Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó
EURES (EURopean Employment Services)
  • Alt nuachta
  • 9 Eanáir 2026
  • An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
  • Am léitheoireachta: 5 nóiméad

Ag bréagnú mhiotas an chéad phoist ‘fhoirfe’ agus miotas eile

Díreach tar éis an t‑oideachas a fhágáil nó cúrsa oiliúna a chríochnú agus brú ort na freagraí ar fad a bheith agat? Seo an dóigh chun dul i ngleic le fírinní an tsaoil oibre.

Tá tú ag lorg do chéad phoist, agus tá tú ag fáil eolais faoi éachtaí neamhghnácha gairme na mílte daoine óga a bhfuil ag éirí go geal leo, de réir dealraimh, agus an chuma ar an scéal gur tharla sé thar oíche dóibh. Ó na meáin shóisialta go focail ó do chairde agus do mhuintir a bhfuil a gcroí san áit cheart, d’fhéadfá a bhrath go bhfuil an domhan ag súil le go ndéanfaidh tú gach rud i gceart, anois díreach fiú.

Ach is gnáthrud é sin. Ar phodchraoladh a rinne Eurostat – gníomhaireacht staidrimh oifigiúil an Aontais Eorpaigh – le déanaí, cuimhníonn beirt aíonna ar a gcéad phoist agus pléann siad an chaoi a bhfuil an t‑aistriú ón oideachas go dtí an fhostaíocht ina chéim thábhachtach i saol daoine óga nach dtuigtear go minic í.

Barraíocht ionchas

Cé go bhfuil an iliomad bealaí agus deiseanna gairme nua ann anois a bhuí leis an dul chun cinn tapa digiteach, baineann ualach mór leo freisin. Tá an iomaíocht tar éis méadú, rud a athraíonn riachtanais scileanna agus a chruthaíonn athruithe móra sa mhargadh fostaíochta. Dar le Riccardo Gatto ó Eurostat, tá daoine óga thar a bheith leochaileach. ‘Tá athrú tagtha ar an margadh saothair do chách, ach go háirithe dóibh siúd atá ag dul isteach ann anois.’

Ina theannta sin, tá na meáin shóisialta tar éis an rud ar a dtugtar ‘an gaiste comparáide’ a chruthú; bíonn daoine óga i gcónaí ag tomhas a saol féin i gcomparáid le saol na dtionchairí agus a bpiaraí, agus dá bharr sin tosaíonn siad a bheith ag mothú nach bhfuil a ndóthain á bhaint amach acu. Ó thaobh na hoibre de, is féidir leis an mbrú chun go n‑éireoidh leat dochar ar leith a dhéanamh do d’fhéinmhuinín, agus dochar a dhéanamh do do mheabhairshláinte fosta.

An insint a athrú

Mar sin, conas is féidir leat an torann sin ar fad a chur ina thost agus tú féin a shaoradh ó ionchais neamhréalaíocha? Anseo thíos tá roinnt miotas coitianta maidir le cén chuma ar cheart a bheith ar do ghairmréim, agus cén fáth nár cheart dul ar a n‑iontaoibh.

Ba cheart dom an post is ansa liom a aimsiú láithreach bonn. Nuair a bheidh tú ag tosú amach ar do ghairmréim, níor cheart glacadh le rud ar bith nach bhfuil ‘foirfe’; do rogha cuideachta, tuarastal maith, aitheantas tapa agus todhchaí rathúil. I ndáiríre, is dócha gurb é do chéad phost an chéad chéim i dtreo deiseanna níos fearr. Is beag tuisceana, nó tuiscint ar bith, a bhíonn ag an gcuid is mó de dhaoine sa riocht céanna leatsa ar cén chuma atá ar an sásamh gairme, go díreach toisc nach bhfuil a ndóthain taithí oibre faighte acu chun na roghanna atá ar fáil a chur i gcomparáid le chéile. Má thógann tú an t‑am chun iniúchadh a dhéanamh ar thimpeallacht oibre a d’fhéadfadh a bheith beagán faoi bhun d’ionchas tosaigh, cuideoidh sé leat an méid atá uait a oibriú amach.

Múinfidh mo chéim dom gach rud a theastaíonn uaim chun go n‑éireoidh liom i mo phost. Níl aon amhras ach go bhfuil an t‑oideachas tábhachtach, ach ní hé an scéal ar fad é. Dar le Francis van der Mooren ó Statistics Netherlands, ‘tá an-bhrú ar dhaoine óga an t‑oideachas ceart a roghnú agus a bheith rathúil i margadh an tsaothair in ionad forbairt a dhéanamh ar bhealach níos nádúrtha.’ Míníonn sí gur próiseas de réir a chéile é a bheith i d’oibrí cáilithe; cé gur bunchloch é an t‑oideachas, foghlaimítear go leor scileanna riachtanacha ar an bpost, trí thaithí agus trí threoir ó chomhghleacaithe a bhfuil níos mó taithí acu.

Fanfaidh mé sa tionscal céanna ar feadh i bhfad. De réir mar a thagann athrú ar an margadh fostaíochta, bíonn scileanna nua ag teastáil níos mó agus níos mó. Mar gheall ar nuálaíochtaí teicneolaíochta, ar thionscail atá ag athrú agus ar bhealaí nua oibre, tá go leor réimsí á n‑athrú ó bhonn, agus seans nach san áit ar thosaigh tú a chríochnóidh tú. Is é an rud is tábhachtaí ná na treochtaí atá ag athrú a thabhairt faoi deara agus oiriúnú dá réir.

Mar sin, cad í an prhíomhtheachtaireacht í? Scaoil le hionchais neamhréadúla agus lig duit féin iniúchadh, foghlaim agus fás ar do luas féin. Tiocfaidh tú ar an ngairm is fearr a oireann duit in am agus i dtráth!

Réidh chun dul i gceann an tsaoil? Lig do EURES an bealach a réiteach duit! Tá an feachtas ‘Your career takes you places’ tiomnaithe do thacú le mic léinn ollscoile nó gairmoiliúna, daoine faoi oiliúint agus printísigh atá ag lorg a gcéad phoist thar lear. Tabhair cuairt ar an leathanach gréasáin tiomnaithe chun nuashonruithe rialta a fháil ar dheiseanna nua, agus bí ag faire amach do na haischlibeanna #withEURES agus #EURESjobs ar na meáin shóisialta.

 

Naisc ghaolmhara:

Eurostat: Podchraoladh ‘Stats in a Wrap’ – Young people on today’s labour market [Daoine óga ar mhargadh saothair an lae inniu]

An Fhondúireacht Eorpach Oiliúna – Infhostaitheacht agus aistriú chuig an obair

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar sonraí post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar X

EURES ar LinkedIn

EURES ar Instagram

Ábhair
  • #withEURES
  • Leideanna agus Moltaí
  • Óige
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.