Ceistanna & Freagraí: Freagraíonn Comhairleoirí EURES ceisteanna ó chuardaitheoirí poist - Aontais Eorpaigh
Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Suíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais EorpaighSuíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais
EURES (EURopean Employment Services)
  • Alt nuachta
  • 10 Márta 2025
  • An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
  • Am léitheoireachta: 5 nóiméad

Ceistanna & Freagraí: Freagraíonn Comhairleoirí EURES ceisteanna ó chuardaitheoirí poist

Bhí go leor ceisteanna suimiúla ag cuardaitheoirí poist le cur ar Chomhairleoirí EURES le linn ceann de na Laethanta Fostaíochta Eorpach (ar líne) a reáchtáladh le déanaí. Seo cuid de na ceisteanna is coitianta agus na freagraí a tugadh orthu.

Q&A: EURES Advisers answer questions from jobseekers
(Ó chlé go deas) Freagraíonn Comhairleoirí EURES, Simone Döhner, Jan Vleugel agus Lara Feller, ceisteanna ó chuardaitheoirí poist

An bhfuil ceist agat ar mhaith leat a iarraidh ar Chomhairleoir EURES? Seo a leanas roinnt ceisteanna a chuir cuardaitheoirí poist ag Today’s dream, tomorrow’s reality [Aisling an lae inniu, réaltacht an lae amárach], an chéad E(O)JD chun comhairleoirí ó gach ceann den 31 tír de líonra EURES a chur san áireamh. Faigh amach thíos conas mar a d’fhreagair Comhairleoirí EURES na ceisteanna.

(Ó chlé go deas) Freagraíonn Comhairleoirí EURES, Simone Döhner, Jan Vleugel agus Lara Feller, ceisteanna ó chuardaitheoirí poist

Cesit: Cén fáth a bhfuil líonra cosúil le EURES de dhíth orainn? An féidir liom gan dul i dteagmháil leis an tír a bhfuil spéis agam inti agus cabhair a fháil ón ionad fostaíochta?

A. Jan Vleugel (EURES na Danmhairge): Ar ndóigh, is féidir leat dul chomh fada leis an ionad fostaíochta áitiúil, ach tá líonra EURES ann. Más mian leat bogadh thar lear, d’fhéadfadh Comhairleoirí EURES neart cabhrach a thabhairt duit. D’fhéadfadh bacainní a bheith ann – nó b’fhéidir rudaí a cheapfadh tusa, mar chuardaitheoir poist, a bheith ina mbacainní – ach tar éis duit labhairt le Comhairleoir EURES b’fhéidir go mbeifeá ní ba chompordaí agus go n‑athrófá d’intinn ó thaobh na mbacainní sin. Tá sé de chumhacht ag an líonra comhairle a chur ort maidir le bogadh thar lear. Tá a fhios againn freisin gur féidir le go leor dár gcomhghleacaithe atá ag obair thar lear cabhrú go mór le cuardaitheoirí poist nuair a bhíonn siad ag bogadh thar lear. Is féidir linn tú a atreorú chuig Comhairleoir EURES thar lear, tríd an gcomhrá nó tríd an eolas teagmhála atá le fáil ar thairseach EURES.

Freagra: Lara Feller (EURES na Sualainne): Ní hamháin gur féidir linn cabhrú leis an bhfaisnéis a theastaíonn uait chun bogadh, is féidir linn faisnéis iontach cosúil leis an Scéim Soghluaisteachta Spriocdhírithe a chur ar fáil freisin. Is mór an trua é mura dtéann tú i dteagmháil linn roimh ré mar is féidir linn labhairt leat faoi thacaíocht airgeadais agus, b’fhéidir, faoi rudaí eile nár rith leat roimhe seo.

