
Ba mhian le Giorgia, agus í 29 mbliana d’aois, bogadh óna baile dúchais, Padua, ar mhaithe le cáilíocht saoil níos fearr. Bhí fonn uirthi bogadh ó cheantar i dtuaisceart na hIodáile atá sách truaillithe go tír ina bhfuil páirceanna áille cathrach, agus ina bhfuil an dúlra agus feasacht ar an inbhuanaitheacht i dtreis.
‘Bhí áiteanna eile san Eoraip ar intinn agam, ach bhí an ceann seo ní ba ghaire don áit ina bhfuil mo theaghlach, agus thug sé go leor solúbthachta dom maidir le bheith ag obair ón gcoigríoch, má theastaíonn uaim nó más mian liom cuairt a thabhairt orthu,’ arsa Giorgia. ‘Is mór agam freisin an chothromaíocht iontach idir obair agus saol pearsanta atá i bhfeidhm ag cuideachtaí na Gearmáine. Ní raibh sé cosúil ar chor ar bith leis an dóigh a raibh sé i mo bhaile dúchais.’
Tá céim bhaitsiléara ag Giorgia sa litríocht agus sa chumarsáid, tá dhá chéim mháistreachta aici – céim amháin i bhfileolaíocht na hIodáile agus céim eile sa chumarsáid agus sa mhargaíocht – chomh maith le 3 bliana de thaithí ghairmiúil. Bhí sí ag cuardach oibre sa Ghearmáin ar feadh bliana nach mór nuair a tháinig sí ar EURES agus ar Scéim Soghluaisteachta Spriocdhírithe EURES ar na meáin shóisialta.
Chuaigh Giorgia i dteagmháil le EURES ar an tairseach EURES chun comhairle a fháil maidir le bogadh. D’fhreagair Kim Prade, Comhairleoir EURES ag Seirbhísí Idirnáisiúnta agus Speisialaithe (ZAV, Nürnberg). Ar dtús, ní raibh ach diúltuithe á bhfáil ag Giorgia – ach faoi threoir Kim, ach thosaigh Giorgia ag foghlaim ón taithí de réir a chéile, agus ag baint úsáid as aiseolas ó na diúltuithe a fuair sí. Fuair Giorgia litir thagartha oifigiúil ón nGníomhaireacht Chónaidhme Fostaíochta freisin, agus ghlac sí páirt i gceardlann ZAV maidir le hiarratais chun a tarraingteacht d’fhostóirí idirnáisiúnta a mhéadú.
I bhFeabhra 2025, tugadh cuireadh do Giorgia freastal ar agallamh aghaidh ar aghaidh a dhéanfaí i mBéarla sa Ghearmáin. Mhaoinigh EURES TMS a cuid taistil, agus roinnt seachtainí ina dhiaidh sin tairgeadh post di. I mBealtaine, thosaigh sí sa ról nua a bhí aici mar bhainisteoir ábhair i gcomhlacht idirnáisiúnta in München. Oibríonn Giorgia trí mheán an Bhéarla, agus tá sí ag feabhsú a cuid Gearmáinise freisin trí thabhairt faoi chúrsa Gearmáinise atá maoinithe ag EURES TMS chun bheith in ann comhtháthú níos fearr sa tír.
Deir Giorgia: ‘Is maith liom mo phost mar go bhfuil sé dinimiciúil agus cruthaitheach, agus mar go bhfuil go leor le déanamh agam. Mothaím go gcloistear mé, agus is breá liom an tsolúbthacht a bhaineann le bheith ag obair go cliste agus ón gcoigríoch.’
Aghaidh a thabhairt ar dhúshláin
Post a aimsiú, ba é sin an chonstaic ba mhó, dar le Giorgia, ach chabhraigh EURES leis sin. ‘Bhí Kim diongbháilte i dtaobh an tacaíocht a thug sí dom; ní hamháin an t‑eolas, ach thar aon ní eile, an tacaíocht mhothúchánach.’
