Tá an chuid seo dírithe ar lucht cuardaigh fostaíochta as na hearnálacha ollscoile agus polaiteicnice agus orthu sin a bhfuil cáilíochtaí níos airde acu tríd is tríd: mic léinn agus céimithe, múinteoirí agus taighdeoirí. Toisc go bhfuil éileamh ar earnálacha poist ar leith i dtíortha áirithe de chuid an AE, tá seans maith ag lucht cuardaigh fostaíochta ardoilte post a fháil thar lear.
Má tá sé ar intinn agat tús a chur le do shlí bheatha ghairmiúil, post nua a aimsiú, nó deis oiliúna a fháil i dtír eile de chuid an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) agus/nó san Eilvéis, féach ar na codanna anseo thíos agus na naisc ghaolmhara a bhaineann leo le do thoil.
Aistriú ó shaol an mhic léinn go dtí an saol gairmiúil thar lear
Tréimhse éiginnteachta atá san aistriú ó scoil go hobair. An bhfuil ar tí do chuid staidéir a chur i gcrích (nó é curtha i gcrích agat cheana féin)? An mian leat bogadh chuig agus dul i mbun oibre i dtír eile de chuid an LEE? Má tá scileanna teanga iasachta agat, má tá tú solúbtha, díograiseach agus spreagtha chun tabhairt faoi phost nua i dtír nua agus timpeallacht cultúrtha nua araon, tá an phróifíl díreach ceart agat chun tabhairt faoi ghairm nua ar bhonn idirnáisiúnta!
6 CHÉIM CHUN TÚS A CHUR LE DO GHAIRM THAR LEAR
Is féidir leis an aistriú ó shaol an mhic léinn go dtí an saol gairmiúil thar lear a bheith ina dhúshlán. Thairis sin, is minic go mbíonn dúshlán agus a lán ama i gcest leis an bpróiseas i leith iarratas a dhéanamh ar phost! Chun an t-aistriú seo a éascú, liostáiltear 6 chéim anseo thíos le 'leideanna & pointí' úsáideacha a thabharfaidh ábhar machnaimh duit sula mbogann tú chuig tír eile. Gliogáil ar gach ábhar agus téigh i gcomhairle leis an leathanach ábhartha le do thoil.
Leideanna & pointí ...
Is féidir le fostóirí Eorpacha úsáid a bhaint as seirbhísí agus uirlisí cumarsáide difriúla chun a gcuid folúntas a phostáil Tugann an liosta anseo thíos forbhreathnú ar na foinsí eolais atá ar fáil duit ag leibhéal Eorpach.
SEIRBHÍSÍ FOSTAÍOCHTA POIBLÍ AGUS TAIRSEACH EURES UM SHOGHLUAISTEACH Ó PHOST GO CHÉILE
- Tabhair cuairt ar d'oifig fostaíochta áitiúil nó réigiúnach chun comhairle a fháil. Seans go mbeidh Comhairleoir EURES acu a bheidh in ann cúnamh pearsanta a thabhairt duit.
- Is féidir leis na Comhairleoirí EURES comhairle a thabhairt faoi dheiseanna fostaíochta i margadh saothair na hEorpa, tú a chur i dtreo fostóirí féideartha agus faisnéis mhionsonraithe a thabhairt duit faoi maireachtáil agus obair thar lear.
- Téigh chuig teaspántais fhostóirí, ceardlanna scileanna agus aontaí fostaíochta a eagraíonn EURES i do thír féin. Is féidir féachaint ar shonraí na n-imeachtaí ag leibhéal Eorpach ar "Féilire Imeachtaí" ar an leathanach baile den tairseach EURES.
- Pointe tagartha eile atá úsáideach chun foghlaim faoi na dálaí maireachtála agus oibre i dtír eile an LEE is ea an mhír "Maireachtáil agus Obair" ar thairseach EURES. Tugtar eolas mionsonraithe de réir tíre inti.
- Cuardaigh folúntais phoist EURES oiriúnacha in aon tír de chuid an LEE tríd an áis "Cuardaigh i gcomhair poist" ar thairseach EURES. Is féidir leat rochtain a fháil ar fholúntais phoist i 31 tír Eorpach, a chlúdaíonn réimse leathan de ghairmeacha beatha lena n-áirítear deiseanna séasúracha agus buana, agus é sin go léir nuashonraithe i bhfíor-am. Bíonn bratach "Eorpach" curtha le folúntais EURES atá oscailte go sonrach d'earcú idirnáisiúnta.
- Tá comhéadan soláimhsithe ag an áis "Cuardaigh i gcomhair poist EURES". Is féidir leis an lucht cuardaigh fostaíochta, mar shampla, tír, réigiún, gairm bheatha, cineál conartha nó meascán de chritéir a roghnú chun teacht ar phost. Tá sé ar fáil i 25 teanga an LEE.
- Tugtar isteach na folúntais a bhíonn ar thairseach EURES, don chuid is mó, go díreach ó na bunachair shonraí fostaíochta náisiúnta. De ghnáth, ní bhíonn ach teideal agus cur síos an phoist scríofa i dteanga náisiúnta na tíre sin. Go minic aistrítear sonraí eile faoin phost, cosúil le cineál conartha, taithí agus leibhéal oideachais atá riachtanach.
