Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó
EURES (EURopean Employment Services)

Feachtas EURES 2026 – Bí páirteach sna Laethanta Fostaíochta Eorpacha!

15 bliana ag nascadh daoine le deiseanna fostaíochta ar fud na hEorpa

364 imeachtaí
lena mbaineann 14 394 fhostóir agus 403 740 cuardaitheoir poist
25 349 bhfolúntas foilsithe
a raibh 250 445 iarratas mar thoradh orthu

Is cuma más ag brabhsáil folúntas, ag freastal ar chur i láthair beo nó ag cur iarrthóirí féideartha faoi agallamh ar líne atá tú, le gach EJD tugtar eispéireas pearsantaithe duit le tacaíocht ó shaineolas líonra EURES.

Lean an leathanach seo chun nuashonruithe agus nuacht maidir leis an bhfeachtas a fháil, agus bí nasctha ar mheáin shóisialta EURES ach úsáid a bhaint as #EuropeanJobDays. Tabhair cuairt freisin ar ardán EJD chun eolas a fháil ar imeachtaí atá ar na bacáin – agus ná caill do sheans páirt a ghlacadh iontu!

An nuacht is déanaí

  • Alt nuachta

Ag bogadh go Ballstát eile le haghaidh poist? Ná lig do chostais fholaithe teacht aniar aduaidh ort. Seo do threoir riachtanach chun bheith in ann teacht slán ó thaobh airgeadais de, gan beann ar an gceist a bheadh agat – bíodh sí bainteach le héarlaisí fóntais nó do chéad duillín pá, mar shampla, nó ná bíodh.

Am léitheoireachta: 4 nóiméad

Imeachtaí atá ar na bacáin

Le teacht
Laethanta eolais
  • Dé Máirt, 27 Deireadh Fómhair 2026, 10.00 - 16.00 (CET)
  • Geneva, Switzerland
A bhaineann le
  • Jobseekers
Le teacht
Laethanta eolais
  • Dé hAoine, 6 Samhain 2026, 13.00 - 16.00 (CET)
  • Ar líne amháin
  • Beosruthú ar fáil
A bhaineann le
  • #EuropeanJobDays
  • Cross-border partnerships
  • European (Online) Job Days
  • Jobseekers
  • Living & Working

Naisc úsáideacha

Comhpháirtithe feachtais

Chun an tionchar is mó is féidir a imirt ar fud 31 tír, teastaíonn do thacaíocht uainn. Áirítear leis sin Comhairleoirí EURES, Oifigí Comhordaithe Náisiúnta, cumainn tráchtála, cónaidhmeanna fostóirí, eagraíochtaí poiblí atá gníomhach i réimse na fostaíochta, comhpháirtithe sóisialta, seirbhísí fostaíochta príobháideacha, agus gníomhaithe sa mhargadh saothair neamhbhrabúis, ach níl sé teoranta dóibh sin amháin.

Le linn thréimhse an fheachtais, bí ag súil le sraith imeachtaí tarraingteacha eolais agus earcaíochta. Ina measc siúd beidh tionscnaimh a mbeidh tionchairí páirteach iontu, imeachtaí ar na meáin shóisialta, agus gníomhaíochtaí ar na meáin sheanbhunaithe i roinnt tíortha, agus go leor eile.

Conas is féidir leatsa a bheith páirteach san fheachtas?

Molaimid duit páirt ghníomhach a ghlacadh san fheachtas seo. Cabhraigh linn an teachtaireacht a scaipeadh ach í a roinnt le do chomhghleacaithe, do líonraí, do chairde agus do mhuintir, agus ach í a chur chun cinn ar do shuíomhanna gréasáin, i do nuachtlitreacha agus ar do chainéil meán sóisialta.

Lean EURES ar na meáin shóisialta ag úsáid#EuropeanJobDays, glac páirt in imeachtaí an fheachtais, agus roinn do scéalta, do ghrianghraif agus d’eispéiris linn.

Sraith uirlisí feachtais

Ábhair feachtais

 

 

 

 

Preasphacáiste