Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta6 Meitheamh 2023An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 5 nóiméad

Poist ghlasa a bhfuil an-tóir orthu in 2023

Agus tús á chur againn lenár ngairmeacha beatha, bíonn go leor againn ag iarraidh tionchar dearfach a imirt. Tá an t-athrú aeráide ar cheann de na dúshláin is mó ar domhan, agus tá an oiread sin post ardtionchair le fáil in earnáil an chomhshaoil. Féachtar san alt seo ar na ‘poist ghlasa’ is mó atá a bhfuil tóir orthu.

In-demand green jobs in 2023

Thart ar 10 nó 20 bliain ó shin, ní raibh cuid de na poist seo ann. Bhí poist eile ann, ach bhí cuma an-difriúil ar an scéal. Agus sinn ag iarraidh todhchaí ár bpláinéid a chosaint, tá scileanna glasa ag éirí níos tábhachtaí ná riamh.

Cé nach furasta ‘poist ghlasa’ a shainiú, is é atá i gceist leo go ginearálta poist atá dírithe ar an gcomhshaol – cuir i gcás poist a bhaineann le hacmhainní nádúrtha agus le spásanna an domhain a chosaint, agus astaíochtaí agus tionchair dhíobhálacha á dteorannú ag an am céanna. Seo cuid de na poist is mó a bhfuil tóir orthu faoi láthair.

Innealtóir fuinnimh in-athnuaite

Bíonn gá i gcónaí ag cuideachtaí fuinnimh le hinnealtóirí oilte. San am a d’imigh thart, ba sna hearnálacha ola, guail agus gáis formhór na bpost. De réir mar a théann earnáil an fhuinnimh in-athnuaite i méid, tá méadú ag teacht ar líon na bpost fuinnimh ghlais freisin. Mar shampla, d’fhéadfá a bheith i do shuiteálaí painéil gréine nó i do theicneoir tuirbín gaoithe. Beidh go leor scileanna úsáideach ar fud na ról éagsúil, mar sin agus na scileanna cearta agat, beidh an-tóir ort.

Innealtóir sibhialta

Mar innealtóir sibhialta, déanfaidh tú foirgnimh agus struchtúir eile a dhearadh. Ar na saolta seo, cuireann rialacha inbhuanaitheachta iallach ar thionscadail tógála cur amú fuinnimh agus acmhainní eile a sheachaint. Mura mbíonn tú i mbun foirgnimh a dhearadh, d’fhéadfadh post sa phleanáil inbhuanaithe baile a bheith ní b’oiriúnaí duitse. Breathnaíonn pleanálaithe baile ar spásanna uirbeacha ar bhealach leathan chun iad a dhéanamh níos glaise agus ‘ciorclach’, rud a chiallaíonn go n-athúsáidtear iontu acmhainní agus go seachnaítear iontu dramhaíl. D’fhéadfá a bheith i do bhainisteoir tionscadail freisin, rud a chiallódh go mbeifeá i gceannas ar thionscadail tógála ó lá go lá.

Eolaí

Mar eolaí comhshaoil, déanfaidh tú faisnéis a bhailiú, a anailísiú agus a chur i láthair chun cabhrú leis an bpláinéad a chosaint. D’fhéadfadh do chuid oibre cabhrú chun freagraí a fháil ar chuid de na dúshláin is mó ar domhan, cuir i gcás an t-athrú aeráide. D’fhéadfá díriú freisin ar ghnéithe ar leith de sin amhail cáilíocht an uisce, na hithreach nó an aeir. D’fhéadfá a bheith i do chomhairleoir nó i do speisialtóir freisin, rud a chiallódh go mbeadh sé mar chuid de do phost cabhrú le heagraíochtaí a bheith níos glaise agus níos inbhuanaithe.

Bainisteoir iascaigh

Post bainistíochta tionscadal a d’fhéadfadh a bheith ní ba shonraí é post mar bhainisteoir iascaigh. Mar chuid den ról sin, bheadh ort stoic éisc a bhainistiú, rud atá thar a bheith tábhachtach ó thaobh na bithéagsúlachta de. D’fhéadfá a bheith ag plé freisin le gnéithe dlíthiúla agus fiú le héigeandálaí, cuir i gcás doirteadh ola.

Crannlia

Más mian leat a bheith gníomhach agus lasmuigh faoin aer, d’fhéadfadh an chrannliacht a bheith ar do shon. Ní bhaineann an ghairm seo le crainn a ghearradh síos. Tá sé dírithe go mór mór ar an gcomhshaol freisin. Is éard atá i gceist leis an gcrannliacht crainn agus toir nua a chur, aire a thabhairt do chrainn mhíshláintiúla, agus an timpeallacht nádúrtha a chosaint go ginearálta. Ar an gcaoi chéanna, caomhnaíonn foraoiseoirí foraoisí agus déanann siad iad a athghiniúint, lena n-áirítear iad a chosaint ar ghalair agus ar fhalscaithe, agus dul i ngleic leis an dífhoraoisiú.

Dearthóir táirge

Ní mór do dhearthóirí táirgí táirgí a chruthú a mhaireann níos faide, a oibríonn ar bhealach níos éifeachtúla, agus a mbíonn tionchar níos lú acu ar an gcomhshaol. Is féidir le táirgí glasa a bheith éagsúil óna chéile, cuir i gcás an pacáistiú in-athchúrsáilte agus gluaisteáin leictreacha. Sampla suimiúil eile is ea éadaí. Chun go mbeadh táirgeadh éadaí in ann a thionchar ar an gcomhshaol a laghdú, lena n-áirítear dramhaíl ó ‘mearfhaisean’, tá dearthóirí faisin ag teastáil chun éadaí a dhearadh ina n-úsáidtear ábhair athchúrsáilte agus a mhairfidh níos faide.

Cé go mb’fhéidir nach cosúil le gnáthphoist ghlasa iad roinnt de na gairmeacha sin, léiríonn an sampla thuas go bhfuil go leor bealaí ann chun gairm bheatha a aimsiú a mbeadh tionchar dearfach aige ar an gcomhshaol, is cuma cad iad do láidreachtaí féin nó cén earnáil ina n-oibríonn tú.

Coinnigh aigne oscailte agus coinnigh do spriocanna i gcuimhne – tá go leor post glas ann duit!

I gcomhpháirt le EURES, an Tairseach Eorpach um Shoghluaisteacht ó Phost go Chéile.

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Nuacht agus ImeachtaíEURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Leideanna agus Moltaí
  • Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
  • Nuacht/tuarascálacha/staitisticí
  • Treochtaí earcaíochta
  • Óige
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Real estate activities
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.