- Tá sé úsáideach a bheith ar an eolas go roghnaíonn an fostóir féin cén teanga ina ndéanfar an folúntas atá acu a phostáil sa mhír "Cuardaigh i gcomhair poist EURES". Má tá suim ar leith ag fostóir duine a earcú ar bhonn idirnáisiúnta, féadfar an folúntas a fhoilsiú i dteanga amháin nó i roinnt teangacha seachas i dteanga dhúchais an fhostóra
EAGRAÍOCHTAÍ IDIRNÁISIÚNTA
- Foilsítear folúntais in institiúidí náisiúnta agus idirnáisiúnta ar na suímh ghréasáin ábhartha atá acu. Tabhair faoi deara go bhfuil gá le scrúdú a dhéanamh le bheith curtha ar ghearrliosta maidir leis an gcuid is mó de phoist riaracháin phoiblí. Má ghliogálann tú ar "Naisc" ag barr leathanaigh bhaile EURES, feicfidh tú liosta fada d'eagraíochtaí agus institiúidí áit ar féidir leat eolas agus deiseanna fostaíochta a fháil freisin.
- Níl tairiscintí poist ó na hInstitiúidí Eorpacha ar fáil trí thairseach EURES. Foilsítear iad ar shuíomh gréasáin na hOifige Eorpaí um Roghnú Foirne (EPSO).
GNÍOMHAIREACHTAÍ FOSTAÍOCHTA PRÍOBHÁIDEACHA AGUS GNÍOMHAIREACHTAÍ EARCAÍOCHTA
- I roinnt mhaith Ballstát, tá gníomhaireachtaí fostaíochta príobháideacha dírithe go sonrach i dtreo obair shealadach a fháil do dhaoine thar lear. Mar an gcéanna, is féidir le gníomhaireachtaí earcaíochta príobháideacha i do thír agus thar lear réimse leathan eolais a thairiscint. Tabharfaidh siad treoir duit tríd an bpróiseas iarratais agus cabhróidh siad leat na riachtanais dlíthiúla a bhaineann le hathlonnú a thuiscint chomh maith. Déan cinnte go bhfuil siad cláraithe go cuí sula n-úsáideann tú iad agus fiafraigh an ngearrtar táillí as a gcuid seirbhísí. Chomh maith leis sin, scrúdaigh an saghas conartha a thairgeann siad.
FOINSÍ EOLAIS EILE
- Cuardaigh imeachtaí ábhartha nó folúntais phoist eile ar suímh ghréasáin tiomanta do chéimithe nó trí mheán inneall cuardaigh ar líne (cosúil le Google agus Yahoo, mar shampla), na nuachtáin náisiúnta, foilseacháin speisialaithe (e.g. irisí gairmthreoracha) agus in oifig ghairmthreorach d'ollscoile nó ó chumann/aontas na mac léinn. De ghnáth faigheann na leabharlanna poiblí móra nuachtáin agus foilseacháin eachtrannacha ar bhonn rialta. Chomh maith leis sin, is féidir leat dul i gcomhairle leis an nasc "Eolas agus poist do chéimithe" trí "Naisc ghaolmhara", áit ina bhfuil a lán seoltaí gréasáin úsáideacha san LEE.
- Is slí idéalach í roinnt ama a chaitheamh ar chúrsa oiliúna nó socrúchán oibre i do rogha thír chun taithí a fháil ar an tír agus soláthraítear an deis chun post a chuardach ar an láthair chomh maith. Eagraíonn a lán cuideachtaí móra socrúcháin oibre dá leithéid. Cuardaigh deiseanna cúrsaí oiliúna ar an nasc "Eolas agus poist do chéimithe".
- Go dtí seo tá roinnt comhairle léite agat faoi conas deis ghairme mar fhostaí a fháil. Ar smaoinigh tú riamh faoin bhféidearthacht chun gnó tosaithe a chur ar bun i mBallstát eile? An bhfuil tú ar an eolas faoi threoirthionscadal nua an Choimisiúin Eorpaigh ERASMUS d'fhiontraithe nua"? Tá an scéim shoghluaisteachta seo dírithe ar oiliúint (1-6 mhí thar lear), líonrú agus an malartú de thaithí a éascú i measc fiontraithe óga trí mheán cúrsaí oiliúna a chur ar fáil i ngnóthais bheaga agus mheánmheide i mBallstát eile an AE.
- Conas is féidir liom mo chuid scileanna a chur in oiriúint le folúntas thar lear Ba cheart do chéimithe atá ag cuardach fostaíochta a bheith solúbtha maidir le folúntais phoist, go háirithe na mic léinn sin le níos lú deiseanna dóibh sa mhargadh saothair. Smaoinigh faoi do chuid inniúlachtaí pearsanta agus d'oscailteacht chun scileanna nua a fhoghlaim – cuimhnigh ar d’fhéinmhuinín agus creid i do chuid mianach! Go minic ní bhíonn an oiread sin suime ag fostóirí sna dioplómaí nó sna réimsí staidéir; smaoiníonn siad faoi do chumas glacadh le freagracht chun an post a dhéanamh go sásúil.
