Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta31 Lúnasa 2023An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 4 nóiméad

Fás gairmiúil d’fhostaithe a chothú le pleananna forbartha pearsanta

Scil riachtanach is ea í d’aon fhostóir nó d’aon bhainisteoir fás gairmiúil a bhfostaithe a chothú. Lean ort ag léamh chun a fháil amach conas cabhrú le d’fhostaithe plean forbartha pearsanta éifeachtach a chur le chéile a chuirfidh lena gcuid scileanna san ionad oibre.

Nurturing your employees’ professional growth with personal development plans

Bualadh le d’fhostaithe go minic

Is é ceann de na bealaí is fearr chun foghlaim faoin gcaoi a n-oibríonn siad agus faoi na spriocanna gairmiúla atá acu ná dul i mbun comhrá leo ar bhonn rialta. Mura ndéanann tú cheana féin é, cuir tús le cruinnithe a phleanáil le d’fhostaithe chun a n-ualach oibre reatha agus a spriocanna amach anseo a phlé. Tabharfaidh na cruinnithe aghaidh ar aghaidh sin léargas soiléir duit ar na scileanna gairmiúla atá acu, agus is féidir leat an deis a thapú freisin chun a sheiceáil cibé an bhfuil imní orthu faoi aon chúraimí agus chun tacaíocht a thairiscint dóibh.

Má bhíonn réimsí ann ina dteastaíonn tacaíocht ó d’fhostaithe, is féidir leat oiliúint a mholadh dóibh nó freagracht nua a shannadh dóibh chun cabhrú leo a gcuid muiníne a fhás. Ba chóir gach gníomh ar a n-aontaíonn tú a bheith mar chuspóir ina bplean forbartha pearsanta.

Leathnú ar a gcuid láidreachtaí

Agus a bplean forbartha pearsanta á phlé agat, bí dearfach agus spreag d’fhostaithe chun rud éigin a chur síos ar pár faoina láidreachtaí ar dtús. Trí cheist a chur orthu faoi na réimsí is láidre dá gcuid oibre, is féidir leat tuilleadh deiseanna a chur ar fáil dóibh chun níos mó freagrachtaí a ghlacadh chucu féin. Cabhróidh sé seo le d’fhoireann a bheith níos speisialaithe agus níos oilte ionas gur féidir leo barr feabhais a chur ar a gcuid oibre.

Cuspóirí S.M.A.R.T. a úsáid

Socraigh cuspóirí atá sonrach, intomhaiste, indéanta, ábhartha agus faoi cheangal ama (S.M.A.R.T.) chun ligean do d’fhostaithe spriocanna réalaíocha a leagan síos agus chun túsphointe soiléir a thabhairt dóibh. Mar shampla, má tá suim léirithe acu sa bhainistíocht, d’fhéadfadh sé a bheith mar chuspóir acu tionscadal beag amháin a bhainistiú go comhsheasmhach sna sé mhí as sin amach. Tugann cuspóirí S.M.A.R.T. deis do d’fhostaithe fás agus forbairt a dhéanamh – d’fhéadfaidís dul chun cinn a dhéanamh i mbainistiú tionscadail eile, mar shampla, nó ról meantóra a ghlacadh le haghaidh comhghleacaí eile. Ar an mbealach sin, is féidir leat fás a spreagadh laistigh de thacar scileanna d’fhoirne.

Fócas a dhíriú ar an bhfás

Cé gur chóir cuspóirí S.M.A.R.T. a bheith indéanta, ba cheart spreagadh a thabhairt do d’fhostaithe chun spriocanna a leagan síos a chuirfidh lena gcumas agus lena ndul chun cinn ina ngairmeacha beatha. Chun é sin a dhéanamh, sainaithin agus socraigh cuspóirí i réimsí nár luaigh siad mar chuid dá ‘mbuanna’. Cuirfidh sé sin deiseanna ar fáil do d’fhostaithe an dlaoi mhullaigh a chur ar a gcuid scileanna agus a bheith níos muiníní ina róil.

Is fíorthábhachtach iad na hathbhreithnithe feidhmíochta

Téann athbhreithnithe feidhmíochta agus pleananna forbartha pearsanta ar láimh le dul chun cinn d’fhostaithe. Nuair a thagann an tréimhse athbhreithnithe feidhmíochta, glac an t-am chun mír an bhainisteora de na foirmeacha a líonadh amach go cúramach. Ba cheart duit díriú ar fhreagra a thabhairt ar thuairimí na bhfostaithe de réir pointe agus a athbhreithniú má tá siad ceart, má tá an fhianaise a ghabhann leo i gceart, agus má tá siad laistigh de shainchúraimí a róil. Ina theannta sin, dírigh ar mheasúnú a dhéanamh ar cibé ar baineadh amach na cuspóirí a leagadh síos san athbhreithniú roimhe seo. Más rud é gur baineadh amach iad, is féidir leat tuilleadh a rá faoi na gnéithe sin de. Más rud é nár baineadh amach iad, ba chóir duit labhairt le d’fhostaí chun a fháil amach an bhfuil aon bhealach ann ar féidir leat tacú leo iad a bhaint amach roimh a n-athbhreithniú feidhmíochta.

Deiseanna nua a thabhairt dóibh

Is ortsa atá an fhreagracht obair a shannadh do d’fhostaithe. Dá bhrí sin, más rud é nár baineadh amach cuspóir éigin ina bplean forbartha pearsanta, seans nach raibh an deis acu iarracht a dhéanamh an tasc a chur i gcrích. Is deiseanna riachtanacha iad na comhráite mar sin chun an ualach oibre a phlé le d’fhostaithe ionas go mbeidh siad in ann an méid ar ar mian leo tuilleadh oibre a dhéanamh a roinnt le gur féidir leo dul chun cinn a dhéanamh.

Ar mhaith leat tuilleadh comhairle a fháil maidir le tacú le fás gairmiúil d’fhostaithe? Léigh ár n-alt ar ‘Deich rud ba chóir do gach meantóir maith a dhéanamh’.

 

Naisc ghaolmhara:

Deich rud ba chóir do gach meantóir maith a dhéanamh

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Gnó / Fiontraíocht
  • Leideanna agus Moltaí
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.