Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó
EURES (EURopean Employment Services)

Treoir do chuardaitheoirí poist maidir le bheith ag obair ar fud na hEorpa

Tá na milliúin Eorpach ag trasnú teorainneacha ar mhaithe le gairmeacha níos fearr, obair shealadach agus eachtraí nua, agus EURES lena dtaobh. Is féidir leatsa é sin a dhéanamh freisin!

  • Alt nuachta
  • 21 Bealtaine 2026
  • An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
  • Am léitheoireachta: 4 nóiméad

An bhfuil tú ag smaoineamh ar bheith ag obair thar lear? Más amhlaidh atá, tá tú mar chuid de threochta Eorpach níos leithne. In 2024, bhí thart ar 10 milliún saoránach den Aontas in aois oibre ina gcónaí agus ag obair i mBallstát eile den Aontas. Cibé an bhfuil tú ag smaoineamh ar phost gearrthéarmach, ar phost séasúrach nó ar aistriú buan, tá sé níos inrochtana ná riamh a bheith ag obair thar lear.

Cén fáth ar cheart aistriú?

Tá na laethanta sin thart nuair nach raibh i gceist le haistriú thar lear ach de thairbhe nach raibh rogha eile ann nó gur rud é a bhí ar fáil don aos óg amháin. Sa lá atá inniu ann, aistríonn daoine ar mhaithe le pá níos fearr, fás gairme, athruithe ar a stíl mhaireachtála, nó go simplí toisc go bhfuil éileamh ar a gcuid scileanna in áiteanna eile. Léiríonn na sonraí is déanaí, cé gur grúpa mór iad fós daoine óga (20–34), go bhfuil níos mó agus níos mó oibrithe níos sine (40+) ag aistriú thar lear freisin – agus gairmeacha bunaithe agus oideachas tríú leibhéal acu go minic. Óg nó aosta, tá rud éigin ann do gach duine, má tá tú réidh chun an chéad chéim a ghlacadh.

An cineál oibre thar lear

Ní bhíonn gach aistriú buan. Go deimhin, tá méadú ag teacht ar líon na bpostuithe gearrthéarmacha. Sa bhliain 2024, chuir fostóirí thart ar 3.6 milliún dá gcuid oibrithe AE thar lear chun bheith ag obair, agus mhair na socrúcháin thart ar mhí ar an meán. D'fhéadfadh sé seo a bheith ina chéad chéim duit – deis triail a bhaint as tír nua gan gealltanas fadtéarmach.

Ina theannta sin, tá an comaitéir trasteorann clasaiceach ann: cónaí i dtír amháin, obair i dtír eile. Déanann beagnach dhá mhilliún saoránach den Aontas é sin, agus tá conarthaí buana ag go leor acu. Má tá cónaí ort gar do theorainn, d’fhéadfadh sé go mbeadh tuarastail níos airde ar fáil gan ach turas traenach a bheith i gceist.

Rogha eile is ea obair shéasúrach, go háirithe i réimse na talmhaíochta, na turasóireachta nó na próiseála bia. Cé go dtógann níos lú ná milliún duine an bealach sin gach bliain, filleann go leor acu ar na fostóirí nó ar na tíortha céanna ar feadh na mblianta. Fanann cuid acu go buan fiú.

Seo an chaoi ar féidir le EURES tacú leat

D’fhéadfadh do bhealach trí mhargadh fostaíochta tíre nua a bheith scáfar – sin an áit a dtagan EURES isteach. Agus líonra de níos mó ná 900 Comhairleoir EURES acu, is acmhainn é EURES le haghaidh gach rud ó chuardach poist go comhairle ghairme phearsantaithe.

Chomh maith leis sin, cuireann EURES an Scéim Soghluaisteachta Spriocdhírithe ar fáil, ar seirbhís í lena soláthraítear tacaíocht airgeadais chun aistriú thar lear, cúrsaí teanga agus costais eile a bhaineann le bheith ag obair thar lear.

Chomh maith leis sin, eagraíonn EURES na Laethanta Fostaíochta Eorpacha (EJDanna), a nascann tú le fostóirí trí imeachtaí earcaíochta ar an láthair agus ar líne. Tarraingíonn feachtais amhail ‘Bí páirteach i Laethanta Fostaíochta Eorpacha’ aird ar na seirbhísí seo agus ardaíonn siad feasacht ar conas is féidir le EURES tacú le do thuras gairme.

Leideanna praiticiúla

  • Taighde: Bain úsáid as tairseach EURES chun treochtaí sa mhargadh saothair agus dálaí maireachtála i do thír inmhianaithe a sheiceáil.
  • Líonra: Tabhair cuairt ar ardán EJDanna chun a fháil amach faoi imeachtaí atá ag teacht go luath.
  • Ullmhú: Cuir do CV in oiriúint do chaighdeáin áitiúla agus cuir feabhas ar do scileanna teanga.
  • Bí solúbtha i gcónaí: Breithnigh ar phostuithe gearrthéarmacha nó ar obair shéasúrach mar chéim chun cinn. Thosaigh cuid mhór den lucht aistrithe fadtéarmach ar an mbealach sin.

Ní treocht amháin atá i gceist le hobair thar lear – is cuid chobhsaí agus mhéadaitheach í de mhargadh saothair an AE. Cibé an bhfuil pá níos airde, eispéiris nua nó dul chun cinn gairme ag teastáil uait, ní gá duit tú féin a theorannú ó thaobh suímh de. Le EURES, d’fhéadfadh do chéad deis mhór eile a bheith díreach trasna na teorann.

An bhfuil spéis agat an tuarascáil maidir le soghluaisteacht an lucht saothair san Aontas Eorpach a léamh? Lean an nasc seo. Faigh amach conas a d’aimsigh speisialtóir ábhair Iodálach an post is ansa léi in München, nó conas a chuir bainisteoir Liotuánach tús le saol nua san Iorua — le tacaíocht EURES go léir.

 

Naisc ghaolmhara:

Bí páirteach sna Laethanta Fostaíochta Eorpacha!

Scéim Soghluaisteachta Spriocdhírithe

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Tuarascáil bhliantúil maidir le soghluaisteacht saothair laistigh den Aontas – eagrán 2025

Faigheann gairmí ábhair an post is ansa léi in München

 Aistríonn iarbhainisteoir ón Liotuáin chun na hIorua le haghaidh dúshláin nua

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Cuardaigh Comhairleoirí EURES

Ag maireachtáil agus ag obair i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Poist EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • #withEURES
  • Gnó / Fiontraíocht
  • Bosca uirlisí AE le haghaidh soghluaisteachta
  • oiliúint EURES
  • Leideanna agus Moltaí
  • Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
  • Nuacht/tuarascálacha/staitisticí
  • Óige
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.