- An aithneofar mo cháilíochtaí acadúla agus gairmiúla? Is í ceann de na gnéithe is tábhachtaí ná tú féin a chur ar an eolas faoi conas aitheantas a fháil maidir le do cháilíochtaí sa tír "óstach" agus cibé an rialaítear an ghairm úd. Gairmeacha rialaithe Is iad na gairmeacha rialaithe na cinn atá teorannaithe do dhaoine le cáilíochtaí áirithe ina seilbh acu (dlíodóirí, cuntasóirí, múinteoirí, innealltóirí, paraimhíochaineoirí, dochtúirí, fiaclóirí, tréidlianna, poitigéirí agus ailtirí, mar shampla). I gcuid de na gairmeacha seo, tá liosta a bhunaíonn na cáilíochtaí aitheanta agus cóibhéiseacha. Gairmeacha neamh-rialaithe I roinnt gairmeacha eile ní shocraíonn ach an fostóir cibé an mbeidh iarrthóir in ann an obair a dhéanamh. Meastar an chóibhéis de réir gach cás, ag cur fad agus ábhar an chúrsa san áireamh. Ar an gcaoi seo, d'fhéadfá tosú ag cleachtadh chomh luath agus a fhaigheann tú post, ach ní mór aon nós imeachta gairmiúil is infheidhme sa tír óstach a chomhlíonadh – a d’fhéadfadh a bheith difriúil ón rud ar a bhfuil taithí agat air. Chomhshínigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle moladh ag bunú an Chreatoibre Eorpach Cáilíochtaí le haghaidh foghlama ar feadh an tsaoil go foirmiúil i mí Aibreáin 2008. Feidhmíonn an Creatoibre Eorpach Cáilíochtaí mar uirlis aistriúcháin chun cáilíochtaí náisiúnta a dhéanamh níos soléite ar fud na hEorpa, ag spreagadh soghluaisteacht na n-oibrithe agus na bhfoghlaimeoirí idir thíortha agus ag éascú a gcuid foghlama ar feadh an tsaoil. Ón mbliain 2012, is cóir go mbeadh tagairt don leibhéal cuí den Chreatoibre Eorpach Cáilíochtaí, ionas gur féidir le fostóirí agus institiúidí feasacht scileanna, scileanna nó inniúlachtaí iarrthóra a aithint. Foghlaim a thuilleadh faoi aitheantas na gcáilíochtaí gairmiúla – féach an nasc 'NARIC', laistigh de 'Ábhair ghaolmhara' sa mhír "An céimí tú?" agus sa mhír i leith an Chreatoibre Eorpach Cáilíochtaí ar thairseach Europa.
- An mbíonn teanga ina fadhb? Agus tú ag cuardach poist i dtír eile, is buntáiste breise é gan dabht más féidir leat an teanga áitiúil a labhairt (agus féadfaidh sin a bheith riachtanach fiú). De ghnáth bíonn bunscileanna Béarla ina mbuntáiste. Níl aon riail ghinearálta i bhfeidhm, áfach, agus féadfaidh na scileanna teanga riachtanach a bheith difriúil ó phost go post nó ó thír go tír. Smaoinigh, áfach, faoi chlárú do chúrsa teanga chun feabhas a chur ar do chuid eolais nó líofachta.
- An féidir liom mo chuid sochar dífhostaíochta ó mo thír bhunaidh a choinneáil agus mé ag cuardach poist i mBallstát LEE eile? Má tá tú dífhostaithe faoi láthair agus más mian leat post a chuardach i dtír LEE eile, is féidir leat do shochar dífhostaíochta a aistriú ar feadh 3 mhí. Tá rialacha agus coinníollacha déine i bhfeidhm, áfach, maidir le haistriú sochar. Déan teagmháil le do sheirbhís fostaíochta áitiúil nó leis an ngníomhaireacht sochar ábhartha roimh aon rud a dhéanamh. Mura bhfuil post faighte agat faoi cheann 3 mhí, d'fhéadfaí iarraidh ort imeacht, ach d'fhéadfadh na húdaráis a bheith trócaireach más rud é gur féidir leat a dhearbhú go bhfuil seans maith ann go bhfaighfidh tú post. Tugtar a thuilleadh faisnéise úsáideacha faoi seo sa mhír "Maireachtáil agus Obair" ar an tairseach EURES.
- Cén doiciméid dlíthiúla atá ag teastáil de ghnáth chun bogadh thar lear? Deimhnigh roimh ré go bhfuil cárta aitheantais nó pas bailí agat chun bogadh laistigh den LEE. Cuardaigh faisnéis shoiléir faoi riachtanais um víosa agus/nó chead oibre, más rud é ... - go mbaineann bearta idirthréimhseacha leis an gceart um shaorghluaiseacht oibrithe i do thír. Téigh i gcomhairle leis an mír "Maireachtáil & Obair" ar thairseach EURES, nó le do Chomhairleoir EURES áitiúil um a thuilleadh faisnéise; - go mba mhian leat dul ag obair lasmuigh den LEE (déan teagmháil le hAmbasáid na tíre neamh-LEE i do thír féin le haghaidh sonraí faoin nós imeachta iarratais).
- Más saoránach neamh-AE mé? Tá seirbhísí ar líne EURES ar fáil saor in aisce d'aon úsáideoir a bhfuil rochtain aige ar an idirlíon. Más rud é go bhfuil tú ag maireachtáil agus ag obair san LEE nó san Eilvéis cheana féin, féadfaidh tú dul i dteagmháil le Comhairleoir EURES áitiúil nó réigiúnach chun comhairle a fháil. Mar sin féin, má fhaigheann tú post trí mheán EURES, fós ní athraítear na hoibleagáidí dlíthiúla agus nósanna imeachta riaracháin a d’fhéadfadh a bheit hinfheidhmithe maidir le saoránaigh neamh-AE. Má tá sé ar intinn agat dul ó thír neamh-LEE (seachas an Eilvéis) chun maireachtáil agus obair laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó san Eilvéis, is minic gur féidir le do Roinn Gnóthaí Eachtracha féin faisnéis a thabhairt duit faoi na riachtanais dhlíthiúla a bhaineann le bogadh thar lear, nó treoir a thabhairt duit faoi ionaid eolais úsáideacha.
Conas a dhéantar iarratas?
