Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta6 Meitheamh 2017An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 5 nóiméad

Filleadh abhaile: Saol na bhfillithe ar an bPolainn á dhéanamh níos éasca

Is nós nádúrtha le daoine taisteal agus iad féin a athlonnú agus a bheochan. Chun an fhírinne a rá, is é ceann de na fothorthaí ar an domhandú go mbímid ag bogadh i gcónaí. Tá a mhalairt ar fad ag tarlú le tamall anuas, áfach. Ar na saolta seo, bíonn ar intinn ag níos mó agus níos mó Polannach a chónaíonn thar lear dul abhaile. Cé go bhfuil sé de nós acu le 15 bliana anuas an tír a fhágáil chun triall ar fhéar glas na gcnoc i bhfad uathu, tarlaíonn sé go bhfuil Polannaigh ar lorg oibre ina dtír dhúchais arís. San am atá thart, ba ghnách a fhiafraí díobh cén fáth ar mhaith leo filleadh abhaile. Sa lá atá inniu ann, is gnách a fhiafraí díobh cén uair a dhéanfaidh siad amhlaidh...

Homecoming: Polish returnees’ lives made much easier

Dar le Mateusz Morawiecki, Leas-Phríomh-Aire na Polainne, meastar go bhfillfidh idir 100,000 Polannach agus 200,000 Polannach atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe ar an tír. “Feiceann Polannaigh anois go bhfuil deiseanna corraitheacha ar fáil dóibh sa bhaile”, arsa Morawiecki. Is amhlaidh, mar gheall ar an mborradh atá ag teacht faoi gheilleagar na Polainne, gur mó deiseanna anois ná am ar bith riamh. Maidir leis an gcuid is mo de dhaoine, áfach, a bhfuil tréimhse shuntasach ama caite acu thar lear, d’fhéadfadh go mbeadh sé doiligh filleadh ar an tír an athuair. D’fhéadfadh nárbh ionann an áit ar a bhfilleann tú agus an áit ar fhág tú. Is dócha go mbeidh an saol difriúil ón saol lena raibh tú ag súil leis freisin.

Zielona Linia ar fáil chun cabhrú le daoine ina leith sin, áfach. Tá Zielona Linia ina sheirbhís náisiúnta Fostaíochta Poiblí a thugann cúnamh d’fhillithe socrú síos sa Pholainn an athuair. Tá feachtas dar teideal “An bhfuil tú ag filleadh ar ais ar an bPolainn?” ar siúl ag an ngníomhaireacht faoi láthair. Dírítear ann ar Pholannaigh a chónaíonn thar lear agus a bhfuil sé socraithe acu filleadh abhaile. Chun faisnéis a fháil faoin bpróiseas, tabhair cuairt ar láithreán gréasáin an fheachtais ag http://powroty.gov.pl. Is é sprioc an fheachtais plé le filleadh abhaile agus faisnéis atá mionsonraithe, uilechuimsitheach agus cothrom le dáta a sholáthar faoi na foirmiúlachtaí ar dóigh d’fhillithe Polannacha déileáil leo. Tá faisnéis ar fáil as líne freisin. Ullmhaíodh bileog chlóite chun tacú leis an tionscnamh agus chun é a chur chun cinn. Tá an bhileog ar fáil i bPolainnis agus i mBéarla araon agus tugtar sonraí inti faoi na príomhréimsí inar féidir le daoine faisnéis agus tacaíocht a fháil.

Dar le Edyta Jaremko-Kuśmirak, Comhairleoir de chuid na Seirbhíse Fostaíochta Poiblí, is é an cuspóir atá ag an bhfoireann cabhrú le Polannaigh déileáil le gach ceann de na saincheisteanna dlíthiúla, riaracháin agus pobail lena mbaineann, mar aon le haon saincheisteanna síceolaíocha atá ann. Tagann raon leathan topaicí fúthu sin, mar shampla: clárú leis an oifig shaothair chun poist a chuardach, saincheisteanna cánach agus, rud ba chasta fós, sochair a aistriú chuig an bPolainn. I measc na seirbhísí eile a sholáthraítear tá faisnéis faoi conas cistí a fháil chun do ghnó féin a chur ar bun, tacaíocht fostaíochta, leideanna maidir le CV a ullmhú agus cúrsaí oiliúna. Tugann Edyta agus a foireann cúnamh maidir le hábhair íogaire freisin, mar shampla, suaitheadh cultúir aisiompaithe, an dóigh a bhfuil na leanaí ag dul i dtaithí ar thimpeallacht nua (tar éis dóibh dul i dtaithí ar thimpeallacht nua cheana féin), agus an scoil cheart a roghnú.

“Cabhraímid leis na daoine sin a bhfuil sé socraithe acu cheana féin gur mhaith leo filleadh abhaile. Mar sin féin, ní théimid i bhfeidhm ar aon chinneadh atá á dhéanamh ar cé acu ba cheart nó nár cheart do dhaoine filleadh abhaile,” arsa Agnieszka Juźwiuk, comhairleoir fostaíochta de chuid Zielona Linia agus eagarthóir ar láithreán gréasáin na gníomhaireachta.

Má tá tú ag smaoineamh faoi fhilleadh ar ais ar an bPolainn, déan cinnte de go dtabharfaidh tú cuairt ar láithreán gréasáin an fheachtais. Beidh foireann Zielona Linia sásta freagra a thabhairt ar aon cheisteanna atá agat trí ríomhphost nó thar an líne fhaisnéise phoiblí (uimh. 19524). Ná déan dearmad coinneáil ar an eolas faoin bhfaisnéis a chuireann an ghníomhaireacht ar fáil ar Facebook. Moltar duit súil freisin a chaitheamh ar na leideanna luachmhara, ar an gcomhairle agus ar na físeáin úsáideacha a chuirtear ar fáil. An bhfuil ceisteanna agat go fóill? Glac páirt sna seisiúin cheisteanna agus freagraí a shruthaítear go beo ar an Déardaoin deiridh den mhí ar leathanach na gníomhaireachta ar Facebook, áit a bhfaighidh tú na freagraí uile atá á lorg agat!

Le cúnamh ó Sheirbhís Fostaíochta Poiblí na Polainne, is iad sin na cineálacha dúshlán ar mhaith le EURES – an Pholainn iad a shárú le feachtais den sórt seo. Tá sé mar aidhm aige ardán níos inrochtana a thabhairt d’fhillithe Polannacha, rud lena gcumasófar dóibh cinntí eolacha a dhéanamh agus teacht ar fhaisnéis thráthúil shaineolach ó ghairmithe tiomanta agus ó fhillithe ar chabhraigh EURES leo cheana féin.

 

Naisc ghaolmhara:

Zielona linia, Seirbhísí Fostaíochta Poiblí na Polainne

An feachtas “An bhfuil tú ag filleadh ar ais ar an bPolainn?”

Rannán tiomnaithe ar líne d’agallaimh le fillithe Polannacha agus de theistiméireachtaí ó fhillithe Polannacha

Leathanach an fheachtais ar Facebook

Staidéar Idirnáisiúnta ar na Dúshláin a bhaineann le Filleadh Abhaile - ‘Reverse Culture Shock’

 

Léigh tuilleadh:

Aimsigh Comhairleoir EURES

Dálaí oibre agus maireachtála i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

EURES ar Google+

Ábhair
  • Cleachtas is fearr EURES
  • oiliúint EURES
  • Nuacht inmheánach EURES
  • Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
  • Na meáin shóisialta
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.