochta don duine atá faoi agallamh. D’fhéadfaí go mbeadh iarrthóirí faoi bhrú de bharr cúrsaí taistil, de bharr a bheith i spás nach n-aithníonn siad nó fiú de bharr a bheith buartha faoi theagmháil súl a choinneáil. Is lú an brú a bhíonn i gceist le hagallamh ar líne ná mar a bhíonn le hagallamh aghaidh-ar-aghaidh. Dá bhrí sin, is féidir le fostaithe féideartha atá neirbhíseach agus nach ndéanann chomh maith agus ba cheart dóibh leas a bhaint as agallamh a dhéantar i spás níos neodraí.

Na himreoirí foirne a aimsiú

Tugann laethanta measúnaithe fíorúla deis duit a fháil amach cé na hiarrthóirí a oibríonn go maith i gcomhar le daoine eile. Is furasta a bheith ag sárú cuid cainte duine eile agus cumarsáid á déanamh go fíorúil. Mar shampla, is féidir le hiarrthóir ar duine dáimhiúil é nó í go pearsanta a bheith mursanta i gcomhthéacs ar líne nach dtugann an spás do dhaoine eile labhairt laistigh de phlé grúpa. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach a fheiceáil conas a idirghníomhaíonn d’iarrthóirí trí mheáin fhíorúla, cuir i gcás má thugann siad spreagadh agus tacaíocht dá chéile. Tá tábhacht ar leith ag baint le tuiscint a fháil ar a gcumas cumarsáid a dhéanamh ar líne agus ar a gcumas chun comhoibriú le chéile má bhíonn d’fhoireann ag obair go cianda nó go hibrideach mar chuid den phost.

A aithint cé hiad a eolach ar an teicneolaíocht a úsáid

Is bealach simplí é lá measúnaithe fíorúil chun a fháil amach cé chomh maith is a dhéileálann d’fhostaí féideartha le bheith ag obair ar líne, in ainneoin an méid atá scríofa acu ar a CV faoina scileanna teicneolaíochta. Is dócha go mbeidh agallaimh, trialacha agus cuir i láthair ar líne mar chuid den lá, agus dá bhrí sin gheobhaidh tú amach go furasta cé na hiarrthóirí a bheidh éifeachtach agus iad ag obair go cianda.

Bíonn sé níos fusa tástálacha ar líne a reáchtáil

Trí mheán laethanta measúnaithe fíorúla, is féidir leat tástálacha agus measúnuithe ar líne a dhéanamh go furasta. Má éilíonn an ról inniúlacht i réimse ar leith, is féidir measúnuithe a chur chun feidhme go rianúil mar chuid de lá measúnaithe fíorúil agus bealach simplí é freisin chun na torthaí a bhailiú agus a phróiseáil. Dá bhrí sin, le measúnuithe fíorúla seachnaítear deacrachtaí na tástála páipéarbhunaithe agus is féidir leo am agus costas araon a shábháil sa phróiseas fostaíochta.

Níos comhfhiosaí ó thaobh na sláinte de agus níos cuimsithí

Ní hamháin go bhfreastalaíonn laethanta measúnaithe fíorúla ar an bhféidearthacht go gcuirfeadh paindéim isteach orthu, ach is dócha go leathnóidh siad líon na n-iarrthóirí freisin. Gheobhaidh tú iarratais ó dhaoine nach bhféadfadh an t-am ná an costas a bhaineann le taisteal chuig agallaimh aghaidh-ar-aghaidh a chaitheamh i gcomhair post amháin. Ina theannta sin, beidh sé de rogha ag oibrithe taistil ó thíortha eile freastal orthu, rud a chuideoidh leis an réimse iarrthóirí ar féidir leat agallamh a chur orthu a éagsúlú.

Níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol

Tá sé ríthábhachtach deireadh a chur leis an ngá atá le taisteal ó thaobh éicea-chairdiúlacht lá measúnaithe fíorúil. Nuair a mheasann tú go bhfuil riachtanais bhreise ann, amhail lónadóireacht, doiciméid chlóite (e.g. scrúduithe) agus trealamh cur i láthair, d’fhéadfadh ardú as cuimse teacht ar an gcostas comhshaoil a bhaineann le himeacht aghaidh-ar-aghaidh, rud a sheachnaítear go fíorúil.

Níos solúbtha

Is iad laethanta measúnaithe aghaidh-ar-aghaidh an chéim dheireanach sa phróiseas earcaíochta de ghnáth. Mar sin féin, ní gá laethanta measúnaithe fíorúla a bheith mar chéim dheireanach. Is é an buntáiste a bhaineann le heagrú an lae ar líne go mbíonn sé níos solúbtha agus níos fusa a phleanáil (gan aon ionad, aon chostais taistil ná aon lónadóireacht) chomh maith le deis a thabhairt do níos mó iarrthóirí a bheith i láthair ann. Is féidir leat cinneadh a dhéanamh go fiú laethanta measúnaithe fíorúla iolracha a reáchtáil ionas gur féidir leat an rogha a laghdú gan cur leis an gcostas.

An féidir le do bhaill foirne a bheith níos éifeachtúla mar gheall ar sheachtain oibre níos gairide? Anseo thíos, tá cuid de na cúiseanna a d’fhéadfadh a bheith le seachtain oibre ceithre lá a bheith i ndán do d’fhostaithe.

 

Naisc ghaolmhara:

An bhféadfadh seachtain oibre ceithre lá a bheith i ndán do d’fhostaithe?

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Gnó / Fiontraíocht
  • Leideanna agus Moltaí
  • Laethanta Fostaíochta/Imeachtaí
  • Treochtaí earcaíochta
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.