- Sonraigh gairmphlean Sonraigh gairmphlean soiléir, ag tógáil ar do chuid cáilíochtaí, cumais agus mianta: na cineálacha poist agus cuideachtaí, scileanna, tascanna agus freagrachtaí atá ar intinn agat tabhairt fúthu. Chuige sin, úsáid áis chuardaigh an innill taighde agus/nó an mhéarchláir sa mhír "Cuardaigh i gcomhair poist EURES" den tairseach seo, chun meaitseáil poist a dhéanamh. Déan comparáid idir do phróifíl agus na sonraíochtaí poist sna réimsí ina bhfuil suim agat iontu.
- Iarratas postsprioctha Cuir d'iarratas chuig na folúntais atá postáilte ar an tairseach seo nó ar shuímh ghréasáin eile, nuachtáin, irisí, etc. Bíonn a thuilleadh eolais acu seo faoi conas iarratas a dhéanamh agus faoin bpointe teagmhála. Nó bíonn a suímh earcaíochta ar líne féin ag go leor cuideachtaí, áit ar féidir leat foirm iarratais leictreonach a chuir isteach uaireanta.
- CV EURES ar líne Nuair a chláraíonn tú saor inaisce le"Mo EURES" don lucht cuardaigh fostaíochta, is féidir leat do CV féin a chruthú agus a chur ar fáil d'fhostóirí cláraithe agus do Chomhairleoirí EURES atá ag cuidiú le fostóirí teacht ar iarrthóirí oiriúnacha. Is féidir teagmháil a dhéanamh freisin le Comhairleoir EURES a dhéanfaidh an t-iarratas a phróiseáil nó, i gcásanna áirithe, go díreach leis an bhfostóir.
- Iarratas féinthionscnaimh Is féidir leat iarratais fhéintionscnaimh a ullmhú agus a chur isteach chomh maith (cuimhnigh nach bhfoilsíonn na fostóirí gach folúntas atá acu). Tugann an chuid is mó de na suímh ghréasáin atá dírithe ar chéimithe comhairle agus treoir faoi CVanna agus iarratais fhéintionscnaimh. Is é an nós imeachta is gnáthúla ná CV prioctha i gceangal le litir chlúdaigh a chur chuig fostóirí réamhroghnaithe.
Conas a chuirtear Curriculum Vitae le chéile?
- CV Europass Is é an rud is fearr a dhéanamh ná formáid an CV Eorpach a leanúint, chun inchomparáideacht níos fhusa de do cháilíochtaí agus taithí thar tíortha an LEE. Tá an fhormáid CV seo ar fáil sna teangacha uile de chuid an LEE ar CV EURES ar líne agus tá sí oiriúnach do chéimithe acadúla agus gairmiúla araon. Tugann an CV Europass cur síos soiléir ar chumas agus scileanna iarrathóra thar teorainneacha an LEE. Téigh i gcomhairle le do thoil leis an nasc 'Europass' faoi 'Ábhair ghaolmhara' ar thairseach EURES um a thuilleadh eolais.
- Simplíocht De ghnáth, féachann earcaitheoirí trí na CVanna go tapa sula ndéantar an rogha. Bíodh do CV éasca le léamh tríd an úsáid d'abairtí gearra,d'fhoclaíocht dhearfach, agus, nuair is cuí, de théarmaí teicniúla. Bain amach aon eolas iomarcach nó athráiteach.
- Gnóthachtálacha Leag béim ar do chuid freagrachtaí roimhe seo a d’fhéadfadh a bheith ábhartha don phost inmhianaithe, fiú má tá do chuid taithí teoranta. Déan iarracht briathra "gníomhacha" a úsáid, cuir gaol 'cúis agus éifeacht' in iúl agus tú ag cur síos ar do chuid gnóthachtálacha agus mínigh do chuid gnóthachtálacha intomhaiste i gcónaí.
- Fíor agus cuimsitheach Bí cinnte go bhfuil an t-eolas a thugtar fíor, cruinn agus ábhartha (e.g. dírithe ar riachtanais na bhfostóirí). Ná déan dearmad go gcuireann roinnt gnéithe pearsanta agus taithí le luach do CV - gan amhras, chuidigh na poist a bhí agat mar mhac léinn, na hintéirneachtaí, na poist dheonacha nó sna saoirí leat d'inniúlacht phearsanta a fheabhsú. Mar sin, bí cinnte go leagann tú béim achomair ar na gníomhaíochtaí sin agus ar na scileanna a fuair tú astu.
- Oideachas Leag béim ar do chuid gnóthachtálacha acadúla agus aon inniúlachtaí eile, go háirithe mura bhfuil taithí (nó mórán taithí) ghairmiúil agat. Cuir ceist ort féin: "Cad atá agam ó mo thaithí oideachasúil nach bhfuil acu ina dtír siúd?"
- Fad Déan iarracht do CV a choimeád níos giorra ná 2 leathanach (is luachmhar an rud é am na bhfostóirí!). Ceangail litir chlúdaigh le do CV chun tú féin agus do chuid suime sa phost a chur in iúl. Cuir in iúl gur féidir leat a thuilleadh eolais a sholáthar más gá.
- Soiléire Scríobh an CV tú féin agus lig do dhuine eile an léamh profaí a dhéanamh sula n-uaslódálann tú é ar thairseach gréasáin EURES nó roimh é a chur chuig an bhfostóir.
- Tagairtí I roinnt mhaith tíortha, tugtar tagairtí go gnáthúil - ainmneacha agus sonraí teagmhála na ndaoine ar féidir leo eolas faoin iarratasóir a thabhairt don fhostóir. Seiceáil na tagairtí faoi dhó agus bí cinnte go bhfuil cead faighte agat roimh iad a úsáid.
