
Gach bliain, bíonn an pobal easaoránach ag fás i gcónaí: tá ár saol ag éirí níos idirnasctha anois, agus ní cinneadh deacair é bogadh thar lear a thuilleadh. Idir 1970 agus an lá inniu, tá méadú breis is trí huaire tagtha ar dhaonra easaoránach an domhain, agus tá saineolaithe den tuairim go mbeidh níos mó ná 350 milliún duine i gceist faoin mbliain 2035. Má tá tú i measc na ndaoine atá ina gcónaí agus ag obair thar lear, seans go dtosóidh tú ag smaoineamh ar fhilleadh ar an mbaile am éigin. Má thosaíonn, tá an méid seo a leanas le cur san áireamh.
An bhfuil sé in am filleadh ar an mbaile i ndáiríre?
Nuair a aistríonn tú thar lear den chéad uair, in ainneoin an nuacht a bhaineann leis an timpeallacht nua, d’fhéadfadh sé go mbeadh frustrachas agus imní ort uaireanta. Tá strus ag baint le teach a aimsiú, socrú isteach i bpost nua agus aghaidh a thabhairt ar bhacainní cultúrtha éagsúla, agus b’fhéidir go mbeifeá ag smaoineamh ar cé chomh compordach is a bhí tú i do thír dhúchais. Is gnáthrud é sin, sa mhéid nach gcuireann smaointe maidir le héalú isteach ar do shaol laethúil. D’fhéadfadh sé go mbeadh amanna ann, áfach, nuair a bheidh ort smaoineamh go dáiríre ar cheart duit filleadh ar an mbaile nó nár cheart.
- Tá deireadh tagtha le do chonradh nó le do shannachán oibre. Má bhí socrú oibre ar théarma seasta agat, nuair a bheidh deireadh leis, beidh ort cinneadh a dhéanamh an bhfanfaidh tú – agus b’fhéidir go lorgóidh tú deis eile i do thír ghlactha – nó an bhfillfidh tú ar an mbaile.
- Níor tháinig deireadh riamh leis an gcumha i ndiaidh an bhaile a mhothaigh tú. Is cuma cé chomh socraithe is a d’fhéadfá a bheith sa tír nua, má tá cumha ort, má mhothaíonn tú uaigneach nó má tá tú in ísle brí, nó má tá tú croí briste de bhrí nach bhfuil tú i gcomhluadar do chairde agus do theaghlaigh, ansin b’fhéidir gur fiú duit smaoineamh ar fhilleadh ar an mbaile.
- Ábhair imní maidir le cúrsaí sláinte nó imthosca eile gan choinne. D’fhéadfá athmhachnamh a dhéanamh ar do chinneadh a bheith as baile má tharlaíonn teagmhas gan choinne amhail tinneas nó bás sa bhaile.
- Ionchais níos fearr. Uaireanta, tiocfaidh deiseanna maithe chun cinn san áit a d’fhág tú uair amháin chun deiseanna níos fearr a thapú. Is cúiseanna bailí chun filleadh ar an mbaile iad tairiscint poist níos fearr, mar shampla, nó cúinsí airgeadais amhail teach de do chuid féin a cheannach sa bhaile.
Má chinneann tú filleadh ar an mbaile
B’fhéidir go gceapfá go mbeadh sé éasca filleadh ar do thír dhúchais, ach is próiseas é an t-aisdúichiú a éilíonn pleanáil chúramach. Chun déileáil leis an aistriú ar bhealach níos fearr, smaoinigh ar an méid seo a leanas:
- Smaoinigh ar chúrsaí lóistíochta. Áirítear leis sin do chuid earraí féin a phacáil agus a iompar, áit le fanacht a aimsiú, aon réadmhaoin a d’fhéadfadh a bheith ceannaithe agat le linn duit a bheith i do chónaí thar lear a dhíol, do chuntas bainc coigríche a dhúnadh agus do shócmhainní a aistriú chuig banc i do thír dhúchais, agus do bhillí agus aon fhiach a ghlanadh.
- Mura bhfuil tairiscint poist níos fearr mar bhonn le do chúis le filleadh, ba cheart duit, ar a laghad, smaoineamh ar an méid a dhéanfaidh tú nuair a bheidh tú sa bhaile. Déan teagmháil le daoine a bhfuil aithne agat orthu agus cuir in iúl dóibh go bhfuil tú ag filleadh. Iarr ar chomhghleacaithe a bhí agat roimhe seo eolas a roinnt leat maidir leis an margadh fostaíochta áitiúil. Tosaigh ag cur isteach ar phoist sula n-aistreoidh tú, más féidir.
- Bí ag smaoineamh ar an ‘suaitheadh cultúir droim ar ais’. Tá daoine áirithe den tuairim go bhfuil sé níos éasca filleadh ar an mbaile ná mar atá sé an baile a fhágáil, ach tá athrú i gceist le filleadh freisin, agus bíonn dúshláin le sárú fiú ag na daoine is in-inoiriúnaithe inár measc nuair a bhíonn athrú i gceist. B’fhéidir go bhfuil na daoine a raibh aithne agat orthu ag céim eile dá saol anois. B’fhéidir go raibh taithí agat ar a bheith i do chónaí i dtír níos teo agus go gcaithfidh tú dul ar ais chuig an bhfuacht. Tabhair am duit féin chun dul in oiriúint go fisiciúil agus go mothúchánach do do (shean)timpeallacht nua.
- Cuir aithne ar dhaoine nua, bain triail as rudaí nua, agus tabhair deis duit féin forbairt a dhéanamh. Ní hionann dul ar ais agus filleadh ar an seansaol. Is féidir leat saol spreagúil, nua a chruthú, fiú i do sheantimpeallacht.
Díríonn EURES go príomha ar shoghluaisteacht laistigh den Aontas Eorpach, agus d’fhéadfadh an chuma a bheith air sin uaireanta gurb éard atá i gceist ná filleadh ar an mbaile. Má tá tú ag smaoineamh ar fhilleadh ar an mbaile tar éis seal a chaitheamh thar lear, is féidir le Comhairleoir EURES i do thír dhúchais cabhrú leat i rith an phróisis.
Naisc ghaolmhara:
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoirí EURES
Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES
Bunachar Sonraí Post EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire Imeachtaí EURES
Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath
EURES ar Facebook
EURES ar X
EURES ar LinkedIn
EURES ar Instagram
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 20 Meitheamh 2025
- Údair
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- Leideanna agus Moltaí
- Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
- Cuid(eanna) gaolmhara
- Cúnamh agus tacaíocht
- Leideanna agus Moltaí
- Maireachtáil & Obair
- Earnáil
- Accomodation and food service activities
- Activities of extraterritorial organisations and bodies
- Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
- Administrative and support service activities
- Agriculture, forestry and fishing
- Arts, entertainment and recreation
- Construction
- Education
- Electricity, gas, steam and air conditioning supply
- Financial and insurance activities
- Human health and social work activities
- Information and communication
- Manufacturing
- Mining and quarrying
- Other service activities
- Professional, scientific and technical activities
- Public administration and defence; compulsory social security
- Real estate activities
- Transportation and storage
- Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
- Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles