Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
  • Alt nuachta
  • 22 Eanáir 2025
  • An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
  • Am léitheoireachta: 4 nóiméad

Conas a chuirtear pá íosta do thíre i gcomparáid le tíortha Eorpacha eile?

Tugann Eurostat – oifig staidrimh an Aontais – léargas ar staid reatha an phá íosta sna 27 dtír den Aontas Eorpach agus níos faide i gcéin.

How does your country’s minimum wage compare to other European countries?

Seans gur smaoinigh an chuid ba mhó againn ar conas mar a chuirtear ár dtuarastail i gcomparáid le tuarastail i dtíortha eile, agus is iomaí comhrá teasaí a bhí ann maidir le cé leis a bhfuil ag éirigh níos fearr agus cén fáth. Soláthraíonn pá íosta bunús do chomparáidí den sórt sin, rud a thugann léargas ar dhálaí an mhargaidh saothair i ngach tír.

Foilsíonn Eurostat tuarascáil leathbhliantúil maidir le pá íosta ina léirítear an staid ar an 1 Eanáir agus ar an 1 Iúil gach bliain. Cuirtear na huimhreacha i gcomhair 2024 ar fáil sa tuarascáil is déanaí, agus déantar comparáid freisin idir 27 mBallstát an Aontais agus formhór na dtíortha is iarrthóirí (an Tuirc, an tSeirbia, Montainéagró, an Albáin, an Mhacadóin Thuaidh, an Mholdóiv, an Úcráin) agus na Stáit Aontaithe.

Pá íosta san Aontas Eorpach

Sainmhínítear pá íosta mar an luach saothair is ísle ba cheart d’fhostaí a fháil as an obair a dhéanann siad. In 2018, mheas thart ar 7 as gach 10 n‑oibrí pá íosta san Aontas go raibh sé deacair greim a choinneáil faoin bhfiacail. Thairis sin, tá cion na n‑oibrithe nach dtuilleann ach an pá íosta níos airde ná 10 % i roinnt tíortha ar fud na hEorpa.

Luaitear go soiléir i bPrionsabal 6 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta an ceart atá ag gach oibrí de chuid an Aontais pá íosta leordhóthanach a fháil lena gcuirtear caighdeán sásúil maireachtála ar fáil. Chuir géarchéimeanna le déanaí amhail paindéim COVID-19 agus an cogadh san Úcráin tús le sleabhcadh eacnamaíoch a chuaigh i bhfeidhm ar bheagnach gach duine, ach go háirithe oibrithe ar phá íseal agus grúpaí eile atá leochaileach go sóisialta. In 2022, nuair a bhí an boilsciú ag an leibhéal ab airde, thit  an pá íosta i bhformhór na mBallstát. D’athdhearbhaigh sé sin go léir tiomantas an Aontais bearta cosanta a chur i bhfeidhm.

Tá dhá chineál pá íosta san Aontas: pá reachtúil (arna fhorfheidhmiú leis an dlí) agus pá a chomhaontaítear go comhpháiteach (trí chomhaontuithe náisiúnta idirearnálacha, idir ceardchumainn agus fostóirí). Tá an Ostair, an Chipir, an Danmhairg, an Fhionlainn, an Iodáil agus an tSualainn luaite sa dara catagóir.

Éagsúlachtaí pá íosta ar fud an Aontais

Aicmítear tíortha i dtrí ghrúpa i dtuarascáil 2024 Eurostat de réir pá íosta (PÍ):

  • PÍ os cionn EUR 1 500 in aghaidh na míosa (Lucsamburg, Éire, an Ísiltír, an Bheilg, an Ghearmáin, an Fhrainc);
  • PÍ idir EUR 1 000 agus EUR 1 500 in aghaidh na míosa (an Spáinn, an tSlóivéin); agus
  • PÍ cothrom le nó faoi bhun EUR 1 000 in aghaidh na míosa (an Chipir, an Pholainn, an Ghréig, an Phortaingéil, Málta, an Liotuáin, an Chróit, an Eastóin, an tSeicia, an tSlóvaic, an Rómáin, an Laitvia, an Ungáir, an Bhulgáir).

Tá an pá íosta ar fud na mBallstát idir an pá is ísle (EUR 477) sa Bhulgáir agus an pá is airde (EUR 2 571) i Lucsamburg.

Thug Eurostat aonad airgeadra shaorga isteach freisin ar tugadh ‘caighdeán na cumhachta ceannaigh’ (CCC) air, rud a fhágann gur féidir comparáid níos cothroime a dhéanamh bunaithe ar dhifríochtaí idir leibhéil praghsanna idir na tíortha. Chomh fada is a bhaineann le CCC, athraíodh na grúpaí thuas beagán:

  • PÍ os cionn CCC 1 250 (Lucsamburg, an Ghearmáin, an Ísiltír, an Bheilg, an Fhrainc, Éire, an Pholainn, an Spáinn, an tSlóivéin);
  • PÍ idir CCC 1 000 agus CCC 1 250 (an Rómáin, an Liotuáin, an Ghréig, an Chróit, an Chipir, an Phortaingéil, Málta); agus
  • PÍ faoi bhun CCC 1 000 (an Ungáir, an tSeicia, an tSlóvaic, an Eastóin, an Laitvia, an Bhulgáir).

Fiú i dtéarmaí CCC, is í an Bhulgáir an Ballstát atá fós ag an leibhéal is ísle den speictream (CCC 799), agus tá a háit ag barr an liosta fós ag Lucsamburg (CCC 1 912).

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Eurostat – Tuarascáil staidrimh ar an bpá íosta.

 

Naisc ghaolmhara:

Pá íosta cothrom: gníomhaíocht le haghaidh dálaí maireachtála cuibhiúla san Aontas

An chaoi a gcuireann an tAontas feabhas ar chearta oibrithe agus ar dhálaí oibre

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar X

EURES ar LinkedIn

EURES ar Instagram

Ábhair
  • Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
  • Nuacht/tuarascálacha/staitisticí
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.