- Leaganacha sprioctha CV Tábhachtach: athraigh do ghnáthCV de réir phróifíl an phoist ina bhfuil suim agat ann. Ciallaíonn é sin gur cheart duit béim a leagan ar cháilíochtaí sonracha, scileanna, oiliúint nó taithí atá ábhartha don fholúntas roghnaithe.
- Comhairle mhaith: - go minic tugann suímh ghréasáin na bhfostóirí eolas ábhartha faoi chuspóirí agus leas na cuideachta; - tugann roinnt suíomh gréasáin do chéimithe agus ionad gairmthreorach sna hollscoileanna comhairle agus treoir faoi conas CV a chur le chéile.
Conas a chuirtear litir iarratais le chéile?
- Cuspóir Mura sonraítear a mhalairt sa chur síos faoin bhfolúntas poist nó mura bhfuil gá le foirm iarratais ar leith, de ghnáth cuimsíonn iarratas litir chlúdaigh agus CV (an CV Europass de rogha). Cuireann tú tú féin, agus do chuid suime san fholúntas, in iúl don fhostóir tríd an litir chlúdaigh.
- Gnéithe Cosúil leis an Curriculum Vitae, ba cheart an litir iarratais a choimeád gearr (1 leathanach) agus soiléir. Úsáid téacs atá simplí ach oibiachtúil. Leag béim ar thrí nó cheithre ábhar ábhartha (féach thíos).
- Ábhar Ba cheart go gcuimseodh do théacs thart ar 4 alt, agus gach ceann acu ag díriú ar ábhar difriúil. Sampla: 1) Cuir do chuid suime in iúl agus mínigh cá háit a d’fhoghlaim tú faoin bhfolúntas; 2) Mínigh cén fáth go bhfuil suim agat sa phost agus cén fáth go gceapann tú go bhfuil an phróifíl chuí agat; 3) Leag béim ar inniúlacht nó dhó idir phearsanta agus ghairmiúla ó do CV a d'fhéadfadh, i do thuairim, cur le luaíocht d'iarratais; 4) Sula gcríochnaíonn tú an litir (e.g Le meas), inis go soiléir go bhfuil tú ar fáil le haghaidh agallaimh agus gur féidir leat a thuilleadh eolais nó doiciméad a soláthar má iarrtar amhlaidh.
Cén leagan teanga a úsáidfidh mé?
- Mura bhfuil sé sonraithe go soiléir san fhógra folúntais, tá sé níos oiriúnaí an litir a scríobh i dteanga dhúchais na bhfostóirí nó i dteanga na tairisceana poist. Mar a dúradh cheana, i gcás post trasnáisiúnta, glactar go minic leis an mBéarla mar phríomhtheanga chumarsáide (le Fraincis agus Gearmáinis ina dhiaidh sin). Déan teagmháil le Comhairleoir EURES má tá a thuilleadh treorach uait.
- Má tá teanga na spriocthíre ar eolas agat, ní mór duit féin an CV agus an litir chlúdaigh araon a scríobh tú féin. Má tá eolas ar theanga ar leith riachtanach mar chuid den fholúntas, beidh deis agat ansin do chuid inniúlachtaí teanga a léiriú roimh agallaimh féideartha. Iarr ar dhuine eile léamh profaí a dhéanamh ar d’iarratas i gcónaí sula sheolann tú é.
- Má scríobhann tú iarratas i dteanga iasachta, bí cinnte go míníonn tú i dteanga an fhostóra cad is brí le téarmeolaíocht shonrach oideachais nó cáilíochta. Más féidir, déan é a mhíniú trí shamplaí inchomparáide ó thír na bhfostóirí a úsáid. Déan teagmháil le Comhairleoir EURES má tá a thuilleadh cabhrach uait.
Scrúduithe roghnúcháin nó comórtais oifigiúla
- Iarrann roinnt gnólachtaí móra, cuideachtaí nó institiúidí idirnáisiúnta ar iarrthóirí scrúduithe síciméadracha agus measúnuithe teicniúla a dhéanamh roimh an agallamh. Úsáideann cuid mhaith acu ionaid mheasúnaithe fiú chun conas a ghníomhódh ábhair fhostaithe i bhfíorchásanna laethúla a mheas. Ní ligtear ach d'iarrthóirí a cuireadh ar ghearrliosta ón chéad chéim de chomórtas dul ar aghaidh chuig an dara céim (an t-agallamh, de ghnáth). Nuair atáthar ag ullmhú le haghaidh scrúduithe roghnúcháin cuardaigh aon fhaisnéis infhaighte faoin gcineál scrúduithe agus faoi na cleachtais atá in úsáid ag an eagraíocht. Soláthraíonn roinnt suíomh gréasáin agus foilseachán speisialaithe do chéimithe liosta d’uirlisí agus de mhodhanna coitianta.
Ag ullmhú don agallamh
- Faisnéis chúlra Bí cinnte go bhfuil tú ar an eolas faoin gcuideachta agus réidh ceisteanna a chur faoin gcuideachta agus faoi ghnéithe ar leith den phost. Déan comparáid idir do chuid cáilíochtaí féin agus na cáilíochtaí cóibhéiseacha i dtír an fhostóra. Bí réidh chun ceisteanna a fhreagairt faoi do chuid scileanna freagrachta / teicniúla / bainistíochta / déanta-cinntí agus conas a oireann siad do phróifíl an phoist.
