Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta12 Aibreán 2022An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 4 nóiméad

Conas filleadh ar an obair tar éis sos fada gairme

Cé acu a bhí nó nach raibh ort do phost a fhágáil chun aire a thabhairt do dhuine den teaghlach nó toisc go raibh tú ar saoire thuismitheoireachta nó ar saoire shabóideach – is féidir le filleadh ar an obair tar éis sos fada gairme a bheith scáfar. Seo roinnt leideanna chun cabhrú leat dul i dtaithí arís ar shaol na hoibre.

How to get back to work after a long career break

Eolas faoin athrú atá tagtha ar do thionscal

Tagann athrú ar gach tionscal le himeacht ama, ach roinnt níos mó ná a chéile. Tá sé tábhachtach go ndéanfaidh tú roinnt léitheoireachta ar an gcaoi ar athraigh d’earnáil le linn do shosa gairme. Is féidir leat é sin a dhéanamh, mar shampla, trí na suíomhanna gréasáin a bhaineann go sonrach le do thionscal agus na meáin shóisialta a sheiceáil. Ná bíodh eagla ort a bheith páirteach i líonraí agus i bhfóraim thionscal-sonracha agus dul i muinín do phiaraí le haghaidh comhairle.

Do chuid scileanna a athnuachan

D’fhéadfadh sé go mbeadh éileamh níos mó tar éis teacht ar shraith nua scileanna le linn do shosa gairme. Nó b’fhéidir go mbeadh ort do chuid scileanna gairmiúla a athnuachan toisc nár úsáid tú le tamall iad. Cibé cúis atá leis, glac an t-am le do chuid scileanna gairmiúla a chleachtadh nó a athnuachan. Mar shampla, is féidir leat cúrsa athnuachana a dhéanamh ar líne nó sa phobal áitiúil.

Do CV a nuashonrú

Anois agus tú ag iarraidh dul ar ais ar an margadh fostaíochta, ní mór duit do CV agus do phróifíl LinkedIn (má tá ceann agat) a nuashonrú. Bí cinnte aon scileanna ábhartha mar aon le do chuid taithí oibre a áireamh agus aon rud nach mbaineann leis na cineálacha post a mbeidh tú ag cur isteach orthu a thógáil amach. Ná bíodh faitíos ort an bhearna i do stair fostaíochta a thaispeáint. Is féidir míniú (an-ghearr) a chur léi i do CV.

Déan teagmháil le Comhairleoir EURES

Cuireann EURES bunachar sonraí saibhir folúntas ar fáil chun cabhrú leat le do chuardach poist. Is féidir leat freisin teagmháil a dhéanamh le Comhairleoir EURES i do thír chun tuilleadh a fhoghlaim i dtaca le conas is féidir le EURES cabhrú leat do CV a chur le chéile agus post a aimsiú. Le breis agus 3 mhilliún folúntas, is í tairseach EURES an áit is fearr duit agus tú ag filleadh ar an margadh saothair!

Teagmháil a dhéanamh le do líonra

Má bhí tú mar chuid de líonra gairmiúil gníomhach sular ghlac tú sos gairme, is mithid duit anois leas a bhaint as. Ní bheadh a fhios agat cá as a dtiocfadh deis fostaíochta. Sa chás is measa, is féidir leat comhairle agus leideanna a fháil ó dhaoine sa tionscal.

Machnamh a dhéanamh ar do shos gairme

Díreach toisc nach raibh tú fostaithe le linn tréimhse áirithe, ní chiallaíonn sé sin nár fhoghlaim tú scileanna nua lena linn. Smaoinigh ar na scileanna agus an taithí atá faighte agat le linn do shosa gairme – go háirithe scileanna boga amhail athléimneacht agus solúbthacht.

Smaoinigh ar an gcaoi ar féidir neart a chur leis an mbearna i do stair fostaíochta. Seans go gcuirfear ceist ort faoi sin in agallaimh phoist.

Ná bíodh eagla ort tabhairt faoi dhúshláin nua

Is féidir le filleadh ar an obair tar éis sos gairme fada a bheith dian ort. Tá gach seans go mbeidh an chéad chúpla seachtain, nó na chéad mhíonna fiú, deacair ort. B’fhéidir go mbeadh sé deacair ort dul in oiriúint do bheith ag taisteal chun an ionad oibre go laethúil nó do lá oibre ocht n-uair an chloig. Tá tú níos láidre ná mar a cheapann tú, agus le himeacht ama rachaidh tú i dtaithí arís ar an saol oibre.

Faigh amach cad atá de dhíth ort

Is é an t-am ceart chun machnamh a dhéanamh ar an treo gairmiúil inar mian leat dul ná le linn sos gairme fada. Déan smaoineamh ar cé acu is mian leat leanúint ar aghaidh sa réimse céanna, aistriú go fo-earnáil eile, nó tosú amach ar conair ghairme nua. Ag brath ar do roghanna, is féidir leat roghanna éagsúla athoiliúna a fhiosrú, amhail cúrsaí, ranganna, tréimhsí oiliúna agus printíseachtaí ar líne.

Bí leanúnach agus muiníneach

B’fhéidir go dtógfadh sé tamaillín sula bhfaighidh tú cuireadh chun agallaimh – is é an rud is tábhachtaí leanúint ort agus gan deireadh a chur leis an gcuardach. Agus tú ag dul chun agallaimh, bí muiníneach as do chuid scileanna agus cáilíochtaí. Ní shainíonn an bhearna ghairme cé thú féin. Go deimhin, d’fhéadfadh sé a bheith ar do shócmhainn is mó.

Is cuma más saoroibrí uaillmhianach nó úinéir cuideachta thú, tá ról tábhachtach ag na meáin shóisialta maidir le do cháil a fhorbairt. D’ullmhaíomar ocht leid riachtanacha chun cabhrú leat dea-íomhá ghairmiúil a thaispeáint.

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedI

 

Ábhair
  • Leideanna agus Moltaí
Cuid(eanna) gaolmhara
  • Leideanna agus Moltaí
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.