Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó
EURES (EURopean Employment Services)
  • Alt nuachta
  • 17 Feabhra 2022
  • An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
  • Am léitheoireachta: 4 nóiméad

Conas a tháinig athrú ar chuardach oibre?

Le blianta beaga anuas, tá go leor gnólachtaí tar éis deireadh a chur de réir a chéile leis an ionad oibre traidisiúnta agus bealaí nua dinimiciúla oibre agus earcaíochta a chur ina ionad. Más rud é go bhfuil tú ag cuardach deise in 2022, coinnigh na cúig nithe seo a leanas i gcuimhne.

How has job hunting changed?
EURES
  1. Roghanna maidir le cianobair

A bhuí le hardáin chomhoibríocha ar líne amhail Zoom, Microsoft Teams agus GoToMeeting, tá obair mar fhoireann ó shuíomhanna éagsúla i bhfad níos éasca ná mar a bhí san am atá caite. B’fhéidir nach gá duit do chuardach poist a dhíriú ar limistéar amháin mar go bhféadfá an obair a dhéanamh ón áit ina mbíonn tú mar gheall ar roghanna cianoibre. Trí do chuardach a leathnú go geografach, beidh rochtain agat ar thuilleadh deiseanna agus b’fhéidir go mbeifeá in ann tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh i do ghairmréim. Ionas nach gcuirfear as an áireamh thú maidir leis an bpost foirfe sin a fháil, mar gheall ar do shuíomh, fiafraigh d’fhostóirí ionchasacha faoina gcuid beartas um chianobair nó um obair hibrideach chun tuiscint a fháil ar an leibhéal solúbthachta atá acu.

  1. Tá móréileamh ar agallaimh fhíorúla

De thairbhe nach mbíonn obair san oifig chomh coitianta is a bhí roimhe seo, tá agallaimh ar líne á reáchtáil níos minice. Sábhálann sé seo am agus airgead don chuideachta agus duitse araon! Dá mbeifeá gafa sa trácht ar an mbealach chuig agallamh, nó gan áit pháirceála a bheith agat, chuirfí strus agus imní breise leis an bpróiseas. Mar sin, trí fhreastal ar agallaimh ón mbaile, bheifeá in ann freastal ar níos mó agallamh agus an strus a bhaint ón gcuardach poist. Is dócha go mbeadh físcheamara de dhíth ort (fiú an ceamara ar d’fhón cliste) chun dul faoi agallamh le haghaidh poist. Bí cinnte go bhfuil tú eolach maidir lena úsáid, go bhfuil nasc idirlín láidir agus soilsiú maith ann chun dul i bhfeidhm ar agallóir/agallóirí don chéad uair go fíorúil ar bhealach gairmiúil.

  1. Tá sé tábhachtach do líonra ar líne a chothabháil

Ar nasc tú le do chomhghleacaithe ar LinkedIn? Is bealach éasca agus éifeachtach iad na hardáin sin do chuideachtaí maidir le hearcaíocht a dhéanamh. Trí nascadh le comhghleacaithe lena mbuaileann tú le linn do ghairmréime, is féidir na deiseanna atá agat a mhéadú go suntasach amach anseo. Is minic a chuireann fostóirí a gcuid folúntas chun cinn ar ardáin ar nós LinkedIn agus d’fhéadfadh fostaíocht a bheith mar thoradh ar  theachtaireacht shimplí a chur chucu chun cur in iúl dóibh go bhfuil spéis agat i bpost nó ar do scileanna ar leith a fhógairt ann. . Dá mhéad duine lena bhfuil tú nasctha agus dá mhéad atá do CV cothrom le dáta, d’fhéadfadh tionchar a bheith acu siúd ar líon na gcuirí a fhaigheann tú chun iarratas a dhéanamh ar róil nua. Má tá post nua á lorg go hoscailte agat, is féidir fostóirí a chur ar an eolas trí do stádas próifíle a athrú.

  1. Is féidir leat poist a chuardach agus iarratas a dhéanamh ar phoist tráth ar bith

Má tá fón cliste agat, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar phoist ó áit ar bith, tráth ar bith! Nuair a bheidh do CV uaslódáilte ar láithreáin ghréasáin amhail tairseach EURES nó sábháilte i gcomhad ar do ghuthán, is féidir leat poist a chuardach agus iarratais a dhéanamh láithreach. Dá mbeifeá ar an mbealach chuig an obair, ar shos lóin nó i do shuí i bpáirc, is féidir súil a choinneáil ar na folúntais is déanaí agus líon na n-iarratas a dhéanann tú a mhéadú. Tá EURES portal lán d’fholúntais i 31 tír Eorpacha agus tá Comhairleoirí EURES ar fáil chun cabhrú leat le do chuardach post tráth ar bith. Tá sé níos éasca anois ná mar a bhí riamh iarratas a dhéanamh ar phost. Trí chúig nóiméad a chaitheamh ar do chuardach gach lá, déanfar difear, go háirithe mura bhfuil cuid mhór ama agat.

  1. Tá do scileanna níos tábhachtaí ná do theideal post reatha

San am atá caite, leagtaí go leor béime ar theidil phoist ach, i dtimpeallacht atá ag athrú, tá fostóirí ag díriú ar inoiriúnaitheacht, ar iontaofacht (go háirithe i gcásanna cianoibre), ar réiteach fadhbanna agus ar scileanna a bhaineann go sonrach le post. Agus aird á tabhairt air sin, tá sé tábhachtach gan do mhisneach a chailleadh mar gheall ar do theideal poist, ach ba chóir duit díriú ar na scileanna atá le tairiscint agat. Má tá suim agat in uasoiliúint a dhéanamh, tá go leor cúrsaí ar líne saor in aisce ar féidir leat clárú orthu chun a thaispeáint go bhfuil tú toilteanach foghlaim agus forbairt.

Chun tuilleadh leideanna a fháil maidir lenár bpoist a chuardach, féach ár ‘6 leid is fearr maidir le líonrú éifeachtach ar líne’.

 

Naisc ghaolmhara:

Zoom

Microsoft Teams

GoToMeeting

LinkedIn

Tairseach EURES

Na 6 leid is fearr maidir le líonrú éifeachtach ar líne

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Coinníollacha maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Leideanna agus Moltaí
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.