- Iinniúlachtaí pearsanta Tá gach seans go n-iarrfaí ort do chuid scileanna i dteanga na tíre óstaí a chur in iúl agus léiriú conas a oireann do chuid scileanna agus tréithe riachtanais an phoist. Má tá do scileanna i dteanga na tíre óstaí lag, léirigh go bhfuil tú toilteanach feabhas a chur ar an scéal (b'fhéidir freastal ar chúrsa teanga). Déan iarracht an stór focal atá agat a úsáid, is cuma cé chomh teoranta é - taispeáin gur féidir leat é a dhéanamh agus go bhfuil tú díograiseach faoi!
- Fíorchásanna laethúla Roimh an agallamh, smaoinigh faoi roinnt samplaí de chásanna dúshlánacha a bhfuil taithí agat orthu cheana agus bí réidh chun iad a mhíniú. Ullmhaigh leagan scríofa duit féin de "theicníc díolacháin" le húsáid chun cur in iúl don fhostóir gur tusa go díreach an duine atá á lorg. Más agallamh teileafóin atá i gceist, bíodh an cháipéis seo réidh i gcónaí agus déan cleachtadh ar na pointí a chur trasna go soiléir.
- Ceisteanna aniar aduaidh Ná caill do mhisneach nuair a chuirtear ceisteanna casta nó neamhghnách ort. Fan socair, fan nóiméad roimh fhreagra a thabhairt, agus thar aon ní eile, bí ionraic. Mura bhfuil a fhios agat, abair é sin, ach mínigh conas a dhéanfá iarracht teacht ar fhreagra nó réiteach na ceiste.
- Obair bhuíne Leag béim ar do rannpháirtíocht i ngnóthachtálacha obair bhuíne eile. Ba cheart scileanna ceannaireachta, bainistíochta nó idirghníomhaithe shóisialta a lua freisin agus samplaí cuí a thabhairt ina leith.
- Forálacha tuarastail agus conartha Faigh roinnt eolais faoi mheanrátaí tuarastail (comhiomlán agus/nó glan) a íoctar i ngairmeacha comhchosúla agus na riachtanais cháilíochta sa tír eachtrannach atá ar intinn agat bogadh ann. Mar an gcéanna, bí cúramach faoi na socruithe conartha agus dlíthe saothair atá i bhfeidhm. Téigh i gcomhairle na míre "Maireachtáil agus Obair" ar thairseach EURES um a thuilleadh eolais. Féadann Comhairleoir EURES cabhrú leat freisin.
Doiciméid mholta le tabhairt leat chuig an agallamh
- CV Cúpla cóip de do CV i dteanga an fhostóra, agus b'fhéidir i mBéarla chomh maith.
- Teastais Fotachóipeanna de do chuid teastas céimníochta, cúrsaí teanga ar a freastalaíodh nó aon cháilíochtaí eile.
- Dioplóma(í) aistrithe. Le haghaid poist áirithe, mar shampla san earnáil phoiblí, tá seans go mbeidh ort aistriúchán deimhnithe a fháil de do cháilíocht, ís iondúil go mbíonn a leithéid ar fáil ó d’institiúid oideachais nó ón roinn rialtais ábhartha. Déan teagmháil leis an údarás oideachais ábhartha i do thír féin.
- Cártaí aitheantais Tabhair leat pas nó cárta aitheantais agus b'fhéidir fiú cóip de do theastas breithe chomh maith.
- Cáipéisí um árachas sláinte Má thugann an t-agallóir tairiscint duit ar an láthair, beidh an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte (nó cáipéis eile um árachas sláinte, go háirithe i gcás saoránach neamh-AE) an-úsáideach chun aon chostais mhíochaine gan coinne a chlúdach.
- Grianghraif phas Tabhair leat grianghraif phas chun do CV a aithint níos éasca nó ar mhaithe le haon fhoirmiúlacht riachtanach eile.
- Litreacha molta Is féidir le litreacha molta tú a chur chun tosaigh ar na hiarrthóirí eile. Mura bhfuil aon taithí ghairmiúil agat, tabhair leat doiciméad tacaithe ó do scoil / ollscoil.
Roimh phacáil, smaoinigh faoi:
- Conradh oibre Déan cinnte go bhfaigheann tú conradh fostaíochta (nó litir ráthaíochta sínithe go cuí) chomh maith le deimhniú do thuarastail sula n-imíonn tú. Tabhair leat cóipeanna d'aon socrú faoi do chonradh oibre.
- Doiciméadú Déan cóipeanna de gach doiciméad tábhachtach lena n-áirítear páipéir árachais, pas, conarthaí fostaíochta, teastais bhreithe, cártaí bainc, etc. Féach an bhfuil do cheadúnas tiomána bailí.
- Cúrsaí teanga Tabhair faoi cúrsa teanga, de rogha i dteanga dhúchais do thíre óstaí nó sa teanga oibre a bheidh á úsáid agat i gcaitheamh do ghnáthlae oibre.
- Deiseanna foghlama eile Faigh roinnt eolais agus b’fhéidir cuir iarratas isteach ar chúrsaí ábhartha iarchéime/tiontaithe agus scéimeanna oiliúna san LEE (e.g. Obair shóisialta, teagasc, státseirbhís, dlí, etc.). Beidh an chuid is mó de suímh ghréasáin do chéimithe chomh maith le d'ionad gairmthreorach áitiúil (nó aontas na mac léinn) in ann eolas oiriúnach a sholáthar. Foghlaim a thuilleadh sa mhír "Foghlaim" ar thairseach EURES.
- Cuntais bhainc Féach cé mhéid airgid a chaithfidh a bheith agat i do chuntas bainc i do thír óstach ar bhaint amach na tíre ceannscríbe duit. Déan nóta de thagairtí do chuntais bhainc reatha. Beidh siad ag teastáil uait thar lear chun airgead a aistriú.
