Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó
EURES (EURopean Employment Services)
  • Alt nuachta
  • 30 Meitheamh 2025
  • An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
  • Am léitheoireachta: 4 nóiméad

Ar cheart duit an léim mhór a ghearradh agus bogadh thar lear?

Ar mhaith leat a bheith ag maireachtáil agus ag obair i dtír eile? Seo an chaoi ar féidir leat cinneadh a dhéanamh agus dul i mbun do phlean a chur i bhfeidhm.

Should you make the leap and move abroad?

Faoi láthair, tá thart ar 17 milliún Eorpach ag maireachtáil agus ag obair i dtír nach í a dtír dhúchais í. Má tá tú ag smaoineamh ar bheith i do dhuine díobh ach má tá ceisteanna agat fós agus – b’fhéidir – má tá tú in amhras faoi, seo roinnt rudaí nach mór a chur san áireamh, chomh maith le leideanna praiticiúla chun cabhrú leat.

Faigh amach cén fáth

Fiafraigh díot féin cén fáth ar mhaith leat bogadh thar lear. Ach an chúis nó na cúiseanna atá agat a fháil amach, beidh tú in ann do chinneadh a dhéanamh ar bhealach níos soiléire agus níos dírithe.

Na buntáistí a bhaineann le bheith ag maireachtáil agus ag obair thar lear

Ar ndóigh, bíonn dúshláin i gceist le hathlonnú go tír eile, ach is fiú na gnóthachain a ghabhann leis ar an iomlán:

  • Infhostaitheacht fheabhsaithe. Tá tábhacht le gach cineál taithí oibre, ach tugann obair thar lear roinnt pointí bónais breise duit ar shúile fostóirí amach anseo; cuireann sé in iúl go bhfuil tú solúbtha agus go bhfuil tuiscint oscailte agat, gur dócha go bhfuil taithí agat ar bheith ag comhoibriú le daoine ó chultúir éagsúla agus ag a bhfuil tréithe pearsantachta difriúla, agus freisin nach mbíonn eagla ort dul i ngleic le rioscaí agus dúshlán a chur romhat féin.
  • Eispéiris saoil nua. Is deis é bogadh thar lear chun níos mó den domhan a fheiceáil agus bualadh le níos mó de na daoine iontacha a chónaíonn ann, a bhféadfadh scéalta a mbeatha agus a n-eispéiris a bheith an-difriúil le do scéal agus le d’eispéiris féin. D’fhéadfadh cónaí thar lear a bheith tarraingteach freisin don taobh fiontrach díot agus más mian leat taithí a fháil ar chultúir agus ar stíleanna maireachtála nua.
  • Deis teanga nua a fhoghlaim. Bíonn Béarla in úsáid ag go leor cuideachtaí san Eoraip, go háirithe cuideachtaí ilnáisiúnta. Ciallaíonn sé sin, go teicniúil, gur féidir leat dul isteach i dtír nua gan aon teanga eile a bheith agat, go háirithe sa lá atá inniu ann, mar tá Béarla mar dhara teanga ag beagnach leath de dhaonra na hEorpa. Mar sin féin, níl aon deis níos fearr ann teanga iasachta a fhoghlaim ná a bheith i do chónaí sa tír ina labhraítear í; beidh neart deiseanna agat cleachtadh a dhéanamh agus, ar deireadh, is fusa a bhíonn an saol nuair is féidir leat an teanga áitiúil a thuiscint agus cumarsáid a dhéanamh inti.
  • Neamhspleáchas agus muinín mhéadaithe. Má bhogann tú chuig timpeallacht iomlán nua, aclófar do mhatáin inoiriúnaitheachta as éadan. Chun socrú isteach i dtír nua agus chun dul i dtaithí ar chultúr agus ar phost nua, bíonn gá le leibhéal ard foighne, solúbthachta agus – scaití – seiftiúlachta, d’fhonn a bheith in ann fás go pearsanta agus go gairmiúil, agus d’fhonn d’fhéintuilleamaí a fhorbairt. 

Tá cinneadh déanta agam – cad is ceart dom a dhéanamh anois?

  • Faigh post! Ach post a fháil sula dtéann tú go dtí an tír nua nó go luath ina dhiaidh sin, maolófar go mór an strus a bhaineann le hathlonnú. Déan teagmháil le Comhairleoir EURES a luaithe a bheidh cinneadh déanta agat imeacht; treoróidh siad thú tríd an bpróiseas iomlán a bhaineann le post a aimsiú agus le hathlonnú. Chomh maith leis sin, is féidir leat páirt a ghlacadh in imeacht Laethanta Fostaíochta Eorpacha; cuirtear le chéile le linn na n‑aontaí earcaíochta ar an láthair agus ar líne uile-Eorpacha sin cuardaitheoirí poist agus fostóirí ar fud na mór-roinne, agus cuirtear ar fáil lena linn freisin faisnéis phraiticiúil faoi bheith ag maireachtáil agus ag obair thar lear.
  • Smaoinigh ar chúrsaí lóistíochta. Áirítear orthu sin cóiríocht a aimsiú; pacáil agus aistriú do chuid giuirléidí; cuntas bainc a oscailt sa tír nua; scoil oiriúnach a aimsiú más ag athlonnú le leanaí atá tú; clárú le haghaidh clúdach sláinte a luaithe is féidir; agus tuiscint a fháil ar rialacha cánach agus conas a bhaineann siad leat mar easaoránach. 

Sa chéad alt eile, cíoraimid na doiciméid go léir is gá do shaoránach atá i mbun athlonnú. 

An bhfuil tú ag obair thar lear faoi láthair agus tú ag smaoineamh ar fhilleadh abhaile? Léigh ár n-alt Ag obair thar lear – an bhfuil sé in am filleadh ar an mbaile? chun léargas a fháil ar an gcinneadh ceart a dhéanamh agus na saincheisteanna praiticiúla atá le cur san áireamh ina leith sin.

 

Naisc ghaolmhara:

Ceisteanna & Freagraí: Freagraíonn Comhairleoirí EURES ceisteanna ó chuardaitheoirí poist

Ceisteanna & Freagraí cuid 2:Freagraíonn Comhairleoirí EURES ceisteanna ó chuardaitheoirí poist

Léigh tuilleadh: 

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar sonraí post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire imeachtaí EURES

Imeachtaí ar líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar X

EURES ar LinkedIn

EURES ar Instagram

Ábhair
  • Leideanna agus Moltaí
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.