Nuair a ghlac sí lena post, d’aimsigh Giorgia lóistín sealadach agus mí sular thosaigh sí sa phost nua, bhog sí isteach in árasán nua. Molann sí do dhaoine eile atá sa chás céanna comhairle tithíochta a iarraidh ar a gcomhghleacaithe nua. I measc na gcúraimí riaracháin tá cuntais bhainc a oscailt agus árachas sláinte a fháil, agus tá sí tar éis tabhairt faoi ghníomhaíochtaí nua chun aithne a chur ar dhaoine go sóisialta. ‘Ní dóigh liom go bhfuil fíorchairde agam go fóill, ach tá mo chomhghleacaithe ar fheabhas; is daoine fáilteacha agus tacúla iad.’
Leanann Giorgia ar aghaidh: ‘An rud is cumhachtaí a rinne an clár seo – agus Kim, go sonrach – dom, ná gur chreid siad ionam. Tá an margadh fostaíochta deacair sa lá atá inniu ann, agus bíonn foighne agus buanseasmhacht de dhíth. Mar gheall air sin, má tá cóitseálaí agat a thacaíonn leat agus a chreideann ionat; a fhiafraíonn díot conas a mhothaíonn tú agus nach dtugann aire ach duit féin, b’in an rud a thug spreagadh dom agus an fuinneamh a bhí ag teastáil uaim chun leanúint ar aghaidh. Táim fíorbhuíoch de Kim as sin. Is féidir leat mothú i d’aonar agus caillte, ach má bhíonn duine agat a thacaíonn leat fiú tar éis duit an post a fháil, beidh an t‑eispéireas i bhfad níos fearr ar an iomlán!’
Tacaíocht EURES
Deir Kim Prade ó EURES go raibh cuardach fada poist scáfar ag Giorgia. ‘Nuair a tháinig sí chugam chun tacaíocht a fháil, bhí frustrachas mór uirthi cheana féin,’ a deir sí. ‘Is dóigh liom, leis an tacaíocht chomhcheangailte ó TMS agus ón gcóitseáil maidir le hiarratas poist – mar aon le neart áidh – go bhfuair sí tairiscint poist laistigh de thréimhse ghearr ama, in ainneoin a heaspa scileanna sa Ghearmáinis. Níorbh ann d’aon chonstaic mhór, agus bhí an obair le Giorgia bunaithe ar fhíormhuinín; ba dheas a fheiceáil cé chomh spreagtha agus tiomanta atá sí.’
Molann Kim do chuardaitheoirí poist eile gan an dóchas a chailleadh. ‘Is féidir post maith a aimsiú má tá tú an-spreagtha agus an-tiomanta. Ach teastaíonn foighne agus buanseasmhacht, chomh maith le leibhéal áirithe caoinfhulaingthe ar fhrustrachas.’ Dúirt sí an méid seo a leanas freisin: ‘Tá sé tábhachtach ionchais réalaíocha a bheith ann. Glacann sé tamall socrú síos, teagmhálacha nua a dhéanamh agus árasán a aimsiú. Glac le réitigh shealadacha, agus ná bí ag súil go dtarlóidh gach rud ag an am céanna.’
Fós fiosrach? Féach ar ár bhfíseán faoi EURES TMS Germany agus féach ar ár leathanach maidir le maireachtáil agus post a bheith agat sa Ghearmáin.
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoirí EURES
Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES
Bunachar sonraí post EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire Imeachtaí EURES
Imeachtaí ar líne a bheidh ar siúl go luath
EURES ar Facebook
EURES ar X
EURES ar LinkedIn
EURES ar Instagram
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 10 Aibreán 2026
- Údair
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- Gnó / Fiontraíocht
- Bosca uirlisí AE le haghaidh soghluaisteachta
- oiliúint EURES
- Leideanna agus Moltaí
- Nuacht inmheánach EURES
- Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
- Nuacht/tuarascálacha/staitisticí
- Treochtaí earcaíochta
- Óige
- Cuid(eanna) gaolmhara
- Seirbhísí EURES
- Cúnamh agus tacaíocht
- Leideanna agus Moltaí
- Eolas faoin margadh saothair
- Maireachtáil & Obair
- Earnáil
- Activities of extraterritorial organisations and bodies
- Administrative and support service activities
- Arts, entertainment and recreation
- Information and communication
- Professional, scientific and technical activities