Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta26 Meitheamh 2017An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 6 nóiméad

Na nithe ba cheart agus nár cheart duit a dhéanamh agus gnó á bhunú agat – bí páirteach sa chluiche

Tá meon iomaíoch ag teastáil agus gnó á bhunú. Ar a lán bealaí, tá sé cosúil le foireann rathúil spóirt a stiúradh. Tosaímis ag obair, mar sin!

Do's and don'ts when starting a business – get in the game

Comhbhunaitheoir an Global Savings Group is ea Andreas Fruth. Tá sé ina Stiúrthóir Bainistíochta ar an gcuideachta anois, a bhfuil oibríochtaí ar bun aici i dtuairim is 25 thír. In éineacht le Gerhard Trautmann agus le Adrian Renner, chuir Andreas CupoNation ar bun sa bhliain 2012. Tá sé ar an bpríomhardán cúpón ar líne de chuid an ghrúpa anois. Bhuaileamar leis le déanaí chun roinnt leideanna a fháil faoi na nithe ba cheart duit a dhéanamh agus do ghnó féin á bhunú agat.

Téigh sa seans le dul isteach sa chluiche

Tá tú i do shuí i seomra na locar, agus tú réidh le do chéad chluiche riamh a imirt mar imreoir gairmiúil peile, eitpheile nó haca. Sin é an rud a bhfuil tú ag obair ina threo le blianta fada anuas; is é an toradh ar na huaireanta fada atá caite agat i mbun cleachtaidh. Tá tú neirbhíseach, cé go bhfuil muinín agat asat féin. Níl aon áit folaigh ann ar an bpáirc.

Déileálann daoine leis na rudaí céanna agus gnó á bhunú acu. Fiú amháin i gcás go bhfuil coincheap maith agus scileanna sármhaithe agat, ní bheidh tú réidh go hiomlán le gnó a sheoladh choíche. Ná bí ag fanacht leis “an nóiméad foirfe” toisc nach ann d’aon rud den sórt sin. Téigh sa seans le dul isteach sa chluiche!

Ná déan neamhaird d'aiseolas

An bhfuil cúpla cluiche maith imeartha agat? An ndeachaigh tú i bhfeidhm ar imreoir sinsearach lena linn? Is dóigh go bhfuil tú ar rothaí an tsaoil anois! Mar sin, cén fáth a bhfuil an cóitseálaí do do cháineadh?

Tá sé do do cháineadh toisc go bhfuil cuid mhór le foghlaim agat go fóill. A luaithe is a cheapann tú go bhfuil gach rud ar eolas agat, b’fhearr duit éirí as. Mura féidir leat glacadh le haiseolas cuiditheach, ní bhainfidh tú do lánacmhainn amach go deo.

Tarlaíonn an rud céanna i saol an ghnó. Is gá duit éisteacht le daoine a bhfuil taithí acu. Nuair a thugann siad comhairle duit, glac leis go bhfuil gach rud feicthe agus déanta acu cheana féin. Cé go mbíonn sé de nós ag daoine éirí cosantach sna cásanna sin, d’fhéadfá do ghnó a thabhairt chuig an gcéad leibhéal eile ach éisteacht lena bhfuil le rá acu.

Aimsigh na daoine cearta

Gach lá, feiceann tú bainisteoirí peile agus iad ag streachailt leo le linn agallamh. “Cén fáth ar chaill sibh an cluiche? Cad is cúis le drochfheidhmíocht na foirne?” Is minic a labhraíonn siad faoi theaicticí agus faoina dtreoirphlean. Cad a tharlaíonn, áfach, i gcás nach bhfuil aon locht ann ar na teaicticí? Cad a tharlaíonn i gcás go bhfuil an locht ar mheascán den treoirphlean agus de na daoine timpeall ort?

