
Cainéil rialta chumarsáide a chur ar bun
Tá cumarsáid rialta idir fostaithe agus a mbainisteoirí ríthábhachtach chun luathchomharthaí na tnáite a bhrath. Bí cinnte go mbíonn cruinnithe seachtainiúla idir bainisteoirí agus fostaithe chun an t-ualach oibre agus an strus a ghabhann leis a phlé agus chun aghaidh a thabhairt orthu sin leis.
Ualach oibre réasúnta a bhainistiú
Bí cinnte go gcoinníonn bainisteoirí súil ar ualach oibre a bhfoirne, ag cinntiú go scaiptear go cothrom é de réir leibhéil réasúnta.
A chinntiú go mbraitheann fostaithe compordach chun teorainneacha a shocrú
Bíonn sé deacair ar roinnt fostaithe obair a dhiúltú nó síneadh ama a iarraidh nuair a bhíonn an-chuid rudaí ar bun acu. D’fhéadfaidís a bheith ag smaoineamh fiú go bhféadfaidís a bheith i bponc lena mbainisteoirí má dhiúltaíonn siad tasc a ghlacadh. Nuair a fhaigheann fostaithe obair bhreise agus iad ag obair ar a lánacmhainn, ba chóir go mbraithfidís sábháilte í a dhiúltú agus tacaíocht a iarraidh ar a mbainisteoirí.
Uaireanta oibre solúbtha a thairiscint
D’fhéadfaí nach mbeadh uaireanta oibre seasta oiriúnach do do chuid fostaithe go léir. D’fhéadfaidís teacht salach ar ghealltanais eile go minic, cuir i gcás a páistí a bhailiú ón scoil nó aire a thabhairt do bhall teaghlaigh níos sine. Trí uaireanta oibre solúbtha a thairiscint, cuireann tú feabhas ar chothromaíocht oibre is saoil d’fhostaithe agus, dá bhrí sin, laghdaítear an strus ag an obair agus an tnáitheadh leis.
Obair foirne a spreagadh
Tá níos mó seans go mbeadh strus ar dhaoine a oibríonn ina n-aonar nó as a gconlán féin nó go dtiocfadh tnáitheadh orthu. Laghdaítear strus san ionad oibre trí obair foirne a spreagadh i measc fostaithe agus déantar an t-ualach oibre a chothromú dá bharr sin freisin.
Acmhainní a chur ar fáil chun déileáil leis an tnáitheadh ag an obair
B’fhéidir go bhfuil go leor rudaí déanta agat chun cosc a chur ar an tnáitheadh, ach bíonn seans ann i gcónaí go mbeadh strus ar d’fhostaithe, ar ndóigh. Tá an méid sin ceart go leor, ós rud é nach mbíonn athléimneacht daoine éagsúla mar a chéile i gcónaí, agus bíonn saincheisteanna ina saol pearsanta ina chúis leis an tnáitheadh uaireanta chomh maith. Pléigh le d’Oifigeach Acmhainní Daonna cad iad na hacmhainní nárbh fholáir a fhorbairt agus a chur ar fáil d’fhostaithe atá ag fulaingt ón tnáitheadh ag an obair. D’fhéadfadh línte cabhrach meabhairshláinte, cláir chúnaimh, teagmhálacha teiripeacha agus scéimeanna maidir le hualach oibre laghdaithe a bheith i gceist leis an méid sin.
Laethanta meabhairshláinte a thabhairt isteach
Cuireann a lán cuideachtaí líon áirithe laethanta meabhairshláinte ar fáil dá bhfostaithe in aghaidh na bliana. Is iad seo na laethanta saora ar féidir le fostaithe a ghlacadh, gan aon cheist a chur, aon uair a bhraitheann siad trína chéile de dheasca cúrsaí oibre.
Fostaithe a spreagadh chun a saoire bhliantúil iomlán a úsáid
Ba chóir fostaithe a spreagadh chun a gcuid laethanta saoire bliantúla go léir a úsáid. Is féidir an méid sin a bhaint amach trí líon na laethanta ar féidir le fostaithe ‘a thabhairt anonn’ go dtí an bhliain seo chugainn a laghdú agus trí dhaoine a spreagadh chun laethanta a thógáil le linn tréimhsí nuair nach mbíonn sé chomh gnóthach céanna.
Táirg luach saothair i gcomhair ratha (agus déan go cothrom é)
Is féidir leis an tnáitheadh teacht ar fhostaithe nuair nach bhfaigheann siad aitheantas as a gcuid oibre crua ná as a n-éachtaí, go háirithe más rud é go bhfeictear dóibh nach bhfuil bainisteoirí ag tabhairt chothrom na Féinne dá mball foirne ó thaobh iad a mholadh. Bí cinnte go gcoinníonn bainisteoirí súil ar éachtaí a bhfoirne, agus go dtugtar ceart san áit a mbíonn sé dlite.
Tá an fhadhb seo againn go léir – téimid ar thuras oibre, ach ar fhilleadh dúinn bíonn an bosca isteach lán de ríomhphoist gan léamh agus de thascanna ar feitheamh os ár gcomhair amach. Conas a bheith táirgiúil agus tú ar thuras oibre.
Naisc ghaolmhara:
Conas fanacht táirgiúil agus tú ag taisteal don obair
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoirí EURES
Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES
Bunachar Sonraí Post EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire Imeachtaí EURES
Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath
EURES ar Facebook
EURES ar Twitter
EURES ar LinkedIn
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 12 Meitheamh 2023
- Údair
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- Gnó / Fiontraíocht
- Leideanna agus Moltaí
- Cuid(eanna) gaolmhara
- Cúnamh agus tacaíocht
- Leideanna agus Moltaí
- Earnáil
- Accomodation and food service activities
- Activities of extraterritorial organisations and bodies
- Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
- Administrative and support service activities
- Agriculture, forestry and fishing
- Arts, entertainment and recreation
- Construction
- Education
- Electricity, gas, steam and air conditioning supply
- Financial and insurance activities
- Human health and social work activities
- Information and communication
- Manufacturing
- Mining and quarrying
- Other service activities
- Professional, scientific and technical activities
- Public administration and defence; compulsory social security
- Real estate activities
- Transportation and storage
- Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
- Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles