Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta4 Bealtaine 2023An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 6 nóiméad

Conas is féidir linn an teicneolaíocht a úsáid gan í a bheith ag cur isteach orainn?

An mbíonn deacrachtaí agat d’aird a dhíriú ar chúrsaí nó an mbíonn tú gafa le do ghuthán a sheiceáil agus tú ag obair nó ag staidéar? Bíonn againn go léir, dar ndóigh. Ach conas is féidir linn cosc a chur ar sheachmall mar sin agus cén éifeacht a bhíonn ag an teicneolaíocht ar ár réise aire?

How can we use technology without getting distracted?

Má tá tú díreach tar éis post deisce a thosú, is dócha go mbeidh tú ag stánadh ar scáileán ar feadh suas le hocht n-uair an chloig in aghaidh an lae. Tá difear mór idir é sin agus a bheith ag dul chuig léachtaí, ag siúl timpeall an champais agus a bheith i mbun nótaí a ghlacadh. Nuair a thagann deireadh le do lá oibre, is dócha go mbíonn tú ag iarraidh breathnú ar scannán nó ar chlár teilifíse, nó ag iarraidh físchluiche a imirt, agus is cinnte go mbíonn tú ag baint úsáid as do ghuthán.

Ar ndóigh, sa saol laethúil, is fónta an rud an teicneolaíocht den chuid is mó, ach d’fhéadfadh an bealach a ndéanaimid idirghníomhú léi a bheith ina údar imní. Tuairiscítear sa staidéar seo go mbaineann daoine fásta in AE úsáid as scáileáin lasmuigh d’uaireanta oibre ar feadh idir dhá uair an chloig agus trí huair an chloig in aghaidh an lae (agus os a chionn sin, i mórán cásanna). Ós rud é go n-úsáideann a lán daoine scáileáin ag an obair freisin, is féidir an t-am scáileáin seo a ghnóthú go tapa.

Gléasanna sofaisticiúla siamsaíochta atá inár ngutháin ar na saolta seo. A bhuí leis na meáin shóisialta amhail TikTok, is féidir físeán i ndiaidh físeáin a chur ar fáil a bhíonn dírithe go sonrach ar na hábhair spéise dúinn. Mar thoradh air sin, bíonn cathú na meán sóisialta an-láidir, agus bíonn sé ina chúis le seachmall síoraí féideartha. Tá níos mó i gceist leis an treocht le haghaidh ábhar gearrfhoirme a thugann sástacht láithreach ná díreach ár nósanna i leith úsáid na meán sóisialta. Tá seans ann gur comhartha é sin go bhfuil ár réisí aire ag crapadh, i ndáiríre.

Mar sin féin, an í an teicneolaíocht atá taobh thiar den tionchar sin? De réir staidéar amháin  bíonn daoine a imríonn físchluichí ag leibhéal an “saineolaí” “i bhfad níos airí ná imreoirí nach saineolaithe iad.” Anuas air sin, ba é tátal an staidéir gur féidir “cineálacha áirithe cluichí a úsáid mar uirlisí chun feidhmeanna inchinne cognaíche níos airde a athrú, cuir i gcás an aire, go háirithe sna baill sin den tsochaí a fhulaingíonn ó neamhoird aire a théann i bhfeidhm orthu ar bhonn laethúil.” Mar sin, is féidir le teicneolaíocht ar nós físchluichí (nuair a bhaintear úsáid astu sa chomhthéacs ceart) a bheith in ann tionchar dearfach a imirt ar ár réise aire, i ndáiríre.

Cé go dtugann gutháin rochtain láithreach ar fhaisnéis, cuireann siad rochtain láithreach ar shiamsaíocht ar fáil freisin, cuir i gcás na meáin shóisialta. Is deacair go leor an seachmall ollmhór sin a shárú, go háirithe má bhíonn tú ag cur ama amú go minic, agus d’fhéadfá a bheith i bponc más rud é nach féidir leat coinneáil suas le d’ualach oibre. Mar sin, má bhíonn tú ag iarraidh breith ar do ghuthán go rómhinic, b’fhéidir gur cheart duit aghaidh a thabhairt ar do nósanna scrollála. Ach cad is féidir leat a dhéanamh chun d’andúil scáileáin a leigheas?

Is íorónta go leor é ach d’fhéadfadh an réiteach ar an scéal a bheith ag an nguthán é féin. Tá go leor bealaí ann chun d’am scáileáin a sheiceáil ar fhóin chliste nua-aimseartha a thaispeánann cé mhéad ama a chaitheann tú ar gach aip. Ina theannta sin, tá socrúcháin ag gutháin chun aipeanna ar leith a chur faoi ghlas le hamadóir. Spreagtar dá bharr sin babhtaí níos sláintiúla d’úsáid na meáin shóisialta, seachas a bheith de shíor ag scrolláil, mar go mbíonn ort srian a chur leis an méid ama a chaitheann tú ar aipeanna ar féidir le daoine éirí an-tugtha dóibh. Tá modh ciúin ar chuid mhaith guthán go fiú lena gcuirtear an guthán faoi ghlas go hiomlán, rud a choinníonn tú saor ó sheachmaill agus a chinntíonn go mbíonn tú in ann díriú ar chúrsaí gan bheith ag iarraidh iad a chur ar an méar fhada.

Is féidir é a bheith ina chuidiú leat freisin má chruthaíonn tú bacainní idir an gléas a úsáideann tú i gcomhar siamsaíochta agus an gléas a úsáideann tú don obair freisin. Mar shampla, déan iarracht do ghuthán a choinneáil le haghaidh úsáide pearsanta, agus do ríomhaire glúine a choinneáil le haghaidh cúrsaí oibre nó staidéir amháin.

I ndeireadh na dála, nuair a úsáideann tú teicneolaíocht le haghaidh cúrsaí oibre nó staidéir, bíonn sé furasta go leor imeacht ar seachrán de dheasca scáileáin eile atá níos suimiúla. Na modhanna atá pléite againn san alt seo, braitheann siad go léir ar nósanna teicneolaíochta níos sláintiúla a ghlacadh a ligfidh duit díriú ar an obair, agus braithfidh tú níos táirgiúla agus beidh tú ar do ar do shuaimhneas i ndiaidh na hoibre a bhuí leis. Trí úsáid a bhaint as na meáin shóisialta agus as an tsiamsaíocht mar luach do shaothair, is féidir leat caidreamh níos sláintiúla a chruthú le do ghléasanna, agus do réise aire a fheabhsú san am céanna.

I gcomhpháirt le EURES, an Tairseach Eorpach um Shoghluaisteacht ó Phost go Chéile.

 

Naisc ghaolmhara:

An bhfuil muintir na hEorpa greamaithe dá scáileáin?

Impact of Action Video Gaming Behavior on Attention, Anxiety, and Sleep Among University Students

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí Ar Líne atá ag teacht aníos

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Leideanna agus Moltaí
  • Óige
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.