- Árachas Ná déan dearmad doiciméad bailí um árachas sláinte a thabhairt leat. Smaoinigh chomh maith faoin bhféidearthacht árachas taistil a cheannach.
- Cóiríocht /tithíocht Cuardaigh roghanna cóiríochta agus costais de réir ceantair i do thír chónaithe thodhchaíoch (e.g. cuardach Idirlín, brúnna óige i gcomhair cóiríochta sealadaí, etc). Féach ar na riachtanais agus na meastacháin chostais a bhaineann le do chuid maoine a aistriú.
- Leas Sóisialta Déan teagmháil le d'institiúid leasa shóisialta roimh imeacht chun an t-eolas agus foirmeacha riachtanacha an AE agus/nó Cárta Eorpach um Árachas Sláinte a fháil (duitse agus do theaghlach, más infheidhmithe). Cuir tú féin ar an eolas faoi chomhaontuithe idir tíortha agus gnásanna eile maidir le haistriú na gceart leasa sóisialta (sochair shóisialta, sochair dhífhostaíochta).
- Cánachas Déan teagmháil leis na húdaráis ábhartha i do thír bhunaidh chun comhairle phearsanta a fháil ar chomhaontuithe cánachais leis an spriocthír.
- Teaghlach Mar oibrí soghluaiste, tá na cearta céanna agatsa agus ag do theaghlach agus atá ag oibrithe náisiúnta. Is féidir le baill do theaghlaigh dul i dteannta leat agus tá an ceart oibre agus dul ar scoil acu i bhur dtír chónaithe nua. Is féidir le EURES cabhrú leat freisin teacht ar phost do do chéile nó do do pháirtí. Déan teagmháil le Comhairleoir EURES um a thuilleadh eolais.
- Oideachas do pháistí An tslí is fearr chun foghlaim faoi scoileanna agus faoin chóras oideachais i do spriocthír ná teagmháil a dhéanamh le Comhairleoir EURES áitiúil. Cuardaigh eolas ar shuíomh gréasáin an údaráis oideachais ábhartha. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh chomh maith le d'údarás oideachais náisiúnta agus/nó ambasáid na tíre eachtrannaí chun a thuilleadh eolais a fháil faoin gcóras oideachais agus na riachtanais staidéir chóibhéiseacha.
Díreacht roimh imeacht...
- Déan cinnte go gcuireann tú deireadh dlíthiúil le haon chaidreamh conartha atá agat le do sholáthraithe seirbhíse: tithíocht, uisce, gás, fón, idirlíon, teilifís, etc. D'fhéadfá smaoineamh chomh maith faoi do chuideachtaí bainc agus árachais (go gnearálta nuair is tréimhse fíor-fhadtéarmach nó chinnte sa spriocthír atá i gceist).
- Cuir d'údarás áitiúil ar an eolas go bhfuil tú ag bogadh thar lear má tá sé seo riachtanach.
- Athraigh do sheoladh poist leis na hinstitiúidí nó na heintitis uile lena bpléann tú de ghnáth.
- Cuir lucht riaracháin cánachais agus sochair shóisialta do thíre bunaidh ar an eolas go bhfuil tú ag imeacht.
Agus ná déan dearmad...
- Pas bailí agus/nó cárta aitheantais duitse agus do bhaill do theaghlaigh.
- Víosa duitse agus/nó do bhaill do theaghlaigh más rud é nach saoránaigh de chuid an LEE sibh (nó má tá sé ar intinn agat bogadh chuig tír lasmuigh den LEE).
- Tithíocht Fiú má bhí fiosrúcháin déanta agat sular fhág tú do thír bhunaidh, féadann sé a bheith deacair cóiríocht oiriúnach a fháil roimh do cheann scríbe a bhaint amach. Murar féidir le d'fhostóir cabhrú leat, tosaigh le réiteach sealadach agus beidh tú in ann áit bhuan a lorg ina dhiaidh sin. Cuardaigh faisnéis faoi na forálacha dlithiúla chomh maith le cearta agus oibligeáidí na bpáirtithe mar a bhaineann le tithíocht ar cíos i do thír chónaithe nua.
- Gnásanna silthiúla agus riaracháin I bhformhór na gcásanna, eagróidh d'fhostóir nua na forálacha dlithiúla maidir le do chlárú sa tír nua (clárú um leas sóisialta, clárú leis an oifig cánach, etc.). I ngach cás, bíodh a fhios agat go bhfuil cearta agat agus oibligeáidí ort. Déan teagmháil le Comhairleoir EURES nó leis na húdaráis áitiúla chun a thuilleadh eolais a fháil.
- Leas Sóisialta Tá na sochair leasa shóisialta go léir bunaithe ar chonradh fostaíochta sa tír agus tugtar go cothrom iad do gach saoránach AE/LEE. Clúdaíonn sochair shóisialta breoiteacht agus saoire mháithreachais, dífhostaíocht agus sochair theaghlaigh, timpistí san ionad oibre agus galair cheirde, pinsin easláine agus seanaoise.
- Cánachas Chuir tíortha Eorpacha comhaontuithe cánacha déthaobhach i gcrích chun a gcuid saoránach a chosaint ar íocaíocht faoi dhó as an ngníomhaíocht chéanna nó as an ioncam céanna i dtír eile.
- Cláraigh san oifig daonra áitiúil Cláraigh agus faigh cárta aitheantais i do thír chónaithe nua.
