Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta21 Aibreán 2023An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 4 nóiméad

Ceithre riail órga chun déileáil le siondróm an phasadóra san ionad oibre

Is mothúchán neamhdhóthanachta é siondróm an phasadóra a théann i bhfeidhm ar go leor daoine, fiú nuair a bhíonn rath orthu ina réimse. Is féidir leis dul i gcion ar dhaoine sa chaoi is go mbraitheann siad mar nach bhfuil a rath tuillte acu agus nach bhfuil siad chomh cumasach le daoine eile. Seo conas déileáil leis.

Four golden rules to deal with imposter syndrome in the workplace

Cuimhnigh ar do chuid éachtaí

Is féidir le siondróm an phasadóra dul i gcion ort sa chaoi is go ndéanann tú beag is fiú de do chuid éachtaí nó fiú go ndéanann tú neamhaird ar fad orthu. Mar sin, tá sé tábhachtach díriú ar do chuid éachtaí agus cur i gcuimhne duit féin cén fáth go bhfuil tú cáilithe don ról atá agat. In ionad a bheith ag cuimhneamh ar an rath atá ort mar iarracht den ádh, ba chóir duit na bealaí ar tusa an duine is fearr le haghaidh an phoist a chur síos ar pár. Is féidir le rudaí a chur ar pár cabhrú leat d’intinn a ghlanadh agus do chuid éachtaí a aithint. Ba cheart duit cuntas a choinneáil freisin de na tuairimí dearfacha go léir a rinne cliaint maidir le tionscadail ar ghlac tú páirt iontu. Bealach iontach é sin chun machnamh a dhéanamh ar do chuid éachtaí ar shlí níos soiléire agus is bealach éifeachtach é freisin chun dul i ngleic le siondróm an phasadóra.

Comhroinn an chaoi a mothaíonn tú

Tá siondróm an phasadóra coitianta go leor san ionad oibre, agus níl tú leat féin ag déileáil le féin-amhras. Is féidir é a bheith ina mhothúchán a scoitheann amach ó dhaoine eile thú, mar sin tá sé tábhachtach labhairt fúthu le duine ag an obair. Má choinníonn tú do chuid mothúchán duit féin d’fhéadfadh sé a bheith díobhálach do d’fholláine intinne, rud a chuirfeadh borradh faoi shiondróm an phasadóra agus mar sin bheadh sé ní ba dheacra déileáil leis ag an obair. Is féidir leis an spreagadh a fhaigheann tú ó chomhghleacaithe cabhrú leat d’fhócas a athdhíriú agus dearcadh úr a chur ar fáil maidir leis an bhfíorluach a chuireann tú ar fáil do do chuideachta.

Cuir deireadh le bheith do do chur i gcomparáid le daoine eile

Is féidir leis a díobhálach don fhéinmhuinín tú féin a chur i gcomparáid le daoine eile san ionad oibre, go háirithe má bhíonn tú thíos le siondróm an phasadóra. Bíonn sé furasta in amanna díriú ar rath daoine eile, agus neamhaird á tabhairt agat ar an rath atá bainte amach agat féin. Is minic nach mbíonn tuiscint againn ar an méid a bhíonn ag titim amach i saoil daoine eile. Má ghlacann tú nóiméad chun do mhachnamh a dhéanamh air, ní bhíonn an chuid is mó de do chomhghleacaithe ag déanamh rud ar bith nach mbeifeá in ann é a dhéanamh ach an oiread. Tá sé tábhachtach rudaí a fheiceáil ina gceart agus díriú ar do chuid éachtaí féin a mheas seachas iad a chur i gcomparáid le héachtaí do chomhghleacaithe. Má bhíonn tú i mbun comparáid a dhéanamh go minic idir tú féin agus daoine eile ag an obair, cuimhnigh ar do chuid éachtaí féin agus bíodh a fhios agat go mbíonn gach éinne thíos le siondróm an phasadóra ó am go chéile.

Taispeáin an méid atá bainte amach agat

Is féidir é a bheith amscaí a bheith ag caint faoinár láidreachtaí agus faoinár n‑éachtaí. Níl éinne ag iarraidh go bhfeicfí orthu mar rómhuiníneach ná sotalach. Mar sin féin, is fearr in amanna aitheantas a thabhairt go gníomhach agus aird a tharraingt ar an méid atá bainte amach agat, go háirithe má bhíonn tú ag iarraidh dul i ngleic le siondróm an phasadóra. An chéad uair eile a bhraitheann tú go bhfuil an-chuid curtha agat le tionscadal nó le tasc, ba cheart duit é a cheiliúradh le d’fhoireann agus le do mhuintir. Ba cheart duit gan aird a tharraingt de do ról nó beag is fiú a dhéanamh de agus dul i dtaithí ar aitheantas a fháil ar do chuid éachtaí.

D’fhéadfá áit a bhaint amach duit féin i saol na fiontraíochta le smaoineamh iontach gnó, ach d’fhéadfadh gnáthamh laethúil láidir cabhrú leat do bhealach a dhéanamh i dtreo an ratha. Más fiontraí óg thú, féach na leideanna seo chun cabhrú leat do spriocanna a bhaint amach.

 

Naisc ghaolmhara:

An fiontraí óg thú? Cabhróidh na nósanna seo leat a bheith níos rathúla

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Gnó / Fiontraíocht
  • Leideanna agus Moltaí
  • Óige
Cuid(eanna) gaolmhara
  • Cúnamh agus tacaíocht
  • Leideanna agus Moltaí
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.