Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta29 Meitheamh 2022An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 5 nóiméad

Conas tú féin a dhéanamh níos infhostaithe

Cibé acu an raibh cuid mhór agallamh poist agat nó nach bhfuil ach tús á chur anois le do shaol oibre, tá roinnt leideanna úsáideacha ullmhaithe againn anseo ag EURES chun cabhrú leat feabhas a chur ar d’infhostaitheacht.

How to make yourself more hireable for employers

Cuir barr feabhais ar do chuid scileanna boga

Ó bhí COVID-19 ann, bíonn fostóirí níos mó agus níos mó ag lorg oibrithe atá solúbtha, inoiriúnaithe agus a bhfuil dea-scileanna cumarsáide ar líne agus as líne acu. Tá scileanna boga den sórt sin riachtanach do chuideachtaí ar mian leo a ngnó a chosaint ó phaindéimí agus ó chur isteach eile amach anseo.

Is minic a bhíonn cuardaitheoirí poist ag díriú ar a gcuid scileanna gairmiúla, agus mar sin measann siad cumhacht na scileanna boga faoina luach. Foghlaim faoi na sé scil bhoga is tábhachtaí san ionad oibre iarphaindéime.

Coinnigh do CV cothrom le dáta

Bí cinnte i gcónaí go bhfuil an t-eolas is ábhartha agus cothrom le dáta ar do CV le haghaidh d’iarratais ar phost. Faightear na céadta iarratas le haghaidh roinnt folúntas, mar sin ní mór go léiríonn do CV thú ar an mbealach is fearr is féidir. Ná bíodh aon eagla ort do CV a mhionathrú, ag brath ar an bpost ar a bhfuil tú ag cur isteach. Léigh do CV ó dhearcadh an fhostóra – cabhróidh sé sin leat a chinneadh an méid atá le cur isteach agus a fhágáil ar lár. Dírigh ar na scileanna agus ar an taithí a mheasann tú a bheadh ábhartha i dtuairim d’fhostóra.

Is féidir leat breathnú ar ár leideanna do dhaoine a bhfuil easpa taithí acu agus iad ag scríobh CV.

Déan teagmháil le Comhairleoir EURES

Má tá suim agat a bheith ag obair thar lear, is féidir lenár gComhairleoirí EURES cabhrú leat do láidreachtaí, do leasanna agus do luachanna a aithint, agus tacaíocht a thabhairt duit agus tú ag cuardach post agus ag déanamh iarratais ar phoist. Tá an tseirbhís seo saor in aisce agus cuideoidh sé leat d’infhostaitheacht a threisiú.

Cuardaigh Comhairleoir EURES i do réigiún féindéan comhrá le do Chomhairleoir EURES áitiúil.

Bí oscailte maidir le scileanna nua a fhoghlaim

Is turas ar feadh an tsaoil í an fhoghlaim agus tá a fhios ag a lán fostóirí gur gá i gcónaí dá gcuid oibrithe a gcuid scileanna a thabhairt cothrom le dáta chun go mbeidh an gnólacht in ann bogadh chun tosaigh. Má tá aon chúrsaí déanta agat (cúrsaí foirmiúla nó neamhfhoirmiúla) bí cinnte go leagann tú béim air seo i do CV agus i do litir chumhdaigh. Léiríonn sé seo do d’fhostóir féideartha go bhfuil tú oscailte chun scileanna nua a fhoghlaim agus chun feabhsú.

‘Glan suas’ do phróifílí meán sóisialta

Admhaíonn a lán fostóirí agus earcaitheoirí go mbreathnaíonn siad ar iarrthóirí féideartha ar na meáin shóisialta mar chuid den phróiseas earcaíochta. Bí cinnte go bhfuil cuma mhaith ar do chuntais ar na meáin shóisialta nó nach bhfuil cead isteach ag úsáideoirí poiblí orthu.

Léigh an t-alt seo chun tuilleadh a fhoghlaim faoi láithreacht ghlan ghairmiúil a thógail ar líne.

Déan cleachtadh ar ‘do scéal’ a insint d’agallóirí

B’fhéidir go mbeadh an CV is cuimsithí agat, ach is minic a iarrfaidh earcaitheoirí ort iad a chur ar an eolas faoi do thaithí oibre agus faoi do chúlra oideachais. Bí réidh chun an scéal sin a insint i bhformáidí éagsúla – is cuma cé acu agallaimh duine le duine, glaonna físe nó glaonna gutháin a bheadh i gceist. Úsáid teanga atá gonta tarraingteach, agus díreach mar atá i CV, leag béim ar an bhfaisnéis is ábhartha don fhostóir áirithe seo. Ná cuir sonraí pearsanta ná neamhábhartha san áireamh – bíodh do scéal go hiomlán gairmiúil.

Déan próifíl chuimsitheach LinkedIn

D’fhéadfadh LinkedIn a bheith ina fhoinse mhór de thairiscintí poist agus tá sé ina uirlis mhóréilimh ag earcaitheoirí. Mar atá le do CV, bí cinnte go bhfuil do phróifíl LinkedIn cuimsitheach agus go léiríonn sé tú ar an mbealach is fearr is féidir. Tá an t-ardán foirfe freisin i ndáil le líonrú ar líne, rud a d’fhéadfadh feabhas breise a chur ar d’infhostaitheacht. Léigh ár leideanna maidir le líonrú éifeachtach ar líne.

Bain an leas is fearr as tairseach EURES

Agus breis agus 4 mhilliún folúntas inti ar fud na hEorpa, is í  tairseach EURES an áit is fearr chun post a aimsiú. Déan teagmháil le Comhairleoir EURES  i do thír féin chun foghlaim conas an leas is fearr a bhaint as tairseach EURES. Bain úsáid as uirlisí Europass freisin chun CV láidir agus litir cumhdaigh a mbeidh tionchar aici a chur le chéile, rud a fhágfaidh go mbeidh tú ag seasamh amach ó na hiarratasóirí eile.

Níl gá leis an gcuardach do do chéad phost a bheith scanrúil má thugann tú faoi leis an dearcadh ceart agus le haigne oscailte. Breathnaigh ar ár leideanna ionas nach mbeidh an cuardach poist chomh scáfar sin agus go mbeidh sé níos táirgiúla.

 

Naisc ghaolmhara:

Déan comhrá le Comhairleoirí EURES

Láithreán gréasáin EURES

Láithreán gréasáin Europass

Ceithre leid le haghaidh CV a scríobh nuair atá easpa taithí agat

Naoi rud ar cheart a bheith ar eolas ag céimithe nua nuair a thosaíonn siad ag cuardach poist

Cuardaigh Comhairleoirí EURES

Sé scil bhoga a bhfuil gá leo san ionad oibre iarphaindéime

Na ceithre leid is fearr do chuardaitheoirí poist maidir le láithreacht ghlan ghairmiúil a thógáil ar líne

Na sé leid is fearr maidir le líonrú éifeachtach ar líne

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Cuardaigh Comhairleoirí EURES

Coinníollacha maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Leideanna agus Moltaí
  • Treochtaí earcaíochta
Cuid(eanna) gaolmhara
  • Leideanna agus Moltaí
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.