
Is mór idir an t‑éileamh ar oibrithe TFC agus an soláthar san Aontas, de réir tuarascáil a foilsíodh le déanaí. Tháinig méadú ar ghanntanais san earnáil sin faoi mar a tháinig an chianobair chun cinn le linn phaindéim COVID-19 agus léiríonn réamhaisnéisí go leanfaidh an t‑éileamh de bheith ag fás, de réir tuarascáil Eurofound dar teideal ‘Measures to tackle labour shortages: lessons for future policy [Bearta chun dul i ngleic le ganntanais lucht saothair: ceachtanna maidir le beartas don am atá le teacht]’. Cuireann an méid sin srian ar tháirgiúlacht, ar nuálaíocht agus ar iomaíochas ar fud gheilleagar an Aontais. Ón Ostair agus an Ghearmáin go dtí an Bheilg, an Danmhairg, an Iodáil agus an Phortaingéil, agus níos faide i gcéin, tá sé léirithe i staidéir arís agus arís eile go bhfuil méadú ag teacht ar an easnamh sa líon foirne cáilithe atá ar fáil chun poist a ghlacadh san earnáil sin. Go háirithe, is mná atá tearcionadaithe sa tionscal.
Seo trí phríomhbhealach a bhfuil cuideachtaí agus eagraíochtaí san Aontas ag obair chun níos mó daoine a thabhairt isteach san earnáil sin.
Níos mó ban a thabhairt isteach sa lucht saothair
- An Ostair: oiliúint a chur ar mhná i ngairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe, lena n‑áirítear gairmeacha digiteacha. Cuireann clár na hOstaire maidir le Mná sa Cheardaíocht agus sa Teicneolaíocht (FiT) ar chumas na mban triail a bhaint as agus ansin oiliúint a chur orthu ar feadh suas le ceithre bliana i bpoist cheirde agus theicniúla, tionscail inar ar lú ná 40 % den lucht saothair iad mná. In 2020, ghlac 7 000 bean dhífhostaithe páirt ann, ar chostas EUR 22.7 milliún. Áiríodh leis an tacaíocht a cuireadh ar fáil sochair dhífhostaíochta, costais chúrsa agus cúraim leanaí (éagsúil ag brath ar an réigiún). I suirbhé a rinneadh in 2022 ar 1 000 rannpháirtí idir 2015 agus 2020, fuarthas go raibh post ag 58 % díobh laistigh de mhí tar éis an clár a dhéanamh, agus tháinig méadú idir 26 % agus 36 % ar ioncaim i gcomparáid leis an méid a bhí ann roimhe sin.
- An Bheilg: mná faoi mhíbhuntáiste a spreagadh chun oiliúint dhigiteach a dhéanamh. Tá oiliúint curtha ag eagraíocht neamhrialtasach (ENR) de chuid na Beilge darb ainm Interface3 ar ní ba mhó ná 6 000 bean san earnáil TF agus scileanna gaolmhara ó bunaíodh é in 1987. Den chuid is mó, bíonn rannpháirtithe idir 20 agus 50 bliain d’aois agus bíonn siad gan mórán cáilíochtaí oideachais nó ní bhíonn cáilíochtaí oideachais ar bith acu, agus is imircigh iad go minic. Feidhmíonn sé anois laistigh de straitéis náisiúnta níos leithne maidir le Mná san Earnáil Dhigiteach 2021-2026 a bhfuil sé mar aidhm léi an bhearna inscne san earnáil a dhúnadh. Bíonn intéirneachtaí le fáil ag deireadh cúrsaí oiliúna saor in aisce, agus reáchtáiltear seisiúin comhairle gairme agus laethanta eolais agus feasachta freisin.
Oiliúint a chur ar dhaoine dífhostaithe
- An Fhrainc: oiliúint NEETanna. In 2015, measadh go raibh thart ar dhá mhilliún duine óg sa Fhrainc ina NEETanna (daoine nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna). Chuir sé sin i mbaol ní ba mhó iad ó thaobh slándáil poist, droch-mheabhairshláinte agus caidreamh sóisialta de – agus ní ba mhó fós le linn na paindéime. Faoi 2020, bhí oiliúint curtha ag GEN ar bheagnach 28 000 duine óg faoi mhíbhuntáiste i scileanna digiteacha. An bhliain sin, chuaigh ní ba mhó ná 40 % díobh ar aghaidh chuig fostaíocht agus 26 % díobh chuig oiliúint bhreise. Bhí thart ar 80 % díobh siúd a chuaigh isteach i bpoist fós ag obair san earnáil TFC trí mhí ina dhiaidh sin.
- An Phortaingéil: scileanna digiteacha don fhorbairt réigiúnach. Seoladh dianchampaí códúcháin (Academia de Código Bootcamps) in Fundão, ceantar tuaithe sa Phortaingéil, idir 2017 agus 2020 chun oiliúint a chur ar dhaoine dífhostaithe mar ríomhchláraitheoirí ríomhaireachta agus chun fostóirí TF a mhealladh chuig an réigiún sin. Ba é a bhí mar aidhm leis sin tallann a choinneáil, ina measc daoine óga, i réigiún ina bhfuil daonra íseal. Maoiníodh na dianchampaí ar dtús trí infheistíocht shóisialta agus mhéadaigh an spéis a bhí ann nuair a d’oscail cuideachta mhór TFC Fhrancach ionad in Fundão.
Oiliúint a chur ar dhídeanaithe agus ar imircigh
- An Ghearmáin: scileanna digiteacha a fhorbairt. Ó 2016 i leith, tá oiliúint curtha ag an Scoil um Lánpháirtiú Digiteach, ReDI – ar scoil teicneolaíochta neamhbhrabúis í – ar imircigh, ar iarrthóirí tearmainn, ar dhídeanaithe agus ar shaoránaigh leochaileacha eile. Faoi 2022, bhí cúrsaí códúcháin agus ríomhaireachta reáchtáilte aige le haghaidh ní ba mhó ná 6 300 mac léinn, bhí 40 ball foirne coibhéise lánaimseartha fostaithe aige agus bhíothas tar éis comhoibriú le raon leathan oibrithe deonacha. Tagann an t‑ioncam ó bheith ag obair leis an rialtas, le comhpháirtithe corparáideacha agus le comhpháirtithe brabúis. Tá líonra de níos mó ná 100 comhpháirtí ag an eagraíocht agus tá láithreacht aici i 10 suíomh Eorpacha. I measc a n‑alumnas tá forbróirí, innealtóirí agus eolaithe sonraí a oibríonn do chuideachtaí TFC sa Ghearmáin, agus bunaitheoirí gnólachtaí nuathionscanta.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, léigh an tuarascáil iomlán ‘Measures to tackle labour shortages: lessons for future policy [Bearta chun dul i ngleic le ganntanais lucht saothair: ceachtanna maidir le beartas don am atá le teacht]’.
Naisc ghaolmhara:
Oibrithe cianda agus a gceart chun dícheangail: teilea-oibriú in AE a rialáil
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoirí EURES
Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES
Bunachar Sonraí EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire ImeachtaíEURES
Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath
EURES ar Facebook
EURES ar X
EURES ar LinkedIn
EURES ar Instagram
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 5 Nollaig 2024
- Údair
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
- Nuacht/tuarascálacha/staitisticí
- Treochtaí earcaíochta
- Óige
- Cuid(eanna) gaolmhara
- Cúnamh agus tacaíocht
- Leideanna agus Moltaí
- Eolas faoin margadh saothair
- Maireachtáil & Obair
- Earnáil
- Activities of extraterritorial organisations and bodies
- Education
- Information and communication
- Professional, scientific and technical activities