Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó
EURES (EURopean Employment Services)
  • Alt nuachta
  • 24 Bealtaine 2024
  • An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
  • Am léitheoireachta: 5 nóiméad

Ón bPortaingéil go dtí an tSualainn: an chaoi ar bhog altra péidiatraiceach chun taithí nua a fháil agus chun dul chun cinn ina gairm bheatha

Bhog an t‑altra Margarida Garcia ó Liospóin na Portaingéile go Göteborg na Sualainne i mí an Mheithimh 2023. Ar an dóigh sin, tugadh ar ais le chéile lena páirtí arís í, agus eisean ag obair mar innealtóir bogearraí sa chathair cheana féin.

Margarida Garcia

Theastaigh ó Margarida Garcia, a bhí 23 bliana d’aois, agus óna páirtí Pedro, bogadh go dtí tír eile laistigh den Eoraip le haghaidh eispéiris nua, chun a ngairmeacha beatha a chur chun cinn agus – amach anseo – chun clann a thógáil. Deir Margarida, a rinne staidéar le bheith ina haltra sular chaith sí bliain ag obair in aonad ospidéil do leanaí nuabheirthe in Almada, an Phortaingéil, gurbh é a n‑uaillmhian i gcónaí bogadh le haghaidh dálaí oibre ní b’fhearr agus a bheith in ann maireachtáil go neamhspleách. “Áit éigin san Eoraip an ceann scríbe i gcónaí, amhail na tíortha Nordacha, mar gheall ar na hacmhainní níos fearr a chuirtear ar fáil iontu,” a deir sí. “Is tíortha níos forbartha iad agus tugtar cothromaíocht mhaith iontu idir an saol gairmiúil agus an saol pearsanta.” Rinneadh an cinneadh maidir le cá háit le dul nuair a fuair Pedro tairiscint poist in Göteborg, an tSualainn. Lean Margarida é cúig mhí ina dhiaidh sin agus is altra anois í sa chairdeolaíocht phéidiatraiceach in ospidéal ollscoile Göteborg.

Agus iad spreagtha ag a n‑aistriú go dtí an tSualainn, tá a ngníomhaireacht earcaíochta féin, Europe Connected by Talents, á cur ar bun ag an lánúin anois chun cabhrú le cuideachtaí Sualannacha gairmithe cúraim sláinte agus innealtóireachta a earcú ó gach cearn den Aontas agus chun cabhrú le fostaithe déileáil leis an bpáipéarachas a bhaineann leis. Amach anseo, ba mhaith leo go mbeidh a gcuideachta pháirteach i líonra EURES.

Céimeanna praiticiúla

Thosaigh Margarida ag déanamh staidéir ar an tSualainnis chun an leibhéal inniúlachta riachtanach d’oibrithe cúram sláinte a bhaint amach. “Bhí mé ag staidéar agus ag freastal ranganna ar feadh naoi mí agus mé fós ag obair liom sa Phortaingéil,” a deir sí. “Agus mé ag druidim le deireadh an chúrsa, agus tar éis dom post a fháil, bhog mé go Göteborg, áit ar oibrigh mé mar chúntóir altranais agus mé ag críochnú an mhodúil dheireanaigh den chúrsa Sualainnise – rud a chabhraigh go mór mór liom, gan amhras, an teanga a fhoghlaim agus teacht isteach go réidh ar chúrsaí sa tír seo.”

Bhí an próiseas simplí go leor, dar le Margarida, a bhuí leis an tacaíocht a fuair sí ó EURES. Bhí amanna deacra ann, áfach. “Gan amhras, is é an chuid is dúshlánaí den rud seo go léir ná go mbraithim mo mhuintir agus mo chairde uaim, ach is rud é a bhfuilim ag plé leis trí dhul go dtí an Phortaingéil go rialta agus trína mheabhrú dom féin go bhfuil sé seo ar fad ar mhaithe le saol níos fearr dom féin agus do mo chlann amach anseo,” a deir sí.

Cuireann Margarida an méid seo a leanas leis: “Creidim gurb é an rud is fearr faoin athrú seo ná an fás pearsanta a thagann as. Trí thús a chur le saol le chéile i dtír nua nach bhfuil aithne againn ar dhaoine eile inti, is féidir linn dul i dtaithí ar ghnéithe den saol anseo nach raibh ar eolas againn roimhe seo, agus is féidir linn beagán níos mó a fháil amach fúinn féin, agus taithí a fháil ar rudaí nua leis. Bíonn sé dian agus ní bhíonn sé éasca i gcónaí ach is cinnte go molaim go mór é agus ba cheart do chách tabhairt faoi.”

An chaoi ar chabhraigh EURES léi

Chuir múinteoir Sualainnise Margarida EURES in iúl di. “Is mór an cúnamh é i ndáiríre agus cuireann sé go leor deiseanna ar fáil dóibh siúd atá ag iarraidh bogadh tíre,” a deir sí. “I mo chás féin, fuair mé tacaíocht airgeadais le haghaidh na gcúrsaí éagsúla Sualainnise a rinne mé, don agallamh aghaidh ar aghaidh agus don athlonnú sa tSualainn freisin. Is cinnte gur rud é a dhéanaim iarracht a chur chun cinn a mhéid is féidir i measc daoine ar spéis leo bogadh go dtí tír eile toisc go bhfuil an tacaíocht a fhaigheann tú dochreidte i ndáiríre.”

Chuir Gloria Cunha Byström, atá ina ball d’Fhoireann Earcaíochta Sláinte EURES An tSualainn, comhairle ar Margarida agus bhí sí in ann a CV a chur ar aghaidh chuig an bhfostóir ábhartha a bhuí leis sin. “Rinne Margarida teagmháil linn maidir le cuardach poist agus faisnéis faoin Scéim Soghluaisteachta Spriocdhírithe (TMS),” a deir Gloria. “Chuir mé faisnéis ar fáil do Margarida maidir le bheith ag maireachtáil agus ag obair sa tSualainn, maidir leis an earnáil sláinte, agus maidir leis an nós imeachta um iarratas a dhéanamh ar liúntais TMS.” Deir sí leis: “Bhí sé go hiontach a bheith ag obair le Margarida mar gheall ar a diongbháilteacht agus a huaillmhian.”

Cuireann Gloria comhairle ar oibrithe sláinte eile san Aontas ar mhaith leo bogadh go dtí an tSualainn chun iarratas a dhéanamh ar aitheantas a fháil dá gcáilíochtaí ón mBord Náisiúnta Sláinte agus Leasa (Socialstyrelsen) ar dtús agus ansin chun tús a chur le foghlaim na Sualainnise.

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil leis an bhfoireann ag healthatarbetsformedingen [dot] se (health[at]arbetsformedingen[dot]se).

Tuilleadh eolais maidir le bheith ag maireachtáil agus ag obair sa tSualainn

 

Naisc ghaolmhara:

EURES An tSualainn

Faisnéis maidir le haitheantas a fháil do cháilíochtaí ó Bhord Náisiúnta Sláinte agus Leasa na Sualainne

Scéim Soghluaisteachta Spriocdhírithe

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar X

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Gnó / Fiontraíocht
  • Bosca uirlisí AE le haghaidh soghluaisteachta
  • Leideanna agus Moltaí
  • Nuacht inmheánach EURES
  • Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
  • Treochtaí earcaíochta
  • Óige
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Administrative and support service activities
  • Human health and social work activities
  • Professional, scientific and technical activities

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.