Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta24 Lúnasa 2023An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 5 nóiméad

Straitéisí chun go mbeidh rath ort agus foireann hibrideach á bainistiú agat

Agus an chianobair ag éirí níos coitianta, scil bhog riachtanach anois í a bheith in ann foireann hibrideach (ar a mbíonn daoine ag obair ón mbaile agus san oifig araon) a bhainistiú. Seo ceithre straitéis chun foireann hibrideach a bhainistiú go rathúil.

Strategies for successfully managing a hybrid team

Teorainneacha soiléire a leagan síos

Cé go dtugann an obair ón mbaile idir dúshláin agus bhuntáistí nua d’fhostaithe, tá sé ar fad nua do go leor againn. Mar bhainisteoir, seo í do dheis chun ionchais shoiléire a leagan síos do d’fhoireann hibrideach maidir leis an méid atá ag teastáil uait uathu agus conas dul i dtaithí ar obair a dhéanamh i gcúinsí atá sách nuálach ar an gcaoi is fearr is féidir. Cuimhnigh gur rud nua é seo go léir duitse freisin, mar sin ná bí ag brath gur gá duit na freagraí go léir a bheith agat. Is fearr a shoiléiriú do d’fhoireann conas is mian leat a bheith ag obair leo, cathain a bhíonn cruinnithe laethúla ar siúl agus conas a reáchtálfar iad, cad iad na laethanta oifige, agus conas is ceart faisnéis a chur in iúl do bhaill d’fhoirne a bhíonn i mbun cianoibre nó a bhíonn ag obair thar lear.

Caidrimh a thógáil agus a chothabháil

D’fhéadfadh sé a bheith dúshlánach caidreamh a thógáil agus a chothabháil le d’fhoireann hibrideach, go háirithe nuair a bhíonn do bhaill foirne ag obair ón mbaile nó i dtíortha nó i gcriosanna ama éagsúla. Is féidir le hobair ón mbaile a bheith uaigneach, mar sin tá sé tábhachtach roinnt ama a chur ar leataobh chun aiseolas rialta a thabhairt do bhaill aonair d’fhoirne. Ba mhaith an smaoineamh é cruinnithe rialta a sceidealú ar Zoom nó ar Microsoft Teams ionas go mbraithfeadh cianoibrithe páirteach i gcúrsaí agus go mbeadh baint acu leo. D’fhéadfadh sé a bheith úsáideach freisin, agus caidrimh á neartú, cleachtaí tógála foirne a shocrú nó laethanta ar shiúl ina mbíonn gach ball foirne i láthair go pearsanta.

Comhar a chothú

Ceapann go leor daoine go mbíonn an comhar níos deacra i dtimpeallacht oibre hibrideach, ach tá bealaí ann chun é a chothú ina ainneoin sin. Mar bhainisteoir, is ortsa a bhíonn sé uirlisí digiteacha cruthaitheacha agus nuálacha a lorg a fhéadfaidh athrú ó bhonn a dhéanamh ar an mbealach ina n-oibríonn tú. D’fhéadfá spásanna oibre tiomnaithe a bhunú ar líne, mar shampla, áit a mbeifí in ann uirlisí digiteacha nuálacha a úsáid chun bheith in ann nascadh le chéile agus smaointe a mhalartú. De rogha air sin, d’fhéadfá laethanta sonracha a sceidealú a bheadh tiomnaithe don obair chomhoibritheach. Ar an mbealach sin, braithfidh d’fhoireann, cibé an cianoibrithe iad nó an mbíonn siad ag obair san oifig, go mbíonn siad páirteach i gcúrsaí oibre agus go mbeidh siad nasctha le chéile.

Spreagadh don fhoireann sosanna rialta a ghlacadh

Baineann a lán buntáistí le bheith ag obair i dtimpeallacht oibre hibrideach sholúbtha, ach is féidir le hobair ón mbaile a bheith tuirsiúil agus dian ar dhaoine. Bíonn claonadh ag go leor daoine uaireanta breise a chur isteach mar gheall ar theorainneacha doiléire idir an obair agus an t-am fóillíochta. Bí cinnte aird a thabhairt ar leibhéil struis do bhall foirne chun an tnáitheadh a chosc.

Mar chuid de sin, spreag do d’fhoireann sosanna a ghlacadh amach ón deasc – tar éis an tsaoil, ní ar mhaithe le héinne é a bheith i do shuí in aon áit amháin ar feadh ocht n-uair an chloig gan stad! Baineann sé sin freisin le baill foirne a bhíonn ag obair san oifig – cuir i gcuimhne do d’fhostaithe sosanna a ghlacadh chun deoch a fháil sa chistin nó chun dul amuigh ar siúl, agus a n-uair iomlán lóin a thógáil i bhfad óna ndeasc. Is féidir leis sin cabhrú leis an tsoiléireacht mheabhrach a chur chun cinn, rud a dhéanann an t-am a chaitheann siad ag an obair i bhfad níos táirgiúla.

Na huirlisí cearta a sholáthar

Bí cinnte go mbíonn na huirlisí cearta agus an timpeallacht oibre chuí ag d’fhostaithe chun go mbeidh siad in ann a gcuid oibre a dhéanamh go héifeachtach. Is ionann é sin agus trealamh oifige a chur ar fáil ionas gur féidir leo a bheith ag obair go compordach, san oifig nó ón bhaile araon (e.g. ríomhaire glúine ar ar féidir na bogearraí agus na cláir riachtanacha a shuiteáil agus a rith, cathaoir ar ardchaighdeán ar a bhfuil tacaíocht droma, gléas cinn agus ceamara gréasáin, agus scáileán breise chun an brú súl ó bheith ag obair ar ríomhaire glúine a laghdú), chomh maith le bogearraí a chur ar fáil do ghnéithe eile amhail obair chomhoibritheach, cumarsáid ar líne, agus bealaí sábháilte chun rochtain ó chian a fháil ar an obair.

Ach ní leor é na huirlisí cearta a bheith acu – tá sé ríthábhachtach freisin a mhúineadh do d’fhostaithe conas iad a úsáid. Is féidir seisiúin oiliúna a reáchtáil d’fhostaithe nua agus dóibh siúd atá ann cheana féin ar na scileanna a theastaíonn uathu chun bheith in ann úsáid éifeachtach a bhaint as an trealamh agus as na bogearraí a chuireann tú ar fáil dóibh chun a chinntiú nach mbraitheann aon duine fágtha ar deireadh.

An bhfuil suim agat i leideanna eile maidir le rath a bheith ort agus foireann á bainistiú agat? Féach ar ár n-alt ar ‘Foireann níos láidre a thógáil: Conas díospóidí idir d’fhostaithe a bhainistiú go héifeachtach.

 

Naisc ghaolmhara:

Foireann níos láidre a thógáil: Conas díospóidí idir d’fhostaithe a bhainistiú go héifeachtach

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Gnó / Fiontraíocht
  • Leideanna agus Moltaí
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.