- Cuntas bainc Oscail cuntas bainc agus cuir d'fhostóir ar an eolas faoi (maidir le híocaíocht do thuarastail).
- Árachais Má cheannaíonn tú teach nó má thógann tú teach ar cíos nó má cheannaíonn tú gluaisteán, ní mór duit árachas i gcoinne tine agus timpistí guaiseacha eile a fháil. Cuir tú féin ar an eolas faoi chuideachtaí árachais molta.
- Oideachas agus scoileanna do pháistí Cuir tú féin ar an eolas faoi áiseanna scoile agus riachtanais iontrála do pháistí. Is féidir le suímh ghréasáin náisiúnta, na húdaráis áitiúla nó d'fhostóir féin fiú cabhrú leat chun teacht ar an scoil is oiriúnaí do do chuid páistí.
- Oiliúint teanga agus/nó gairmoiliúint Ar do thionscnamh féin nó i gcomhar le d'fhostóir nua, beidh sé tairbheach duit freastal ar shainchúrsaí chun feabhas a chur ar do chuid inniúlachta teanga agus/nó scileanna gairmiúla.
- Iompar áitiúil Ar do theacht i dtír, agus ag brath ar an bhfad idir d'áit chónaithe nua agus d'ionad oibre, cuardaigh an modh taistil is eacnamaíche agus is éifeachtaí duit. Déan taighde ar phraghsanna ticéid agus rátaí síntúis míosúla.
- Saoráidí cultúrtha agus fóillíochta Is féidir leis an eagraíocht a fhostaíonn tú, d'oifig riaracháin áitiúil, do chuid comharsana agus comhghleacaithe oibre nua, chomh maith leis na suímh ghréasáin náisiúnta cabhrú leat teacht ar na suímh agus na gníomhaíochtaí is suimiúla i do cheantar cónaithe nua.
Smaoinigh freisin faoin ... bhfilleadh ar do thír bhunaidh
- Fan i dteagmháil le gréasán de dhaoine ó do thír féin agus/nó den ngairm chéanna leat. Iarr comhairle, b'fhéidir ar Chomhairleoir EURES, ar an tslí is fearr chun léim a leagan ar do chuid taithí thar lear agus tosaigh ag cuardach poist go luath sula bhfilleann tú abhaile. Is féidir le EURES cabhrú leat freisin chun oscailt ghairmiúil a aimsiú i do thír bhunaidh.
- Ná déan dearmad iarratas a dhéanamh ar na foirmeacha Eorpacha an-luath sula bhfágann tú do thír chónaithe (E205 maidir le scor, E301 / E303 maidir le socair dhífhostaíochta, an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte, etc.).
Tabhair faoi deara le do thoil: tá na céimeanna a thugtar chun teacht ar phost i do thír bhunaidh, nuair atá tú fós i do chónaí i dtír thar lear, an-chosúil leis na céimeanna sin a bhí i gceist nuair a bhog(ann) tú thar lear!
Má tá a thuilleadh faisnéise ag teastáil uait chun cabhrú leat an t-aistriú ó shaol an mhic léinn go dtí an saol gairmiúil thar lear a bhaint amach, téigh i gcomhairle le suímh ghréasáin eile trí ghliogáil ar "Eolas agus poist do chéimithe" i "Naisc Ghaolmhara".
Mar fhocal scoir, ach fós tábhachtach: Tá níos mó ná 1000 comhairleoir EURES réidh chun cabhair agus cúnamh a thabhairt duit faoi ábhar ar bith a bhaineann leis an margadh saothair Eorpach. Téigh i dteagmháil le Comhairleoir EURES i do thír chónaithe chun tús a chur leis. Gheobhaidh tú sonraí teagmhála na gcomhairleoirí EURES trí ghliogáil ar “Téigh i dteagmháil le Comhairleoir EURES”.
Gairm bheatha do thaighdeoirí
Is féidir le taighdeoirí tairbhe a bhaint as deiseanna chun dul i mbun oibre nó staidéir i mBallstáit eile agus as Tairseach Eorpach um Shoghluaisteacht Thaighdeoirí. Tá suíomh gréasáin nua - EURAXESS – Taighdeoirí ag gluaiseacht ar fáil anois le raon leathan seirbhísí. Is ionad ilfhreastail é do thaighdeoirí atá ag iarraidh a ngairm bheatha agus a bhforbairt phearsanta a chur chun cinn trí dhul chuig tíortha eile. Tá an tseirbhís phearsanta seo ar fáil saor in aisce chun faisnéis chuimsitheach, nua-aimseartha a sholáthar faoi fholúntais fostaíochta agus deiseanna cistíochta i ngach réimse staidéir ar fud na hEorpa. Feidhmíonn sé chomh maith mar an chéad phointe tagartha d'ábhair amhail do chearta féin, chomh maith le cearta na n-institiúidí taighde agus cistíochta, agus soláthraítear go leor nasc a chabhróidh leat sula dtéann tú, agus i ndiaidh d'imeachta, chomh maith. Caith súil ar "Ábhair ghaolmhara" um a thuilleadh faisnéise.
FÓGRA
Tabhair faoi deara go dtugann an mhír "Maireachtáil agus Obair" de thairseach EURES a thuilleadh sonraí do bhalltíortha EURES sa mhír a bhaineann leis na bileoga eolais "Leideanna & Pointí".
Gheobhaidh tú freagraí ar cheisteanna eile chomh maith faoin Aontas Eorpach agus faoi shaorghluaiseacht saoránach chun dul ag maireachtáil, staidéar a dhéanamh agus dul i mbun oibre i mBallstáit eile i dtairseach EUROPA.