
Ba é Józsi Kotroczo duine de na tairbhithe sin, a oibríonn anois ag Elektro Müller, cuideachta innealtóireachta leictrí atá lonnaithe i mbaile mór Soldau. Tá saoránacht na hUngáire agus na Rómáine ag Józsi, ach bhí cónaí air sa Rómáin le blianta fada sular aistrigh sé chun na Gearmáine. Bhí sé ag déanamh staidéir dá scrúduithe fágála scoile nuair a bhuail sé le Marianne Perrin, Comhairleoir EURES ag Seirbhísí Socrúcháin Idirnáisiúnta na Gníomhaireachta Cónaidhme Fostaíochta (ZAV). Thug Marianne cuairt ar a scoil i mbaile mór Ineu, gar do Arad, chun deiseanna a chur i láthair maidir le cónaí, foghlaim agus obair in Heidekreis. Le tacaíocht ó Sceim Soghluaisteachta Spriocdhírithe EURES, ón tSeirbhís Fostaíochta Phoiblí réigiúnach agus ón Ionad Fáilte áitiúil, thug foireann Marianne cuireadh do cheathrar oiliúnaithe ionchasacha chun cuairt a thabhairt ar Heidekreis, chun bualadh le fostóirí agus chun a shamhlú go raibh siad ina gcónaí ann.
Ag cuidiú le fostóirí áitiúla dul i ngleic le neamhréireanna i ndáil le scileanna
Ba é Patrick Müller, úinéir Elektro Müller duine de na fostóirí. “Sa lá atá inniu ann tá sé an-deacair daoine óga a fháil a bhfuil suim acu sa cheird [an innealtóireacht leictreach]”, a deir Patrick. “Is mian le go leor céimithe scoile printíseacht nó staidéar a dhéanamh sa réimse tráchtála. Sin an fáth a bhfuilimid an-sásta mar chuideachta nuair is mian le daoine ó thar lear tús a chur le printíseacht linn anseo in Heidekreis,” a mhíníonn sé. “Is minic a thairgtear poist an-mhaith i gceantair thuaithe agus dálaí maireachtála maithe freisin (luach ar airgead, bonneagar do theaghlaigh, etc.) ach is gnách gur fearr leis na hiarrthóirí na cathracha móra,” a deir Marianne leis. “Tá neamhréir shuntasach againn anseo agus bhíomar ag iarraidh aghaidh a thabhairt uirthi trí na buntáistí a bhaineann le cónaí agus obair i gceantair thuaithe a mhíniú go soiléir agus na buntáistí sin a chur chun cinn.”
Dúshláin a bhaineann le teanga agus leis an bpaindéim a shárú
Ós rud é go mbíonn foghlaim scoilbhunaithe i gceist leis an ngairmoiliúint, bhí ardscileanna Gearmáinise de dhíth ar na hoiliúnaithe. I dtús báire, bhí sé dúshlánach fostóirí a aimsiú mar gheall air sin. Mar sin féin, bhí na mic léinn uaillmhianacha toilteanach tabhairt faoi chúrsaí teanga agus fuair Marianne trí ghnólacht – lena n-áirítear Elektro Müller – a thairg tréimhsí oiliúna dóibh, lena n-áirítear tréimhse fhada ullmhúcháin chun feabhas a chur ar a gcuid Gearmáinise.
Tamall gairid tar éis dóibh an áit a bhaint amach, tháinig tuilleadh deacrachtaí mar gheall ar phaindéim COVID-19. Ní raibh na hoiliúnaithe óga in ann a dtithe nua a fhágáil agus bhí orthu na cúrsaí teanga a dhéanamh ar líne. Bhí baol ann go bhfillfidís abhaile, mar sin d’oibrigh Marianne leis na fostóirí, leis an Ionad Fáilte agus leis an scoil teanga chun tacú leo agus iad a spreagadh. “Is dea-shampla é i mo bharúil nach amháin go bhfuil EURES ina líonra iontach uile-Eorpach a chuireann go leor deiseanna ar fáil, ach go n-osclaíonn EURES na doirse freisin do líonraí breise – cinn áitiúla atá speisialaithe i ndáiríre chun cabhrú ar an láthair,” a deir sí.
Ag socrú isteach go maith
D’éirigh le Józsi na dúshláin sin a shárú agus shocraigh sé isteach go maith sa saol sa Ghearmáin. “Tá an-dúil agam sa saol in Heidekreis. Tá na daoine anseo cairdiúil agus cabhrach,” a deir sé. Agus é ag teacht as réigiún tuaithe den Rómáin atá comhchosúil leis an áit a bhfuil sé, tá taitneamh á bhaint aige as a ghnáthchaithimh aimsire, amhail sacar agus reathaíocht, i dtimpeallacht chompordach. “Is maith liom go bhfuil cónaí orm gar do mo láthair oibre agus is féidir liom beagnach gach rud a dhéanamh gan charr,” arsa Józsi.
Agus é ag machnamh ar an eispéireas, níl moill ar Józsi aitheantas a thabhairt don tacaíocht a fuair sé. “Tar éis dúinn aistriú, d’eagraigh an tIonad Fáilte árasáin dúinn agus chabhraigh sé linn le foirmiúlachtaí amhail clárú, coinní dochtúra, siopadóireacht, árasán a lorg, troscán a lorg, conarthaí fón póca, cuntais bhainc, etc. Ba mhór an chabhair í sin,” a deir sé. “D’fhág an tacaíocht airgeadais ó EURES gurbh fhéidir liom m’aistriú chun na Gearmáine a mhaoiniú,” a dúirt Józsi. “Gan an sonc seo, is dócha nach mbeinn anseo.”
Más spéis leat a bheith ag obair thar lear, déan ár bhfolúntais a bhrabhsáil nó téigh i dteagmháil le Comhairleoir EURES.
Naisc ghaolmhara:
Téigh i dteagmháil le Comhairleoir EURES
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoirí EURES
Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES
Bunachar Sonraí Post EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire Imeachtaí EURES
Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath
EURES ar Facebook
EURES ar Twitter
EURES ar LinkedIn
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 7 Iúil 2022
- Údair
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- Laethanta Fostaíochta/Imeachtaí
- Treochtaí earcaíochta
- Scéalta ratha
- Óige
- Cuid(eanna) gaolmhara
- Earnáil
- Electricity, gas, steam and air conditioning supply