C. An féidir a bheith ag obair go cianda d’fhostóir i dtír eile?

A. Jan Vleugel: Ó tharla COVID-19, tá an chianobair ina ceist thábachtach. Go minic, fiafraítear dínn an gá do chuardaitheoirí poist bogadh go dtí an Danmhairg, mar shampla, agus an féidir leo tairbhe a bhaint as cianobair óna dtír féin ina ionad sin. Tá an cheist sin beagán casta. Bíonn formhór na bhfostóirí ag iarraidh go dtiocfaidh tú chuig a dtír féin chun dul ag obair, agus go dtiocfaidh tú chomh fada leis an oifig, ach nuair a bheidh tú ann, ní mór go mbeadh roinnt deiseanna agat chun obair a dhéanamh ón mbaile lá amháin sa tseachtain nó a leithéid. Táimid ag filleadh ar na hoifigí agus tá rudaí á n‑oibriú amach againn de réir a chéile. D’fhéadfadh sé go gciallódh sé sin go mbeadh duine ag obair ón mbaile cuid den tseachtain, lá nó dhó, nó ní gá go mbeadh sé sin ag tarlú – ach is faoin bhfostóir atá sé cinneadh a dhéanamh.

Cesit: Conas a thacaíonn EURES le soghluaisteacht fillte d’oibrithe a bhfuil taithí faighte acu thar lear cheana féin agus atá ag iarraidh filleadh ar a dtíortha dúchais?

Freagra: Lara Feller: Sílim go bhfuil sé tábhachtach go ndéanann tú an fhaisnéis atá agat ó do thír féin a thabhairt cothrom le dáta. Dá mbeinn ag bogadh ar ais go dtí an Ísiltír, sílim go mbeinn caillte toisc go bhfuilim ar shiúl le 20 bliain anuas. Ce go dtéim ar ais go dtí an Ísiltír go minic, tugaim roinnt athruithe faoi deara fós. Caithfidh tú a bheith ar an eolas go nglacann daoine san áit a bhfuil tú ag filleadh uirthi leis go bhfuil an méid seo a leanas fíor: ‘Tá an teanga agat. Cén fáth nach dtuigeann tú?’ Bhuel, ní raibh mé anseo le tamall maith anuas. Ullmhúchán cuí – sin an eochair.

A. Jan Vleugel: Tá cláir shonracha forbartha ag roinnt tíortha chun cabhrú leis an lear mór daoine a mbíonn ag filleadh orthu. Tá seimineár gréasáin sonrach forbartha ag an nGearmáin do dhaoine a bhí ag obair thar lear agus atá ag filleadh ar an nGearmáin. Tá roinnt cúrsaí oiliúna forbartha againn i gcóras EURES, go háirithe maidir le soghluaisteacht fillte. Ní bhíonn tú i d’aonar riamh agus is féidir leat teagmháil a dhéanamh i gcónaí le Comhairleoir EURES a bheidh in ann tú a atreorú chuig clár eile sa tír shonrach mura bhfuil an t‑eolas aige nó aici féin. Déan teagmháil le córas EURES agus bain úsáid as.

Freagra: Simone Döhner (EURES na Gearmáine): Más náisiúnaigh iad agus má théann siad ar ais chuig a náisiún bunaidh – níl aon fhadhb ann. Ach bíonn sé deacair. Ní mór dóibh súil a choinneáil ar threochtaí sa mhargadh saothair agus ar an méid a bhíonn ag teastáil. Má fhilleann siad ar ghairm áirithe, b’fhéidir go bhfuil barrachas i gceist. Bí ar an eolas sula n‑imíonn tú.

Cliceáil anseo chun do cheist féin a chur ar Chomhairleoir EURES.

Cuir do cheisteanna féin agus faigh tuilleadh eolais faoi bheith ag obair thar lear san earnáil turasóireachta, siamsaíochta agus fáilteachais ag Seize the Summer with EURES 2025 [Tapaigh do dheis an samhradh seo le EURES 2025].

 

Naisc ghaolmhara:

Déan comhrá le Comhairleoirí EURES

Tapaigh do dheis an samhradh seo le EURES 2025

Coinniollacha maireachtála agus oibre i dtíortha eile de chuid an Aontais

Leathanach imeachtaí Today’s dream, tomorrow’s reality [Aisling an lae inniu, réaltacht an lae amárach]

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar sonraí post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar X

EURES ar LinkedIn

EURES ar Instagram

Ábhair
  • Gnó / Fiontraíocht
  • Bosca uirlisí AE le haghaidh soghluaisteachta
  • oiliúint EURES
  • Leideanna agus Moltaí
  • Nuacht inmheánach EURES
  • Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
  • Nuacht/tuarascálacha/staitisticí
  • Treochtaí earcaíochta
  • Óige
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Arts, entertainment and recreation
  • Education
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.