Is gá do chóitseálaí na daoine cearta a chur sa ról ceart – is gá do ghnólachtaí é sin a dhéanamh freisin. Mura ndéanann tú amhlaidh, teipfidh ar do threoirphlean, is cuma cé chomh maith is atá sé. Ní chiallaíonn sé sin gur cheart duit sárdhaoine a lorg do gach post; uaireanta, bíonn sé chomh tábhachtach céanna daoine a bhfuil gealladh fúthu a lorg. Gné thábhachtach de chuideachta a thógáil is ea fostaithe a fhorbairt.

Téigh thar theorainneacha

Uaireanta, is gá dul thar lear chun an t-imreoir ceart a fháil do ról ar leith. Is é sin, an duine a tharraingeoidh an treoirphlean le chéile.

Gabhann na buntáistí céanna le daoine ó thír eile a cheapadh. Is againne go léir atá ár mbuanna féin, ag brath ar a n-áit dúchais. Má tá tú ag iarraidh rath a bhaint amach i dtír eile, mar sin, is cliste an rud é infheistiú i ndaoine a bhfuil eolas acu ar an gcultúr sa tír sin.

Ná déan dearmad ar dhaoine a spreagadh

Cé go bhfuil cóitseálaithe áirithe ríchumasach maidir le treoirphlean a fhorbairt, bíonn deacrachtaí acu a bhfoireann a spreagadh. Cé go gcaitheann siad na milliúin euro ar na himreoirí cearta, tarlaíonn sé uaireanta go dteipeann ar an bhfoireann go fóill.

Mura bhfuil bua agat chun daoine a spreagadh, ba cheart duit an méid sin a admháil. Ceap duine ag a bhfuil an bua sin. Is gá do do chuid fostaithe bheith chomh muiníneach as an gcuideachta agus atá tú féin. Mura bhfuil aon spreagadh ag an bhfostaí, is dóigh nach gcuirfidh sé a chuid oibre i gcrích go héifeachtach.

Bí eolach ar na cuideachtaí a mbíonn tú san iomaíocht leo

Conas a éiríonn le foirne beaga amaitéaracha bua a fháil ar fhoirne gairmiúla ó am go ham? Is de bharr réchúise agus na heaspa ullmhúcháin ar thaobh na ngairmithe a tharlaíonn sé sin.

Mura bhfuil aon eolas agat ar do chuid iomaitheoirí, ní bheidh aon bharúil agat ach oiread faoi na nithe is gá duit a dhéanamh chun an cluiche a bhuachan. Tá sé tábhachtach go mbíonn meas agat ar na daoine a mbíonn tú san iomaíocht leo. Cad iad na nithe a dhéanann siad i gceart? Cad iad na nithe nach ndéanann siad i gceart? Conas is féidir leat tairbhe a bhaint as sin? Toisc thábhachtach taobh thiar dá rathúla a bheidh tú is ea eolas a bheith agat ar láidreachtaí agus laigí do chuid iomaitheoirí.

Ná creid go n-éireoidh leat i gcónaí

Teipeann ar gach duine ó am go ham. Ní fiú an milleán a chur ar na daoine timpeall ort, is cuma cé acu atá siad ina n-imreoirí nó ina réiteoir.

Foghlaim ó do theipeanna! Ná bí eolach ar do chuid iomaitheoirí amháin…bí eolach ar do chuideachta féin freisin. Le fás a spreagadh, bain úsáid as na hearráidí atá déanta ag an gcuideachta. Ní bhíonn sé éasca rath a bhaint amach, agus níor chóir go mbeadh. Má fhoghlaimíonn tú rud éigin ó earráid, áfach, beidh tú i riocht níos fearr an chéad bhabhta eile. Ní bhaineann sé le gach cluiche a bhuachan; baineann sé leis an gcéad áit a bhaint amach le himeacht ama. Is é an chéad rud atá le déanamh agat ná dul isteach sa chluiche!

 

Naisc ghaolmhara:

Global Savings Group

CupoNation

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Drop’pin@EURES

Aimsigh Comhairleoir EURES

Dálaí oibre agus maireachtála i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

EURES ar Google+

Ábhair
  • Gnó / Fiontraíocht
  • Nuacht sheachtrach EURES
  • Leideanna agus Moltaí
  • Óige
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.